AN GAOOAL.
3
mise leat é. Caiṫfiḋ tú an corpán so
atá ar do ṁuin iomċar leat go team¬
poll Démuis, & caiṫfiḋ tú a ḃreiṫ as¬
teaċ in san dteampoll leat, & uaiġ do
ḋeunaṁ ḋó gceart-lar an teampuill, &
caiṫfiḋ tú na leaca ṫógḃáil, & a gcur
síos arís an ċaoi ċeudna, & caiṫfiḋ tú
an ċréafóg iomċar amaċ as an dteam¬
poll & an áit ḟágḃáil mar fuair tú í, i
rioċd naċ n-aiṫneoċaiḋ aonduine go
raḃ rud ar biṫ aṫruiġṫe ann. Aċt ní
h-é sin an t-iomlán. B'ḟéidir naċ leig¬
fiḋear duit an corp do ċur ins an d-
teampoll sin; b'ḟéidir go ḃ-fuill an
leabaḋ sin ag fear eile, agus má tá, 's
cosṁúil naċ roinnfiḋ sé leis an g-corp
so é. Muna ḃfáġ' tú cead a ċur i d¬
Teampoll Démuis, caiṫfiḋ tú a ḃreiṫ
leat go Carraig-fad-ṁic-Ḟeórais agus
a ċur ins an gcill in sin. Muna ḃfáġ-
aiḋ tú dul asteaċ ins an áit sin, beir
leat go Teampoll Ronáin é, & má tá 'n
cill sin druidte ort beir go h-Imleog-
fada é & muna dtiucfaiḋ leat a ċur
in sin ní'l agad níos mó le deunaṁ aċ
a ḃreiṫ go Cill-Ḃríde & cuirfiḋ tú ann
sin é gan ḃaca gan ḃárraḋ.
Ní ḟeudaim innsint duit anois cad
é an ċill in a ḃfuiġiḋ tú cead an corp¬
án do leigint faoi 'n gcréafóig, tá ḟios
agam go leigfiġear duit a ḟágḃáil a d¬
teampoll éigin aca. Má ġniḋ tú an o¬
bair seo go ceart béiḋmíd an ḃuiḋeaċ
díot, & ní ḃéiḋ aon áḋḃar bróin ort-
sa mar ġeall ar do ṫrioblóid, aċt má
tá tú leisgeaṁuil & mall, creid mise,
go mbainfimíd ar sásuġaḋ asaḋ."
Nuair a ċríoċniḋ an firín liaṫ a la¬
ḃairt, leig a ċomráidiḋ gáire asta &
ḃuail siad a mbosa le ċéile. "Glic!
glic! hui! hui!" ar siad, "bí ag imṫeaċt
tá oċt n-uaire roṁat anois sul a ḃris-
fiḋ an lá, & muna ḃfuil an fear seo
curṫa agad sul éireoċaiḋ an ġrian tá
tú caillte."
Ḃuail siad dorn ar ḋruim agus cos
ar a ṫóin & ṫiomáin siad ar aġaiḋ ins
an mbóṫar é. B'éigin do siuḃal & ṡiuḃal
go luaṫ, mar naċ dtug siad aon
sgiṫ ḋó.
Ṡíl sé féin naċ raḃ cosán fliuċ, bóiṫ¬
rín salaċ, nó bealaċ cam, cnapaċ, con¬
trálta ins san gcondae nár ṡiuḃal sé
an oiḋċe sin.
Nuair ṫigeaḋ smúid ar an ngealaiġ
do ḃiḋeaḋ an oiḋċe air uairiḃ an ḋor¬
ċa, & ṫuiteaḋ sé go minic. Ar uairiḃ
ġortuiġ sé é féin agus ar uairiḃ ṫáin¬
ic sé saor; aċ b' éigin dó éiriġe ar an
móimeud agus deifir ṁór a ḋeunaṁ,
cor uair do ḃriseaċ an ġealaċ a¬
maċ go geal, agus in sin ḋearca sé 'na
ḋiaiḋ & d'ḟeiceaḋ sé na daoine beaga
'ġá leanaṁuint ar a ċúl, agus ċualaiḋ
sé iad ag caint agus ag cóṁráḋ eat¬
orra féin, ag béiceaḋ agus ag sgread¬
aoil mar ealta faoileán, agus dá saor¬
faḋ sé a anam nior ṫuig sé aon ḟocal
d'a raḃ siad ag ráḋ. Ní raḃ ḟios aige
cá ḟad do ṡiuḃal sé, nuair ġlaoḋ ceann
aca leis "fan in seo." Ṡeas seisean,
agus ċruinniġ siad uile 'na ṫimċioll.
"An ḃfeiceann tú na sean-ċrainn
seargṫa sin?" ar san sean-ḃuaċaill
liaṫ leis, "is ameasg na gcrann sin tá
Teampoll Démuis, agus caiṫfiḋ tú ḋul
asteaċ ann anois, ach ní ṫig linne a ḋul
leat. Caiṫfiḋ muid-ne d'ḟágail in seo.
Téiḋ ar d'aġaiḋ, agus bí dána."
Ḋearc Taḋg uaiḋ agus ċonnairc sé
balla árd a ḃí leáṫ-ḃriste, i n-áiteaċ¬
aiḃ, agus sean-teampoll liaṫ taoḃ as¬
tiġ de 'n ḃalla, agus bunáite duisín
sean-ċrainn seargṫa scapṫa anonn a's
análl ṫríd an gcill. Ní raḃ bláṫ nó
duilleog orra aċ ḃí a sean-ġeugáin sín¬
te amaċ mar láṁa duine ar feirg a
ḃí ag bagairt. Ní raḃ aon neart aige
air; b'éigin do siuḃal. Ḃí sé cúpla ceud
slat ó 'n dteampoll, agus níor ḋearc
sé in a ḋiaiġ no go dtainic sé go geat¬
a na Cille. Ḃí an sean-ġeata leagṫa
agus níor ḟuair sé aon ḃaca dul as¬
teaċ. D'iontaiġ sé in sin le feicsint
an raḃ na daoine beaga ġ'a leanaṁuiet
aċ ḃí smúid ar an ngealaiġ & an oiḋċe
dorċa & níor ḟeud sé dada ḟeicsint.
Ċuaiḋ sé asteaċ in san gCill agus
ṡiuḃal sé an sean-ċosán feurṁar, do
ḃí dul suas ċum an teampoill. Nuair
(Le ḃeiṫ leanta.)
