4
AN GAOḊAL
A ḂÁIS MÍO-NÁDÚRṪA.
A ḃáis mío-nádúrṫa! ċím do neart
Ó ṫáinic mé isteaċ do 'n t-saoġal,
Aċt má leanaim díreaċ an t-slíġe ċeart
Do m' anam aon duḃaċ ní baoġal.
Is óġ do rinnis díom dílleaċtaiḋe
Nuair rugais mo ṡinsir uaim;
Ciḋ gur an-ḃeag 'na ndiaiḋ ḃí mo ċaoi,
Níor ċuireas ann puinn de ṡuaim.
Mo ḋearḃḃráṫair Padraic, an buaċaill breáġ,
'Gus mo ḋeirḃṡiúr, Máire ṡéiṁ,
Do ṁairḃis iad le gort agus gáḋ,
'Gus d'ḟágḃais a ndreaċ gan sgéiṁ.
Cuireaḋ iad i bparáisde Cill-Ċroċáin,
I mainistir Aċaiḋ Ṁóir,
Le taoḃ na tuinne ag Dair Ḟionáin,
I reilig a sinsear ċóir.
Do riṫeas, monuar! ó Inis Fáil,
Nuair ḋearcas le brón do loaṁ;
Óir ní raiḃ am ċumas buaiḋ ort d'ḟáġail
Le Sasana ar do ṫaoḃ.
Aċt do leanais mé análl tar sáil
'Gus ċuiris i n-uṁail do réim;
Ní raiḃ aon ṁaiṫeas dom dul ód' ḋáil
Nó teiṫeaḋ aon lá ód' ḃéim.
Rugais leat mo ṫriúr deas mac,
'Gus 'na ndiaiḋ mo ḋís inġean;
Tá an cúigear agad ṡíos faoi leac
'Gus mise go duḃaċ lem' ḃuíḋean.
Ḃainis di urlaḃra a béil,
'Gus as a taoḃ deas a lúṫ;
Níor ḟágais aici aon ċuid d'a céill;
Do líon sin go léir mo ċuṁa.
Sin é an buille is troime fós
Do ṫug tú ḋom aṫruġaḋ ndé;
Mo ċéile ġeanaṁuil gan aon droċ-nós
Do rugais leo faoi an gcré.
Anois, a Ḃáis, táim ullaṁ le teaċt;
Is cuma liom ḋeas nó ṫuaiḋ;
Cóiṁlíonfad aiṫeanta Dé 's a reaċt
Ċum go sínfear mé san uaiġ.
'Gus tá mo ḋóċas le dul ar neaṁ
Is ḃeiṫ i ríoġaċt Dé go deó;
Ní ḃfáġaim ins an tsaoġal so aċt baois leaṁ,
Caṫuġaḋ anaċraċ 'gus gleó.
10 Feaḃra, '90.
Aṁlaoiḃ Ua Súilleaḃáin.
