136
AN GAOḊAL.
An ḃ-Fuil Tú Marḃ Go Léir ?
Leis an nGaḃar Donn.
An ḃ-fuil tú marḃ go léir, a ṫír na naoṁ?
An ḃ-fuil do spioraid briste fós faoi ḋeire?
Buḋ ṁór, buḋ ġlórṁar, trá, do ċliú, do sgéiṁ,
Buḋ ġlan ġlinn, ġlonraċ, trá, gnúis do spéire.
An ḃ-fuil tú marḃ go léir, a ṫír na laoċ?
An ríġin go geur ? a ṫír, a ṫroid go treunṁar,
Tá 'n saṁraḋ againn fós — óir cluinim sgreuċ
Na ḃ fainleog. Oċ! cuir ḋíot do ḃrataċ leunṁar.
An ḃ-fuil tú marḃ go léir, a ṫír na suaḋ?
Naċ cuiṁin leat an t-am — sean am do ġlóire?
'N a raiḃ tú cúṁaċtaċ i gcleasaiḃ druaḋ
'N a lean na náisiún uile lorg a dtreoire?
An ḃ-fuil tú marḃ go léir ? a ṫír na ndán?
An ḃ-fuil do neart d'a dreoġaḋ tré ṁeud do leisge?
An fearr led' ṁacaiḃ ḃeiṫ ó ṁaidin ḃáin
Go h-oiḋċe liaṫ d'a súgraḋ féin le gráḋ, 's le meisge
An ḃ-fuil tú marḃ go léir, a ṫír na saor?
A teilg ar leiṫ uait cuing na daoirse duiḃe,
Tóg suas do ġuṫ; béir ar do lann mór geur
Buail síos do nám go bráṫ ó spéir a neiṁe!
An ḃ-fuil tú marḃ go léir, a ṫír na n-óiġ?
Buḋ ṁór do ġlóir nuair ḃí gaċ ceall lán daoine
Ag molaḋ Dé na ndúl gan sgiṫ, gan feoiġ,
Naċ doiṁin tá id' eudan airiṁ gaċ líne.
Ní marḃ go léir, ní ḃéiḋ tú marḃ go deo,
Éireóċaiḋ tú go glórṁar fós, béiḋ saoirse
Ag teaċt ar ais mar ṡaṁraḋ ṫ'réis an reo
A's feicfead ṫú faoi ġlóir arís, mo ṫír-se.
Ní marḃ go léir! tá teanga ċaoin na nGaoḋal
Faoi onóir ṁóir 'n ar measg, éist! seinntear
Binn-ċeol na nGaoḋal, an ceol is fearr 's an tsaoġal !
Tá iad araon faoi ċliú 'rís ag ar muintear!
Ní marḃ go léir! ní ḃéiḋ sí marḃ ar fad,
Tá spioraid nuaḋ ag teaċt arís 'n ar dtír-se;
Is rún liom Éire d'ḟeicsint 'rís gan gad,
A's béiḋ sí saor arís le caḃair an Tiġearna.
