18
AN GAOḊAL
aing sé amaċ a sgian & cloċ-teine. Ḃain
sé driṫleog aistiġ, & las sé ceirteaċ
dóiġte a ḃí in a ṗóca, ṡéid sé é go n-
deárnaḋ sé lasair, agus ḋearc sé 'na
ṫimċioll. Ḃí an teampoll an aosta &
cuid de na ballaiḃ briste síos, & na
fuinneoga sgoilte, & ámad na ḃfoirm
loḃṫa. Ḃí sé no seaċt de na sean ċionn
leoiriḃ ann fós. Ḃí stumpán sean
ċoinnle fágṫa i g-coinnleóir aca, & las
Taḋg é.
Ḃí sé breaṫnuġaḋ ar an áit aisteaċ
ġráineaṁuil sin, nuair ċogair an corp¬
án fuar arís ann a ċluais, "cuir mé
feasta, cuir mé feasta, sin ṫáll an
spád an aġaiḋ do láiṁ, & preab an ta
laṁ, preab an talaṁ."
Ḋearc Taḋg uaiḋ & ċonairc sé spád
le h-ais na h-altóra. Ṫóig sé in a láiṁ
é & cuir sé a ḃárr faoi leic do ḃí i g-
ceartlár an teampoill, & d'ḟág sé a
ṫruime féin ar ċois na spáide no gur
ṫóig sé an leac.
Nuair ḃí an ċeud leac tóigṫe ní raḃ
sé deacair an cuid eile ḋíoḃ a ċorruġ-
aḋ, & ḃain sé trí no ceire cinn acu as
a n-áiteaċaiḃ. Ḃí an ċréafóg do ḃí fú
ṫa bog, & b'ḟuras dó a róṁar. Aċ níor
ċaiṫ amaċ níos mó ná lán trí no ceire
ṡluasad de an ċréafóig nuair ḃain an
t-iarann le rud bog éigin mar ḟeoil
Ċaiṫ sé trí no ceire ṡluasad eile ó na
ṫimċioll, & ċonnairc sé gur corp eile
é do ḃí curṫa ins an áit sin.
"Tá faitċíos orm naċ leigfiġear dom
an dá ċorp ċur le ċéile," ar Taḋg in
a inntinn féin.
"Ṫusa! a ċorpáin ar mo ṁuin," ar
seisean, mbéiḋ tú sásta máċuirim inso
ṫú," aċt níor ḟreagair an corpán fo-
cal. "Is cosaṁlaċt ṁaiṫ é sin," arsa
Taḋg in a inntinn féin, "b'ḟéidir go ḃ-
fuil sé 'g éiriġe socair," & ṡáiṫ sé an
spád síos ins an dtalaṁ arís. B'ḟéid¬
ir gur ġortuiġ sé feoil an ċuirp eile
mar ṡeas an fear marḃ, do ḃí curṫa,
suas ins an uaiġ, & ċuir sé géim fíor-
áiḋḃéil as, hul hu! hu! imṫiġ! imṫiġ!
imṫiġ! no is fear marḃ, marḃ, marb,
ṫú!" & ṫuit sé ar ais ins an uaiġ arís
Is minic ó ṡoin a duḃairt Taḋg gur
b'é sin an rud buḋ áiḋṫéile de na rud-
aiḃ iongantaċa do ċonnairc sé an oiḋ-
ċe áiḋḃéil sin Seas a ġruag mar fionn¬
aḋ muice ar a ċeann, riṫ an t-allus d'
a eudan, & ṫainic craṫaḋ ar a ċnaṁ¬
aiḃ arís, gur ṡíl sé go dtuitfeaḋ sé.
Aċ d'éiriġ sé nios dána nuair ċonnairc
sé an dara corp 'na luiġe go socair, &
ċaiṫ sé an ċréafóg asteaċ air arís, &
rinne sé sleaṁain os a cionn í, & leag
sé na leaca arís go ċúramaċ mar ḃí
siad roiṁe sin,
"Ní féidir go n-éireoċaiḋ sé arís,"
ar sé. Ċuaiḋ sé síos an cosán do ḃí
lár an teampuill, no go raḃ sé ceitre
no cúig de ṡluasta níos foigse do 'n do¬
ras, agus ṫoisiġ sé ag tógḃáil na leac
arís, ag iarruiḋ leabuiḋ eile do'n ċor¬
pán do ḃí ar a ḋruim. Ṫóig sé trí no
ceiṫre leaca, agus ċuir sé ar leaṫtaoḃ
iad, in sin ṫoċail sé an ċréafóg. Níor
b'ḟada ḃí sé d'a toċailt nuair noċtuiġ
sé sean-ḃean lom gan snáiṫe uirri aċt
a léine, do ḃí curṫa ins an ait sin. Bí
si se níos beoḋa ná 'n ċeud ċorpán, mar
's ar éigin ṫóig sé cuid de 'n ċréafóig di
nuair ṡuiḋ sí suas agus ṫoisiġ sí ag
báirseáil. "Hó! a ḃodaiġ, ha a ḃodaiġ"
ar sí, "Ḃfuil sé 'g am ḃuaiḋreaḋ! cá
raḃ sé féin no cá 'r ċaiṫ sé a ṡaoġal
naċ ḃfuair sé leabuiḋ, naċ ḃfuair sé
leabuiḋ?"
Ṫarraing Taḋg boċt ar ais, agus
d'ḟan sé 'na ṫost, & nuair fuair sí
naċ raḃ sí fáġail freagarṫa, do
ḋruid sí a súile go mall, agus ċaill sí
a lúṫ agus ṫuit sí go ciuin ar air faol
an gcréafóig. Rinn Taḋg léiṫe mar
rinne sé leis an ḃfear, ċaiṫ sé an ċréa¬
fóg ar ais uirri, agus d'ḟág na leaca
os a cionn.
Rinne sé toċailt arís anaice an dor¬
as aċ sul do ċaiṫ sé níos mó ná cúpla
sluasad de'n gcré amaċ ṫug sé láṁ
duine faoi ndeara, noċtuiġ sé leis an
(Le ḃeiṫ leanta)
Brooklyn P.-Celts feel keenly the
absence of one of their most active
officers, Mr. Thomas Jordan, who
has gone on a visit to his native
home, Coilltymagh Co. Mayo.
