1. Tá mé, tá tú, tá sé, tá sinn. 2. Tá im
bán, agus tá min mín. 3. Tá an lá fada.
4. Cuir im air bord. 5. Tá sé mór agus
úr. 6. Mil agus min agus im. 7. Tá siad
mór. 8. Am agus lá. 9. Tá ursa fada.
I am, thou art, he is, we are. 2. Butter
is white, and meal is fine. 3. The day is
long. 4. Put butter on the table. 5. It is
large and fresh. 6. Honey and meal and
butter. 7. They are great. 8. Time and
day. 9. The prop is long.
SECOND LESSON.
Bainne, milk; ḃ-fuil, is, are; breac, speck¬
led; buiḋe, yellow; cadéil, a pump ; cia,
who, what; caoi, way; ċugam, to me,
deoċ, a drink; feárr, better, fuaċd, cold;
leat, with thee; maiṫ, good; orm, on me;
ort, on thee; taḃair, give ; teiḋ, go; tí,
to, until, about; uisge, water.
1. Cia ċaoi ḃ-fuil tú? 2. Tá mé go maiṫ.
3. Ḃ-fuil fúaċd ort? 4. Ní ḃ-fuil fuaċd
orm. 5. Tá an pioġaid breac, agus an
cnadán buiḋe. 6. Teiḋ go tí an cadéil
agus taḃair deoċ, misge ċugam. 7. Ann
feárr leat deoċ uisge 'ná deoċ ḃainne?
1. How are you? 2. I am well. 3. Are
you cold? 4. I am not cold. 5. The mag-
pie is speckled and the frog yellow. 6. Go
to the pump and bring me a drink of wa-
ter. 7. Which do you prefer, a drink of
water or a drink of milk ?
The following toast is usually given
by persons drinking, particularly when
they are three sheets in the wind:
Ólfamuid an deoċ seo mar d' óleoċaḋ
páirtiḋe ḃeiḋeaḋ lán de ġrenn agus aig
ól go trom,
Gan troid gan ċlampar, gan áḋḃar náire
no clos a máraċ go raḃ muid ann;
Iarraiḋ muid impiġe air an Muire Má-
ṫair, ó is sí ar g-cúl báire anns gaċ am:
Seo é ḃur sláinte, a ḃ-fuil sa láṫair, a 's
riġ na n-grása go g-cuidiḋe linn.
HELP AN GAODHAL! — ONE DOL¬
LAR a year, or Ten Cents a month, will
place in the hands of your posterity the
means of educating themselves in the
LANGUAGE of your Country!
ĊUM AN CINEAḊ GAOḊALAĊ.
Tá sé anois timċioll deiċ m-bliaḋanaiḃ
ó tosuiġeaṁ an iarraċd ċum teanga na
hÉireann a ċosnuġaḋ, a h-aiṫḃeoḋuġaḋ,
agus a cleaċduġaḋ a measg Clann na n¬
Gaoġal. Anns an g-coṁráḋ a leanas, b'
ḟéidir go n-déaróċaḋ roinn dá 'r léiġ¬
ṫeoiriḃ go ḃ-fuil muid a taḃairt níos mó
creideaṁúin dúinn féin 'ná tá dlisdean-
aċ dúinn anns an iarraċd a tá anois dul
air aġaiḋ ċum ar d-teanga a leasúġaḋ.
An a aġaiḋ sin ní 'l againn le ráḋ aċt go
ḃ-fuil an páipeur beo fós ann ar tosuiġ-
eam an obair, an Cruinne Gaoġlaċ. Sin
é an páipeur ann ar tosuiġeaṁ é deiċ m¬
bliaḋana ó ṡoin. Aon-duine a ṫóigfeas
suas an Cruinne Gaoġlaċ de 'n am sin
feicfiḋ sé an ċeud leitir na ṫimċioll, agus
ḃí an leitir sin uainne. Ann uair d'ḟuaġ-
air muid anns an b-páipeur raiḃráite go
raiḃ cumann Gaeḋilge air bun fuair sinn
an leitir seo maile le leitreaċaiḃ eile :—
"ROME, NEW YORK, July 21, 1873.
M. J. Logan, Brooklyn. Sir: I was
exceedingly well pleased to learn that
you were the first in the field to organ-
ize an Irish Class, &c. — THOS, CREGAN."
Seal geárr na ḋiaiḋ sin fuair muid leit-
ir ó Ṗ. Ó' Dálaiġ, as Bosdún, ann ar ḋúḃ-
airt sé: "Is maiṫ is cuiṁin liom an ċeud
leitir ḟeicsin air an b-páipeur uaitse, aig
corruġaḋ na n-daoine, agus corruiġis iad
go cinte." Tá leitreaċa gan cuntas ag-
ainn a tráċd air an níḋ ceudna.
Ní iarrann muid aon ṁolaḋ ḋúinn féin
air sgáṫ an meud a rirne muid; ní ḋeár-
naḋ muid aċt an rud buḋ ċóir do gaċ uile
Éireannaċ a ḋéanaḋ — iarraċt a ṫaḃairt
teanga ar d-tíre a ṡáḃáil ó 'n eug cinte
ḃí n-dán di muna d-tóigfeaḋ aon duine a
ġuṫ ann a taoḃ. Rinne muid ar n-díṫċioll,
agus tá bróid orrainn go raḃ an díṫċioll
sin tairḃeaċ. D' ḟás an measóg (acorn) a
cuireaḋ a m-Brooclín ċum a ḃeiṫ na ḋair
ċo mór ionnus go ḃ-fuil a ġeugṫa scarṫa
anois os cionn gaċ ball de 'n doṁan ann
a ḃ-fuil Éireannaiḋe na g-coṁnuiḋe. Ḃeiḋ-
eaḋ an obair ṁaiṫ níos tairḃiḋe dá m-beiḋ-
eaḋ an tír-ġráḋ ḟíor a g-croiḋiḃ craoḃ-
sgaoilṫeoraiḃ na b-páipéir nuaḋaċda, aċt
faraoi! ní ḃ-fuil. Dá m-beiḋeaḋ siadsan
