AN GAOḊAL,
131
St Agnes. Hospital, Phila. Pa July 8. '98.
M. J. Ó'Lóċáin. —
A Ċaraid fíor, — Seo aḃrán eile de ċuid Ṗeadair
Ḃreaṫnaiġ, a fuair mé ó Róise Ní Ġallaċóir as an Duḃċa¬
raiḋ agus ó Ḃrian O'Diarmuid as na Gleannta a g-Con¬
dae Dún-na-nGall.
Air ḋul do Ṗeadar go Beallaċ-na-gCreaċ le ball in¬
teaċt éadaiġ a ḋeunaḋ, níor ṫug sé leis an t-snáṫad a
d-fóirfeaḋ ḋo'n obair a fuair sé in sin roiṁe. Ċuir sé
teaċtaire ans air Ṫaḋag O'Tiománaiḋ a gCnoc Leitre le
iasaċt snáṫaide a ḟáġail. Ċuir Taḋag ḋá ċeann ċuige
ann áit ċeann aṁáin. Ḟad a's ḃí Peadar 'na ṡuiḋe a
fuaiġeáil an éadaiġ rinne sé an t-aḃrán seo a molaḋ
Mac Uí Ṫiománaiḋ.
Doṁnall O'Murċaḋa.
táilliúr eile
ḃí na ċoṁnaiḋ
go ḃfuiġeaḋ se
uaiḋ
aon ċeañ aṁain
TAḊAG O'TIOMÁNAIĠ.
Saoġal fada agus séan go ḃ-fáġ' tusa, a Ṫaḋaig,
Is tú a ṡeasuiġ doṁ an ḃuaiḋ 's mé air coisgriġ go fíor,
Gan agam mo ġléas a m-bogfainn mo ṁéar,
Mar n-imṫeoġainn mar éan 's tiontóġ arais a ġaoṫ:
Tráṫ a ċualaiḋ an tréan-ḟear soineanta, céimiuṁail,
Mise a ḃeiṫ a b-péin 's mo ċróiḋ-iarann caol,
'Sé duḃairt sé go céilliḋ; "Taḃair cuige an péire,
Glacaḋ sé a raeġa 's taḃair ċugam-sa an díoġa."
Is aoiḃinn do 'n spéir-ḃean a ṫiteas air Ṫaḋag,
Ní h-iogal diṫ buaiḋreaḋ, torsa ná cúṁaiḋ,
'Sé ṡílim féin gur duine ro-naoṁṫa é,
A ṫainic ann a' t-saoġal lé seasaḋ ḋó 'n tír;
'Sé deir a ċléir gaċ bealaċ ḋ'a m-biḋim.
Má ṫig a' "Repéal" go m-béiḋ sé 'na riġ,
'S má ġeiḃ Taḋag a' ċéim sin, stadfaiḋ mé an ċeird seo
Agus posta níos tréine glacfaiḋ mé faoi.
Ṗeadar Breaṫnaċ, an táilliúr.
cct.
sway — i g-coig.
séiṁiḋ
cró-
le
ṡílim sa
d-téiḋim-sa
Seinnéid
Leis an nGaḃar Donn
Síor-ċluinim ṫú — ní'l fuaim faoi neaṁ is binne
'Ná fuaim do ġlóir — tá sólás mór im' ċroíḋe-se,
Ó ċualas tú ag laḃairt; ó ḟacas tú im' ṡlíġ-se;
Ó 'n am 'n ar ṁoṫuiġeas gráḋ do ċroíḋe 'n a ḃuinne
Ag teaċt lán d'aṫar ċugam; A ḃean is glinne!
Ní'l rud aċt sóġ a's sólás sáṁ 'n a luiḋe-se
Mar ḃláṫ deas os mo ċóṁair; ní'l rud dom' ċlaoiḋe-se!
Gan tú is suaraċ liom a ḃ-fuil 's an gcruinne!
Nuair ḃiḋim liom féin ag maċtnaṁ ins an oíġċe,
'S é sin an t-am 'n a ċluinnim fuaim do ġoṫa;
Ċóṁ binn le ceol na n-eun i lár na críċe;
A's feicim as an duiḃe dealḃ do ċroṫa
D'a cumaḋ ḋam mar líl; fan agam ċoíḋċe;
S tú smigeaḋ suairc na gréin ar aġaiḋ an tsroṫa !
