130
AN GAOḊAL.
— "Is furas le feicsint creud a ṁain¬
feas le talaṁ aṫar nuair a ġeoḃaiḋ
an seanḟear bás. Riṫfiḋ an mac ṫríd
in aon bliaḋain aṁáin."
Ḃiḋeaḋ sé i gcóṁnuiḋe ag cearr¬
ḃaċas, ag imirt cárda, & ag ól, ach níor
ċuir aṫair aon truim ann a ḋroċ ḃeus¬
aiḃ & níor smaċtuiġ sé ariaṁ é. Aċt
aon lá aṁáin ċualaiḋ sé gur ṁill sé
cliú cailín óg do ḃí ins an áit sin, agus
ṫainic fearg air an tseanḟear, & ġlaoḋ
sé a ṁac ċuige féin, & laḃair sé leis
go cóir, ciúin, ciallṁar. "A ṁic," ar
sé, "tá 's agad go raḃ gráḋ mór agam
ort go dtí seo, & níor ċoisg mé ṫú bé
rud do rinne tú, & ċongḃaiġ mé airgiod
go leor leat, ḃí súil agam an teaċ &
an talaṁ seo & mo ṁaoin uile d'ḟáġ¬
ḃáil agad-sa i ndiaiḋ mo ḃáis, aċ ċual¬
aiḋ mé sgeul dod' ṫaoḃ go déiġionaċ
do ċuir gráin & deistion orm, Ní ṫig
liom innsint duit an brón a ḃí orm a
leiṫeid sin de rud a ċlos, & innsuiġim
duit anois go soiléir muna bpósfaiḋ
tú an cailín sin fágfaiḋ mé mo ṫalaṁ
& mo ṁaoin ag mac do ḋearḃḃráṫar.
Ní ṫig liom a ḃ'ḟágḃáil ag duine do
ḋeunfas úsáid díoḃ ċo h-olc sin & do
ḋeunfá-sa, ag meallaḋ na mban & ag
breugaḋ na gcailín. Socruiġ leat féin
anoċt an bpósa tú an óigḃean sin & mo
ṫalaṁ uile d'ḟágail mar spré léiṫe, no
an ndiúltóċaiḋ tú í, & d'oiġreaċt do
ċailleaṁain, & innis dam air maidin
cia acu de 'n dá rud do ṫoġ tú."
"Oċ damnaḋ síorruiḋe! a aṫair, ní
ḋeunṫá sin; ceud míle mallaċt, ní
ḋeunṫá sin do ṁac atá ċo maiṫ & atá
mise! Cia duḃairt leat naċ bpósfainn
an cailín?" Aċ ḃí an t-aṫair imṫiġṫe
Ḃí ḟios go ṁaiṫ ag an mbuaċaill go
gcoiṁeudfaḋ sé a ġeallaḋ, & ḃí buaiḋ¬
reaḋ mór air a inntinn, mar, ciḋ go
raḃ a aṫair socair, cineálta leis, níor
ḃris sé a ḟocal ariaṁ nuair duḃairt
sé rud aon uair aṁáin, & ní raḃ duine
ins an dtír do buḋ do-lúbṫa ná é.
Ní raḃ ḟios go ceart ag an mbuaċ¬
aill creud ḋeunfaḋ sé. Ḃí sé i ngráḋ
go deiṁin leis an gcailín & ḃí súil aige
a pósaḋ am éigin aċ b'ḟeárr leis fan¬
aṁuint tamall & leanaṁuint d'a ṡean-
oibreaċaiḃ le seal eile, ag ól, ag spórt
agus ag imirt; agus, ċor leis sin, ċuir
sé fearg air go n-ordóċaḋ a aṫair dó
a pófaḋ, & go mbagaireoċaḋ sé é.
"Naċ mór an t-amadán m'aṫair," a
duḃairt sé leis féin, "Ḃí mé réiḋ go
leor an ġeirseaċ do ṗósaḋ & anois
ċuir sé bagairt orm tá rún mór agam
a fágḃáil mar tá sí."
Ḃí inntinn corruiġṫe go mór, & d'ḟan
sé eidir ḋá ċóṁairle cad do ḋeun¬
faḋ sé. Ṡiuḃal sé amaċ ins an oiḋċe
ar deire, le súil a ċeann teiṫ ḟuaraḋ,
& ċuaiḋ sé ar an mbóṫar. Las sé a
ṗíopa, & mar ḃí an oiḋċe breáġ, ṡiuḃ¬
al sé & ṡiuḃal sé súil go ndearmadfaḋ
sé an brón a ḃí air, leis an spaisteoir¬
eaċt luaṫ. Ḃí an oiḋċe geal & an geal¬
aċ leaṫ-lán.
Ní raḃ anáil gaoiṫe ag séideaḋ, & ḃí
an t-aer ciúin & bog. Ṡiuḃal sé air
aġaiḋ le trí uairiḃ, no mar sin, nuair
ċuiṁniġ sé go raḃ sé deiġionaċ 'san n-
oiḋċe, & go mbuḋ ċóir dó iompóḋ. D'
ionntaiġ sé le filleaḋ a ḃaile, in sin, &
iongantas air an ġealaċ d'ḟeicsint
ċo h-árd sin 'san spéir "Maiseaḋ!
saoilim gur ḋearmad mé mé féin," ar
seisean, "caiṫfiḋ sé ḃeiṫ ṫar an mea-
ḋon-oiḋċe anois."
Is ar éigin duḃairt sé an focal nuair
(Le ḃeiṫ leanta.)
The readers of THE GAEL will learn with reg¬
ret the death of Mr. Thomas Callahan, President
of The O'Growney Gaelic League, New Haven,
Connecticut. It would take pages of the Gael to
recount Brother Callahan’s labors in the Gaelic
cause, the Home Rule cause, the Church cause,
and every other cause tending to elevate the con¬
dition of his native land. We know of but one
man who could write a history of the life of Bro¬
ther Callahan — Major Maher, his co-laborer in all
undertakings.
Mr. Callahan was a native of Co. Waterford,
near Clonmel, Ireland, but resided in New Haven
for over 50 years ; he was one of the sweetest and
most correct Gaelic speakers we ever heard.
Go dtugaiḋ Dia suaiṁneas síorr¬
uiḋ ⁊ ríoġaċt na ḃflaiṫis d'a anam.
Ámén.
