44
AN GAOḊAL
FUADAĊ AOḊ RUAIḊ Ó RAṪ-A-ṀUILINN.
Féil Ṁiċil, san mbliaḋain 1587.
Leis an Aṫair S. S. O'Dóṁnaill.
"O, triallaiḋ liom ar ḃord mo loinge"
Ar san Caiptín beul-ḃinn ḃreáġaċ,
Tá ar dteud go teann faoi Ḃruaċ na mBann,
Ar uċt Loċ Suiliġe céimeaċ.
"Tá a broinn lion lán de ḟíon na Spáine,
Ceud oigsead mór agus tuilleaḋ;
Diġe is measaṁla i g-cúirt an riġ,
Beóir ċroiḋeaṁuil caoin, gan ṁilleaḋ.
"Gus ólfamaoid an íoc-ṡláinte
As cornaiḃ óir araon,
'S beiḋ againn tamall cuideaċta
Naċ gcostann duit-se piġnn."
Ṫaiṫniġ cóṁráḋ an ḃeiṫeaṁnaiġ
Go h-anuasaċ le Aaḋ Ruaḋ,
'S ar ḃord na loinge ċuaiḋ amaċ,
Mo ḃrón 's mo ṁíle ṫruaġ!
Is tapa siúḃail na bóimeinte (móimente)
Ameasg imirtis, a's óil,
Oll-ġáirdeas agus carṫanas,
A's mórán gleusaiḃ ceóil.
Cuireaḋ a's freagraḋ ceistireaċt
O's cionn na ngloine lán,
Fá 'n m-buaiḋreaḋ ins an m-baile 'gainn
'Gus gníoṁarṫa ṫáll 'san Spáinn.
Fá na brist ḃ fuilteaċ' troidte
Sul m-beiḋeaḋ duilleaḃar úr ar ċrann,
Eidir ḃainíoġain ḃródaṁuil Isibéil,
'S an Spáineaċ uasal teann.
Aċt nuair ba ṁian le n-ar g-ceannfart óg
Ḃeiṫ dul 'na ḃaile a' luiḋe,
Ċualaiḋ a ċluasa tarmán
Ḃain léineóg as a ċroiḋe.
Bloic agus rópaiḋ cálanaċ'
Ag cur seólta geal' ar ċroinn.
Agus garḃ-ġuṫ na máirnealaċ
Deunaṁ con-ġáire agus grinn ;
'Gus an long 'na riṫ ar ḃráiġid na d-tonn
Ag teiṫeaḋ roiṁ an t-síon,
Gur b' árd amaċ 'san ḃ-fairrge í
Sul ar éiriġ an ġrian.
'S buḋ lúṫṁar ṫoṁas sé an bealaċ
