AN GAOḊAL
7
TEAĊDAIREAĊT na SIĠEOIGE,
Leis an "Iarṫarórḋa."
Ḃí siġeóg dob' annsa, ag caoineaḋ go ceannsa,
Faoi neultaiḃ na neiṁe 's ba cráiḋte a croiḋe,
Ḃí a Gaeḋilig ġlan-ġráḋaṁuil ag eugaḋ neaṁṫráṫaṁuil,
S níor ṁaiṫ leis an t-siġeóg a teanga ḋul faoi.
Le na aingil árdċruṫaiġe caoṁ-aillne lán luaiṫe,
Ag molaḋ go múirneaċ faoi ċaṫaoir an Rioġ,
'S le Peadar, prioṁ-ṫoġaḋ ag seinm rann roġaḋ,
Nár ṫruaġ, go deiṁin, a teanga ḋul faoi?
As a ċaṫaoir ċloċṡoillseaċ léim Padraic go foillseaċ,
'Gus ġoir sé go glóraċ ar Ṗeadar ag ráḋ :
"A naoṁ! cia gan aṁras, i nGaeḋilig ġlan, laḃras
Noċt aṁarc ar neaṁ ḋó mar ġeall ar mo ġráḋ"
As a ionad árd an-ṁór, d'éiriġ Peadar go greannṁar,
'Gus d'ḟosgail na doirse fórórḋa, annsin —
Ag cromaḋ níos ísle do 'n tsiġeóg is dísle
Do ċogar 'na cluais an sgeul so go binn :—
"A ṡiġeóig ṡaṁ ṡáruṁail, béiḋ d'anam ro-ḃarraṁuil
Óir geallaim gan gostog, a's creid é id' ċroiḋe.
Cia bé iarras i nGaeḋilig ġlan-ḃriaṫraċ, sgeulaċ
Ar aṁarc ar neiṁ, ní diuilteóċaiḋ é ċoiḋċ'" —
Ṡiúḃal an tsiġeóg go luaṫ 's ċoṁċruinniġ a sluaġ
Do ḃí scapṫa ar fúd na reult rúnaċ go mór;
Leis a stoc ḃinn a' géimniuġaḋ, ḃí a sluaġ ag léimniuġaḋ,
'S ḃí luaṫġáire orra 'gus gáire 'gus glór.
An ḃfuilir ag éisteaċt, a Ġaoiḋeal! le gleustaċt
Le na cogaraiḃ ciúine tá 'g corruġaḋ do ċroiḋe?
Is iadsan guṫa na siġeóg 'tá 'g sruṫaḋ,
Tré ṡaoġal na saoġal gan sgaraḋ gan sgíṫ.
A éist leo gan srianaḋ, na cogaraiḃ críonna —
Téiḋ! foġluim an Ġaeḋilig gus foġluim o'n lár,
'S beiḋ ciúineas id' ċliaḃ níos mó ná ḃí riaṁ,
'Gus noċtfear ar neiṁ ḋuit an aṁarc is feárr.
