AN GAOḊAL.
21
TIOMĠAIRM Ó ÁRAINN.
Leaḃarlánn Gaeḋilge le haḋaiḋ
Árainn.
Mar ġeall ar an obair a tá deun¬
ta ag Connraḋ na Gaeḋilge ar feaḋ
na dtrí no ceaṫar de ḃliaḋantaiḃ seo
ċuaiḋ ṫarrainn, tá spéis & suim ṁór
ḋ'a ċur ag na daoiniḃ ionna dteanga
nádúra féin. Tá an spéis sin ag siúḃ¬
al anois ċoṁ tréan & ċoṁ bríoġṁar le
neart electrioċa, & sílimse ó ṫárla
gur cuireamr an t-suim sin ionnta go
ḃ-fuil sé riaċtanaċ orrainn leaḃra
feileaṁnaċa do ḟáġail dóiḃ.
Má dúisiḋṫear daoine as a gcodlaḋ
& tart na góġlama do chur orra & gan
aon deis do ṫaḃairt dóiḃ leis an tart
sin do ċosg, deirimse gurb é an cineál
pionúis is milltiġe, is cruaiḋe & is géi¬
re cuireaḋ ar ḋuine ar ḃiṫ i riaṁ.
Tá tart na foġlama aiṫḃeoite anois
in-Árainn & tá siad ag iarraiḋ leaḃar
le eolas d'ḟáġail.
Le go ḃfuiġmid leaḃra 'na dteanga
féin, 'seaḋ tá mé ag cur na litre seo
ċugat le súil go dtiúḃraḋ do ċuid léiġ¬
ṫeor congnaṁ ḋúinn.
B'ḟéidir go muḋ ċóir ḋom cur gcéill
dóiḃ naċ dteasteann leaḃra Béarla
uainn, & ní'lmid ġ'a n-éiliuġaḋ.
Ní Sasanaiġ atá ionnainn fós, buiḋ¬
eaċas le Dia.
Ní'lmid saluiġṫe le béasaiḃ an tean¬
gaḋ Ġallḋa fós, cé, go deiṁin, g ḃ-fuil
na "Sgoilte náisiunta' againn, & is ró
ḋeacair an fíor-spioraid do ċongḃál
beo i n-áit ar biṫ i mbeiḋ na plágaoi
uaṫḃásaċa sin. Ní ṫeastuiġeann uainn
aċt rud eigin le léiġeaḋ in ar dteang¬
aḋ féin — an teanga ṫuigeas muid &
an ċanaṁuint air a ḃfuil meas & gráḋ
& cion aguinn.
Sé an neaṁ-eolas seo ar ḃéasaiḃ &
ċleachtaiḃ gránna ar náṁad spuigeas
& ṫugas misneaċ dom go mbeiḋ oileáin
Árann mar ḃíodar "isna n-aimiriḃ so¬
na ċuaiḋ ṫart," 'na réalt-eolais ag
macaiḃ-léiġinn na tíre. Baisteaḋ Oil¬
eán na Naoṁ & na n-Ollaṁ" ar Árainn
aon uair aṁáin & fuair Éire go léir an
t-ainm sin ó ṡoin. Ní'l aṁus ar biṫ
naċ roiḃ suiḋeaċán-Oideaċáis ann seo
'na roiḃ fáilte roiṁ gaċ uile ḋuine,
caṫaoir-fóġlama an-ḃárraċ iongantaċ
i gcúis creidim & gaċ uile ealaḋan d'a
roiḃ fios ag na daoiniḃ air san am sin.
Ní'l againn aċt breaṫnuġaḋ ar na
seaċt dteampallaiḃ, no b'ḟearr liom a
ráḋ ar méid atá fágṫa díoḃ, le ċruṫ¬
uġaḋ ḋúinn go roiḃ caláistí & mainis¬
tirí i n-Árainn, & tá sé mar ṡeanaċas
i mbeul na ndaoine go roiḃ mórán mac¬
léiġin ann aon uair amháin, & go deiṁin
ní iongantas ar biṫ é sin mar ḃíodar
iargúlta &, ar an áḋḃar sin, cosnuiġṫe
& cuṁduiġṫe ó scrios na Loċlannaċ &
droċ-ḃeartaiḃ & díoġḃálaiḋiḃ na norm¬
anaċ nuair ḃí mainistirí Ḃangor, Leas
a-ṁóir & Ardmaċa i ngáiḃ (conntaḃ¬
airt). An iogantas ar biṫ é mar sin
gur conḃaiġeaḋ cion & meas & gráḋ ar
na sean-sgeultaiḃ & beul-oideas ṫriḋ
ḋonas, anfaḋ & cruaiḋeaċt. Ní ḟeud¬
fainn innseaċt caidé an bród ċuireas
sé orrainn gur in Árainn d'ól an t-Aṫ¬
air Ó Graṁna & Eoin MacNéill an ċéad
deoċ ag tobar na Gaeḋilge. Sin iad
beagán de na neiṫiḃ ċaiṫḟeas lóċrann
an t-seanċuis & naoṁuiġeaċt ar Ár¬
ainn.
Tá do ċongnaṁ ag teasdáil uainn, a
léiġṫeoir ċneasda, macánta, go g-cois¬
neoċar & go n-aṫġlanfear & go líonfar
lampa an eolais a críonnuiġeaḋ go mi¬
nic aċt nár múċaḋ ariaṁ.
Tá againn anois féin fear úṁal,
boċt, síḃialta, cnasda, macánta. ḋarb
ainim Marcus O'Flaṫartaiġ. Tá 'na
ḟile, 'na sgoláire & 'na ḋuanaire. Is
fear a ḃfuil eolas aige ar gach uile ṡórt
ceist, neiṫe & ealaḋan, & mac-léiġin ar
biṫ ṫiocfas go h-Árainn feicfiḋ sé má¬
la & cisde seanaċuis — Marcus Ṁicil
lán go béal. Ní h-é aṁáin go ḃfuil sé
eolasaċ ar an teanga mar laḃartar í
anois, aċt tá sé fóġlamta ar an mea¬
ḋon & ar an t-sean-Ġaeḋilge mar an g¬
ceudna.
Le súil Oileáin Árann a ḋeunaṁ 'na
gcolástí Gaoḋalaċ mar ḃíodar ins an
