132.
AN GAOḊAL
Fírinn Agus Filiḋeaċt. — Fonn, Táiliúr an Ṁagaidh, aċt ní magaḋ no breug
mo ḋán. Le Maitias Ua Guairiam, agus na raiḃ maiṫ na fad saoġail aig
an náṁaid anns gcaṫair taoḃ ṫáll de 'n tsruṫ. Agus go mairiḋ An Gaoḋal
go bráṫ, oir ní'l sé claon ċum Ġaeḋilge Cúiguaċ.
Is duine botċt cneasta mé,
Ní ġráḋuiġim ór na maoin,
Is anaṁ a d-tiġ leannḋa mé —
Ní ṡántuiġim beoir no fíon;
Is neaṁ-Ġallda a d-teanga mé —
Ní ċaitiġim an Béarla claon,
Is ball de 'n t-sean scoil mé —
'Sí an Ġaeḋilge go bráṫ mo ṁíon.
Anuair éiriġim air maidin,
Taréis suaiṁnis go sáiṁ san oiḋċ'
Abraim mo ṗaidir,
Óir cleaċtaim an gnás gan sgiġ,
Cluinim Gaeḋilge na Banba
D'a canaḋ mar ċeolta siġiḋ;
Agus is Éireannaċ meata
Naċ d-tóigeaċ an ḟuaim a ċroiḋe.
Do ċaiṫeas seal fada
Aig taḃairt teagasg do Éireannuiġ
Le dúil Gaeḋilge na Banḃa
Do ċanaḋ go deo gan sgiġ;
Ní ḃ-fóir mé buiḋeaċas no beannaċt,
Aċt aiṫis s eirġe ṡliġe —
B' ḟeárr leo gleacuiḋeaċt laḃairt
Sacs-ċaint 's ag ól na diġe.
Seaċniġim gaċ gleocuiḋe 'gus
Bladaire mealltaċ, mín,
A g-cian no aig baile ní ġlacaḋ
Iad go bráṫ mo ṗiġinn;
An té naċ d-tugann fíor-ġráḋ carad
Gan spaspas do 'n Ġaeḋilge ḃinn,
Ní feárr iona ṡeasa é
'Ná sínte air ċúl a ċinn.
Ní ḃ-fuil Gaeḋilge Naoṁ Ṗádraic
Ná briaṫra ag triall ṫar tuinn —
An t-sean Ġaeḋilge ársa
Atá lán-ḟoclaċ, ceolṁar, binn;
No gean-Ġaeḋilge Gráinne,
Ṫug deáġ-ṫagasg ⁊ gráḋ d'a clainn,
Aċt an Sacs-Béarla ull-ġránna
Na náṁad d'ḟág Éire tinn
Tá an Ġaeḋilge aig agairt 's
D'ar spreaga le briaṫra grinn,
Tá Gaoiḋil aig freagairt air talaṁ,
Air tráiġ 's air tuinn;
Tá cléir agus sagairt taḃairt aire
