18
AN GAOḊAL.
ARD EASBOG ṪÚMA.
A m-bás a g-ceannṗuirt ionṁuin, ḋí-
lis, Árd Easbuig Ṫúma, tá áḋḃar bróin
agus doilġís cráiḋte aig Clann - na-
n-Gaoḋal a n-diu. Tá a n-aḃcóide treun-
ṁar, neiṁeaglaċ sínte 'san uaiġ ḟuar,
ċiuin! An guṫ a ḃí árduiġṫe ann a
saorḋáil le trí fiċid bliaḋan, ní cluin-
fear arís go h-eug é. Agus go mór
ṁór a ḃ-fuil áḋḃar cúṁa agus caoine
againne — tá aig iarruiḋ an teanga
noċ do ċongḃaiġ seision beo a leasúġ'ḋ
— 'san g-caill a ṫainic orrainn le bás
ar d-taca. Ṫainic sgeul a ḃáis go duḃ,
duḃaċ orrainn féin, cia tógaḋ faoi na
ġlún. Ní féidir linn an smuaineaḋ a
leigeann as ar g-cinn naċ g-cluinfimuid
a ġuṫ ḟearaṁail, cineálta go deo, no
naċ n-aireómuid leagan a láiṁe air ar
g-ceann; neiṫe noċ do ḃí gnáṫaċ ann ar
n'óige.
Ní ṫig linn mórán a ráḋ anois : tá'r
g-croiḋe ro líonta le iomáid na caille
a tá orrainn. Iarramuid air ṁrin-
tir na h-Éíreann, aig aḋṁáil a meas a's
a n-gráḋ ḋó, díṫċioll beag a ḋeunaḋ a
m-buntáiste an níḋ noċ buḋ h-ionṁuin
leis a ċoiṁeud — sé sin, n-diaiḋ saoṫair
a oifige beannuiġṫe, teangan a ṫire.
Deun é seo, agus tá sinn cinte go m-
beiḋ sé feucaint anuas orrainn as na
flaiṫis — n-áit, ní'l aṁrus orrainn , a
tá a lóisdín — go taiṫneaṁaċ, gráḋaċ.
Agus iarramuid aonaċd Clan-na-
n-Gaoḋal san ġuiḋe — suaiṁneas siar-
uiḋe agus glóir na ḃ-flaiṫis go seilḃiḋe
tú, gan toṁas, a ṠEÁĠAIN Mac ÉIL!
Ámén.
An 19aḋ lá Saṁna, '81.
D'Fear-eagair an Ġaoḋail.
Tá mé brónaċ gur ċailleas mo litir
ċum an Ollaiṁ Blacie, aċt taḃairfiḋ mé
a suḃstaint anois.
D' iarr mé air, a ċead agus a ċúngaṁ
do ṫaḃairt co-ċruinniuġaḋ na suaḋ a tá
foġlumṫa 'san n-Gaeḋilig, ann Albain
agus ann Éisinn, do gairm re ċéile agus
litriuġaḋ Gaeḋilge Éireann agus Alban
do ḃreiṫ faoi aon riaġal. do ṫaisbeán-
as ḋó naċ raiḃ mórán diṫfire eidir an
dá ṫeanga, agus go raiḃ na diṫfire á tá
eatorra 'nois deuntaḋ le daoiniḃ olca
taoḃ astiġ de ċeud bliaḋain ionnus go
m-beiḋeaḋ fearg agus aineolas air a
ċéile aig clannaiḃ aoin ṁaṫar, eaḋan,
Gaoḋail na h-Éireann agus Alban, 's ion-
nus go m-beiḋeaḋ ag na Sacsanaiḃ níos
mó cúṁaċt le riaġluġ'ḋ agus le smaċtuġ-
aḋ an dá ċine; agus naċ raiḃ aon ċeang-
al ċo láidir agus ċo dlúṫ eidir daoiniḃ
a's tá ceangal teangan coitċeanna.
Do ċóṁairliġ mé aon uiḃir daoineaḋ
do ṫeaċt ó Éirinn agus ó Albain agus
dó no ṫrí ó Ġearmain, agus gaċ ceist
timċioll litriġṫe agus graimeara na
teangan, do ḃeiṫ socruiġṫe le toġa, an
ċuid is mó ag riaġluġaḋ g-cóṁnuiḋe.
Do ċuireas an litir ċeudna ċum fear-
eagair an Ḃoston Pilot, aċt níor b' áil
leis í ċlóḃualaḋ. Má tá cineál daman-
ta air ḋruim na talṁan, 'siad fir-eagar'
na ḃ-páipeur Éirennaċ sa m-baile agus a
g-cian. Ní ḋeunfaiḋ fear aca aon niḋ air
ṡon na Gaeḋilge aċt niḋ naċ féidir leis
a ṡeaċnaḋ. Tá fios agam creud tá or¬
ṫa; tá eagla orṫa go d-tiucfaiḋ an cor-
ruiḋe so timċioll na Gaeḋilge ċum cinn
lá eigin ċo luaṫ agus tá an ċeiste so na
talṁan socruiġṫe, agus go m-beiḋ sé
riaċdanaċ ḋóiḃ a b-páipeura ċlóḃualaḋ
go leaṫaċ no b' ḟéidir go léir a nGaeḋ-
ilig, agus ní mian leo sin, óir ní 'l fear
aca ṫuigeas aon Ġaeḋilige aċt Rossa
aṁáin.
Ní ḟuil aon loċd agam le fáġail ann-
sa nGaoḋal, aċt go ḃ-fuil iomarcaḋ
Beurla agus ro-ḃeg de Ġaeḋilig ann.
Do ċára,
T. O. Ruiséal.
FÁILTE AN ĠAOḊAIL.
Ceud míle fáilte a n-dáil an Ġaoḋail,
Agus guiḋim go árd leis áḋ is buaḋ séin;
Go ḃ-feiciḋ an lá led' ċumas ḟir ċáiḋ,
Gur coitċeann é ċás air ċlár an t-saoġ-
ail,
Fé ġradam 'sa teangain dob' ársa.
Is bróid le ráḋ é a g-cás na n-Gaoḋal,
Ann uile ċearnán is aird do'n t saoġal,
Go b-fuilid le spás, i n-inneall mar
ráiġ
