38
AN GAOḊAL
St. Teresa's Church, Phila, Pa.
Dec. 6. '98.
Miċeál J. Ó Lóċáin.
A Ċaraid na Gaeḋilge; — Seo sean
aḃrán eile ḋuit. Pádraic Ó Brislainn
as Leitir Ṁac a' Ḃáird agus Briġid ní
Ġallaċóir ó Ṁol na Mine, a ṫug daṁ¬
sa é, eatarṫú.
Duit-se go measaṁuil
Doṁnall Ó Morċaḋa.
AN MADAḊ RUAḊ
Rinn mise suas leis a' ṁadaḋ Ruaḋ,
Agus ġeall mé duais dó mar ḟéirín,
'S gan a ṫeaċt anuas ṫar an Eas Aoḋa Ruaiḋ,
Fad a's luaiḋfeaḋ ann caora;
"Aċ má ṫig ċo cruaiḋ ort 's go d-tiocfaiḋ an ruaig ort,
Tar ṫusa anuas fá na h-iaċtair,
Anns na bealaiġ cruaiḋe udaiġ, an áit a ḃ-fuair tú
Do ċuinín uaiḃreaċ míle uair ann."
Ṫárlaiḋ indé doṁ air ṫaoḃ ċró Léiṫín,
Mo ċoileán uasal agus é a díomus,
D' ḟiafruiġ mé de, ó ċualaiḋ mé na scéala,
An é naċ deárn sé réiḋteaċ leis na daoiniḋ;
Tráṫ laḃair sé Béarla; "Dar upon my faith!
Béiḋ aṫruġaḋ scéala aig a' dís uaim,
'S dá ḃ-fuiġinn-se an féirín buḋ deise inn Éirinn,
Go m-b'ḟearr liom féin grim de ċaora."
"Ní breug ná áiḋḃeál nár ġeall Pádraic,
Stocaiḋ bána a ḟáġail ó Ḃríġid doṁ;
Gairtéil áilne ó Ṡíle Ní 'aċ a' Ḃárda
Agus bróga árda ó n-a ṁnaoi féin doṁ.
Aċ anois ó ṫárlaiḋ sé a ċoṁair na Beáltaine
Ní iarrfad snáiṫe ach mar tiḋ siḃ,
'S culaiḋ fá lásaiḋ 's biḋeaḋ ḋom deántaí,
Ce'r ṡult doṁ a fáġail 's díoḃáil ḃí orm?"
Tá Pádraic agus Brian anois dá ṡílstron,
Air n-dóiġṫe go ḃ-faoigfiḋ mé an ċoṁarsainn,
'S naċ ḃeag a ṡíl mise, i n-deireaḋ mo ṡaoġail-sa,
A ḃeiṫ goil fá ċríoċa Ġleann Doṁain séir;
Is tusa a tiḋim a ḃ-fuil agad an ḟírinne
Agus daṫ na fírinne air do ċoṁráḋ,
Air soċt a' Riġ leat 's fáġ d'ainm scríoḃṫaí
Air do ḃeagán caoraċ mar ċoṁarṫa."
"Nuair a ḃiḋim a sír-ṡiuḃal amuiċ 'san oiḋċe,
'S iomaiḋ niḋ a tiḋim fá 'n ċoṁarsainn,
A ċuirfeaḋ íongantas ro-ṁór air ḋaoiniḋ,
Aċ air iogla míġrinn ċá laḃraim;
Tiḋim a' dís agus eiteog lín leoḃṫa
Amuiċ ġaċ oiḋċe anns an Ḟóġṁar,
'S dá m-beiḋeaḋ Gaoṫ Beara a cur i d-tíorṫa,
Ní ṫiocfaḋ ann tuiġe gan rud leobṫa."
an ċiall ṁaiṫ
