126
AN GAOḊAL
GLÓR NA CUAIĊE.
Leis an nGaḃar Donn.
Do ċualas glór na cuaiċ' um nóin
Ag cantann measg na gcrann,
Do ruaig sé uaim geur-ṗian an ḃróin
Le suairceas glórṁar glan.
Le suairceas glórṁar glan a glóir
Do líon sí mé astiġ;
Óir ṡeinn sí — tá an an aimsir ċóir
Ag teaċt, tóg suas do ċroiḋe; —
Tóg suas do ċroiḋe, a ḟir, óir tá
Na bláṫa 'teaċt go luaṫ !
Béiḋ eudan críon na talṁan breáġ
Le glóir na mbláiṫín nuaḋ.
Le glóir na mbláṫ béiḋ cnoc a's gleann
Ag deallraḋ fós faoi 'n ngréin,
Béiḋ glóir ar mullaċaiḃ na mbeann;
Tóg suas do ġuṫ go treun.
Tóg suas do ġuṫ ċum Dé na ndúl,
Is dó is dual gaċ rann.
Seinn dó, 's é solus sáṁ do ṡúl
'S an am trioblóideaċ, teann.
'S an am trioblóideaċ béiḋ a ġráḋ
Do ḋideann daingeann treun,
Béiḋ sé id' ċuideaċt-sa gaċ lá;
Seinneóċad dó mé-féin.
Seinneóċad dó mé féin, a ḟir!
Tá an saṁraḋ geal ag teaċt,
Béiḋ ġaṫ na gréine ar an muir
Béiḋ brón annsin faoi smaċt!
FONN — Eiḃlín a Rúin.
Éirinn, tá deora 'gus smigeaḋa do ṡúl
Mar boġa-uisge cumṫar as measgaḋ
na ndúl
Lonnraċ trí ċáise deor,
Brónaċ lár sians' go leor,
Tá do ġrianta fá ḋuḃan mór
Ag éiriġe gaċ lá.
Éirinn, ní tiormóċar do ċiúin deor go
deo;
Éirinn, ní buan ḃeiḋeas do lag-ġáire
[beo;
Go raḃ gaċ daṫ fá réir
An aoinḟeaċt le cur go léir,
'S aig déanaḋ mar ṫuaġ na spéir
Bóġa síoṫċáin gaċ tráṫ.
