(38)
13Ṁaḋ Rol. Uiṁ 2.
SAṀAIN.
1898
TAḊG O'CAṪÁIN ⁊ AN CORPÁN
(Leanta).
ráinig sé an doras fuair sé glas air.
Ḃí an doras mór ⁊ láidir. Ṫarraing
a scian amaċ ⁊ ṡáiṫ sé ans an aḋmad
í aċ ní raḃ an t-aḋmad loḃṫa. "Nois"
ar seisean leis féin, ní'l aon rud eile
le deunaḋ agam; tá an doras druiḋte
⁊ ní ṫig liom-sa a ḟosgailt." Sul a ḃí
na focla sin cumṫa aige in a inntinn
féin, duḃairt glór in a ċluais — "cuar-
taiġ an eoċair ar ċúl an dorais, no ar
an mballa." Ġlac sé scannruġaḋ.
"Cia tá ag laḃairt liom?" ar sé, 'g
iompóġ aċ ní ḟacaiḋ sé duine ar biṫ.
Ċogair an guṫ in a ċluais arís — cuar
taiġ an eoċair ar ċúl an dorais no ar
an mballa.'' "Cad é sin?" ar Taḋg,
⁊ an t-allus ag riṫ d'a ṁala. "Cia laḃ
air liom?"
"Mise, an corpán, a laḃair leat," ar
san guṫ.
"Ḃfuil caint agad?" arsa Taḋg.
"Nois ⁊ arís," arsan corpán.
Ċuartaiġ Taḋg an eoċair ⁊ fuair
sé ar bárr an ḃalla í. Ḃí an iomarc-
uiḋ iongantais ar le tuilleaḋ laḃairt,
d'ḟosgail sé 'n doras go ciúin farsaing
⁊ ċuaiḋ sé asteaċ leis an g-corp ar a
ṁuin.
Ḃí sé ċo duḃ leis an oiḋċe an taoḃ
astiġ, ⁊ ṫainic criṫ ar Ṫaḋg boċt.
"Las an ċoinneall, las an ċoinneall,"
ar san corpán.
Ċuir Taḋg a láṁ in a ṗóca ⁊ ṫarr-
