2
AN GAOḊAL.
níor riṫ an ḟuil in a ċuisleannaiḃ
nuair ṫainic sean-ḟirín beag liaṫ suas
ċuige, & duḃairt leis,
"Taiḋg ui Ċaṫáin, naċ áḋaṁuil do
casaḋ orrainn ṫú?"
Níor ḟeud Taḋg boċt focal ar biṫ a
ṫaḃairt amaċ; ní ḟeudfaḋ sé a ḃeul d
ḟosgailt dá ḃ-fáġfaḋ sé 'n doṁan, &
níor ḟreagair sé focal.
"A Ṫaiḋg ui Ċaṫáin," ar san firín
beag liaṫ arís, "naċ tráṫaṁuil do cas¬
aḋ orrainn tú?"
Níor ḟeud Taḋg aon ḟreagairt ṫaḃ¬
airt ḋó.
"A Ṫaiḋg ui Ċaṫáin," ar sé an trío¬
ṁaḋ uair, "naċ áḋaṁuil é, & naċ tráṫ¬
aṁuil é do casaḋ orrainn ṫú?"
Aċ d'ḟan Taḋg boċt n-a ṫost, mar
ḃí faitċíos air freagairt do ṫaḃairt
dóiḃ, & ḃí a ṫeanga aṁuil a's ḃeiḋeaḋ
sí ceangailte le carbad a ḃéil.
D'ionntaiġ an firín beag liaṫ d'a
ċompánaiġiḃ & ḃí luṫġáir in a ṡúiliḃ
beaga geala, & "Nois," a duḃairt sé,
"ní'l focal ag Taḋg o Caṫáin; tig linn
deunaḋ leis mar is maiṫ linn. A Ṫaiḋg
A Ṫaiḋg," ar sé, " tá tú ag caṫaḋ
droċ-ḃeaṫa & tig linn sgláḃuiḋ ḋeunaḋ
ḋíot anois, & ní ṫig leat-sa cur 'nnar
n-aġaiḋ ; ní'l aon ṁaiṫ duit ann. Tá
cuṁaċt againn ort. Tóg an corpán
sin."
Ḃí Taḋg ċo sganruiġṫe sin gur b'air
éigin leig sé an dá ḟocal so as a ḃeul,
"ní ṫógfad," ar sé, mar d'a ṁeud a
sganraḋ, ḃí a ċroiḋe gcoṁnuiḋe roiġ-
in & do-lúbṫa.
"Ní ṫóigfiḋ Taḋg o Caṫain an corp¬
án," ar an fírín beag le gáire millteaċ
mar ṫorann glaic cipín tirm agus iad
d'a mbriseaḋ & le glór beag garḃ mar
bualaḋ cloige do ḃí sgoilte. "Cuiriḋ
d'ḟiaċaiḃ air a ṫógḃáil. Agus sul do
ḃí an focal as a ḃeul ċruinniḋ siad ui¬
le timċioll Ṫaiḋg boiċt, & iad uile ag
caint & ag gáire ṫré n-a ċéile. Rinne
Taḋg feuċaint le riṫ uaṫa, aċ leanad¬
ar é, & ṡín fear a ċos amaċ eidir a
ḋá lorgain & leagaḋ síos é air an m¬
bóṫar, ann a ṗraiseaċ. Sul d'ḟeud sé
éiriġe arís, rug na siḋeoga air, cuid
aca ar a láṁaiḃ & cuid ar ċósaiḃ, 'gus
ċongḃaig siad go daingean é, i rioċt
nár ḟeud sé corruġaḋ, & a eudan leis
an talaṁ.
Ṫóig seisear nó ṁórseisear acu an
corpán in sin, & ṫarraing siad análl
ċuige é; & d'árduiġ siad ar a ṁuin é;
ḃí brollaċ an ċorpáin fáisgṫe le n- a
ḋruim féin, & ċuir siad ḋá riġ an ċor¬
páin sin timċioll a ṁuinéil féin. Ṡeas
siad ar ais uaiḋ cúpla slat in sin &
leig siad ḋó éiriġe suas. Do ġaḃ sé
ag cur cúḃair ḋe & ag eascuine, agus
ċraiṫ sé é ḟéin, mar ṡaoil sé 'n corp¬
án do ṫeilgint uaiḋ. Aċt buḋ ṁór a
eagla & a iongantais nuair fuair sé go
raḃ greim daingean ag ḋá riġ an ċuirp
timċioll ar a ṁuineul, & go raḃ a ḋá
ċois ag fásga a leasraċa go teann, &
níor ḟeud sé a ċaṫaḋ ḋé féin d'a láid-
reaċt a ḟeuċaint Ḃí fíoreagla air in
sin, & ṡaoil sé go raḃ sé caillte.
"Oċón go deó!" ar sé, "is sé an
droċ-ḃeaṫa atá mé ag caṫaḋ a ṫug an
cúṁaċt seo do na daoine maiṫe orm.
Geallaim do Ḋia & do ṀMuire do Ṗea-
dar & do Ṗól, do Ṁarcus & do Eóin,
& móidim go leasóċaiḋ mé m'anam & a
ḃfuil róṁam dom ṡaoġal, má ḟáġ' mé
teaċt saor as an ngáḋ so. Agus pós¬
faiḋ mé Máire."
Ṫainic an firín beag liaṫ suas leis
arís & duḃairt sé leis,
"'Nois, a Ṫaiḋg!" ar sé, "níor ṫóig
tú an corpán nuair dúḃairt mé leat
a ṫógḃáil, & b'éigin duit a ṫógḃáil; b'
ḟéidir nuair deirim leat a ċur ní ċuir¬
fiḋ tú é, nó go mbuḋ éigin duit!"
Rud ar biṫ a ṫig liom a ḋeunaṁ do
d' onóir," ar Taḋg, "deunfaiḋ mé é,"
mar ḃí sé fáġail céille ċeana, & muna
raḃ eagla áiḋḃeul air, ní leigfeaḋ sé 'n
focal siḃialta sin as a ḃeul go bráċ.
Rinne an firín beag sórt gáire arís.
"Tá tú 'g éiriġe socair anois, a
Ṫaiḋg," ar sé. "Mise mo ḃannaiḋ," ar
sé, "aċ béiḋ tú soċair sul atá mise
réiḋ leat.
"Éist liom anois a Ṫaiḋg ui Ċaṫáin
& muna n-úṁlaiġiḋ tú d'a ḃfuil mé
ráḋ leat béiḋ aiṫreaċas ort — bu
