AN GAOḊAL
5
THE STAR SPANGLED BANNER.
(An Ḃrataċ Ġealréaltaċ.)
Translated for the Gaelic Societies and Students of the
United States.
O abair, an léir duit, lé fáinne an lae,
An ḃrataċ ḃí 'n áirde lé tuitim na h-oiḋċe?
Tríd an ċaṫ ḃí na riaḃa 's na réalta geal-ġlé
Agá luasgaḋ go h-uasal, 's ag misniuġaḋ ar gcroiḋṫe;
Is ar imṫeaċt do 'n ló, níor ġéill sí go deo
Aċt a caor-ṫeinte ag pléasgaḋ 'sna spéarṫaiḃ le gleo!
O abair, ḃfuil an ḃrataċ ġealréaltaċ go síor
Os cionn tíre na gcróḋa is talaiṁ na saor?
Ar an tráiġ ṫall, go doiléir lár ceóṫa na dtonn,
Tá sluaġ borb Sacsan go gruamḋa 'na luiġe;
Caidé siud ar an árd ṫuas, ar luasgaḋ anonn,
Is dá ċeilt is dá ṫaisbeaint, réir aṫruġaḋ na gaoiṫe?
'Nois tá solus na gréin' a' lonnraḋ air go tréan!
'Nois is léir dom a sgáile 'san tuinn — féaċ í féin!
Sí an ḂRATAĊ ĠEALRÉALTAĊ, go raiḃ sí go síor
Ós cionn tíre na gcróḋa is talaiṁ na saor!
Is cad d'éiriġ do'n drong úd ṫug mionna go teann
Go ḃfágfaḋ gan tír sinn, gan árus 'na ṡeasaṁ,
Is go dtiuḃraidís léan leo, is leaṫtrom is lann?
O! do sgrios a gcuid fola rian gránna a gcosa.
Ní'l cara ná cáil aig fealltóir ná tráill,
San uaigneas, san uaiġ, ní'l a ḃfosgaḋ lé faġáil!
'S tá an ḃrataċ ġealréaltaċ go buaḋaċ 's go síor
Ós cionn tíre na gcróḋa is talaiṁ na saor!
Gur ab aṁlaiḋ go bráṫ, nuair ṡeasfas na laoiċ
Idir sluaġ na naṁad is árus a gcloinne;
'S go raiḃ altuġaḋ is glóir d'Aṫair Buaiḋe is Síṫ
A ṫug Dúṫaiġ Uaiḋ féin dúinn, go deireaḋ na cruinne!
Beiḋ raṫ ar ar neart, mar tá linne an Ceart
Is tá dóṫċas ar gcroiḋṫe as Dia na ḃfeart!
'S beiḋ an ḃrataċ ġealréaltaċ go buaḋaċ go síor
Ós cionn tíre na gcróḋa is talaiṁ na saor.
E O G
aṁna.
Féac
Vol XII. l. 140.
