mar buḋ ċóir díoḃṫa a ḃeiṫ, ḃeiḋeaḋ léiġ-
eannta Gaeḋilge anns gaċ uile ṗáipeur
Gaoḋlaċ. B' é rún agus mian ar g-croiḋe
ó ṫosuiġ muid aiṫḃeoḋúġaḋ na Gaeḋilge
páipeur a ċuir air bun naċ m-beiḋeaḋ
náire air coṁaraḋ na Gaeḋilge a ċuir air
ċláir eudain. Ní raḃ maoin againn féin
le é ḋéanaḋ. D' iarr agus d' agair muid
air an muintir a raḃ maoin aca congnaṁ
a ṫaḃairt ḋúinn leis an obair onóraċ, ṫír¬
ġráḋaṁail a ċuir air aġaiḋ, aċt gan éif-
aċd. Faoi ḋeireaḋ ċuiṁin muid air úir-
sgeul an ḟuiseoige agus an ḟeilmeuraiḋe,
agus dúḃairt muid linn féin; "Nuair naċ
d-taḃairfiḋ ar g-coṁ-ḋúṫċaisiḋe aon ċon-
gnaṁ ḋúinn caiṫfiḋ sinn féin a ċur roṁ-
ainn a ḋéanaḋ, agus an sin beiḋ sé déan-
ta." 'Sé an páipeur seo os ḃur g-coṁair
toraḋ an deiṁnúġaḋ sin. Tá sé beag, aċt
tá sé a g-cúṁaċda Éireannaḋ a ṁeudúġ-
aḋ. Ní ċailleann muidne mórán maoine
leis; oibriġeann muid air feaḋ an lae ċum
ar m-beaṫa a ṡaorṫúġaḋ, agus anns an
oiḋċe, air éis obair 'n lae a ċríoċnúġ'ḋ, tá
muid a sgríoḃ na n-airtiogail seo agus a
cur an ċlóḋ, agus mar sin, ag ullmúġaḋ
gaċ níḋ ċum an fáisgeán.
Cuireann muid anois faoi ċoṁairc tír-
ġráḋuíġṫeoiriḋe na h-Éireann é, agus tá
muid a dul a múġaḋ go h-ann ṁór no beiḋ
sé an páipeur is measaṁla sa cír seo sul
do ḟeicfear ċúig bliaḋana ó n-diu.
Beiḋ sé mar sin muna ċaill Clann-na-
Gaoġal calmaċd ársa a n-aiṫreaċaḋ, a's
muna ḃ-fuil siad réiḋ lé aonaċd a's féin–
ċúṁaċd a d-tíre a ṫréigeaḋ.
Ní féidir leis ḋul air g-cúl ċo fada in
ḟágfas Dia 'r sláinte againne, mar dúḃ-
airt muid ċeanna, tá muid féin ionan ṡé
ċur air aġaiḋ, aċt 'san am ceudna, iarr¬
ann muid congnaṁ ċum é a cur a g-crúṫ
níos máis'ṁala os coṁair an t-saoiġil.
A PRONOUNCING VOCABULARY will be
given at the head of each of the succeeding lessons.
Dr. Gallagher's SERMONS and the SEARCH
for DERMOT and GRAINNE will be continued un-
til completed as the subject of the lessons.
Let every Irish family get a copy of each issue of
this journal, bind it, and have it as an HEIRLOOM
in THEIR FAMILIES.
THE BELLY AND THE MEMBERS.
Ann am fad ó ṡoin nuair ná 'r oibriġ-
ḃaill ċuirp an duine le ċéile ċo caradaṁ-
ail agus oibriġeann siad anois, ḃí toil aig
gaċ ceann dó féin! fuair na baill go coit-
ċionnta loċd air an m-Bolg mar ġeall gur
ċaiṫ sé a ḃeaṫa bog, díoṁaoineaċ, agus
iadsan tógṫa suas go h-iomlán a saorúġ-
aḋ a ḃiṫ a riarúġaḋ dá riaċdanas agus
dá ḟólás; mar sin do rinneadar conráḋ
a saláṫar a ċongḃál uaiḋ ó sin amaċ.
Ní raḃ na láṁa na ḋiaiġ sin leis an m-
biaḋ iomċar do 'n ḃeul, no an beul le na
ġlacaḋ, no na fiacla le na ċongailt. Aċt
is geárr a leanadar an t-sliġe seo ċum an
bolg a ṫaḃairt faoi na smaċd, no gur ṫos-
uiġ siad a meaṫ agus a claoiḋeaḋ, ceann
a n-diaiġ a ċéile, agus d' eiriġ an ċolainn
lag agus claoiḋte. Ann sin ḃí na baill cin-
te go raḃ an bolg úsáideaċ ann féin, giḋ
gur ḃreaṫnuiġ sé díoċuimseaċ agus neaṁ-
ṫairḃeaċ, a's naċ ḃ-feudfaidís déanaḋ ḋá
easḃuiġ níos mó ná d-feudóċaḋ seisean
déanaḋ gan iadsan; Agus dá m-beiḋdis
leis 'n g-colainn a ċongḃál a stáid ḟalláin,
ċaiṫidís oibriúġaḋ le ċéile, gaċ uile ḋuine
ann a áit ḟoileaṁnaċ féin. ċuṁ taḃaċt an
ċumann go h-uile.
THE EAGLE AND THE FOX.
Do ċoṁnuiġ an t-iolraé agus an sionn-
aċ le ċéile na gcóṁursanaiḃ ṁaiṫe air
feaḋ tamall fada; an t-iolraċ a m-bárr
crann árd, agus an sionnaċ a b-poll faoi
na ḃun. Aċt lá áiriġṫe, mar do ḃí 'n sion-
naċ amuiġ, d' ionnsuiḋ an t-iolraċ a ċoil-
eán óg agus d' árduiġ sí leiṫe go d-tí a
nead é' smuainiúġaḋ go g-cosnóċaḋ áirde
a h-árais í ó ḋíoġaltas an t-sionnaiġ.
Air a ṫeaċd a ḃaile do 'n t-sionnaċ do
ċas sé leis an iolraċ an cor mío-ċáirdis
a rinne sí air, a's d' eagair sé í go cráiḃ-
ṫeaċ a ċoileán óg a ṫaḃairt air ais ḋó;
aċt aig feicsint ḋó ná raḃ aon ṁaiṫ a
ḃeiṫ aig aṫċuiniuġaḋ airri, do sciob sé,
splanc as teine altóra noċ do ḃí lasta'n
a aice, agus aig timċiolliuġaḋ an ċ inn
go h-uile ḋó le lasair agus deataċ,
an t-iolraċ le eagla mór ḟúiṫe féin
a h-ál, agus ċuir sí an coileán air a
