AN GAODHAL.
27
A well merited tribute to T. O. Rus¬
sell by "Croiḃín Aoiḃinn,"
Éireóċaiḋ mé mar 's cóir dam é,
'S ní mór liom é an lá so,
Le sguel am' ḃeul do reul na n-Gaoḋal
O'Néill Ruiseul, ar n-gráḋ geal.
Linn féin, 's a g-céin, a leus, a a seun,
Is é buḋ treus 's buḋ láidir,
A teaċt le luaṫas ag árduġaḋ suas
Ar d-teanga ḋúṫċais go cráiḃṫeaċ.
Do ġlac se fonn do ċur air bonn
An cumann ċum an Ġaeḋilge
Do ċongḃáil beo 'sa talaṁ seo,
Mar ḃí fad, ó a n-Éirinn.
Buḋ láidir é, agus ṡaoṫruiġ sé,
A's rinne sé a ḋiṫċioll,
Go sáḃálfaiḋe, air ṁoḋ air biṫ,
Aon ċuid ḃeag di mar ḟuiġeal.
Buḋ ṁaiṫ leis ceard a's ceol na m-bárd
'S a'n n-glórṫa árda, geanaṁail,
Buḋ ṁaiṫ leis sin, 's ar n-Gaeḋilig binn
A ḃeiṫ dá seinm eadrainn.
'S níor ḃain sé féin do 'n drong sin faon
Naċ ḃ-fuil 'nna m-beul aċt caoineaḋ,
A's iad a dul air aġaiḋ le gol
'S a'n n-obair gan a ḋeunaḋ.
Aċt O! buḋ gráin leis gearán,
A's glaṁasán gan éifeaċt,
Ní raiḃ 'na ḃeul "mo ḃrón, mo leun!" —
Ní raiḃ 'na ḃeul, "ní ḟeudaim!"
A ḟile ḃinn, a sgíóḃnóir grinn,
Buḋ ṁilis linn do sgríoḃaḋ,
'S níor ḟág do ṗeann a riamh rann
No líne gan deáġ ċiall.
'S níor ċleaċtfaiḋ tú, ciḋ mór do ċlú
Aon ḟocal duḃ no cruaiḋ,
Buḋ ṁó do ṁeas 'sna focla deas'
A ḃí measg na sluaġ!
A's mar drong tá líonḃar ann
A ċuireas fonn 'sna briaṫraiḃ,
Do ċleaċtuiġ 'n "Ḟiann', a's Oisín féin,
Roiṁ fiċid ceud de ḃliaḋantaiḃ; —
Na focla naċ d-tuigfeaḋ aon neaċ
A riaṁ aċt na naoine
Do ṫarraing iad ó 'n doiṁneaċt ṡíos,
Sean leaḃar agus sgríoḃ'ne
Ní fáiḋ atáim aċt caiṫfead ráḋ
Má ṫagann tráṫ 'na m-beurfar
Onóir a's meas do 'n drong sin cneasta
Do ṫóg 'nn ar measg an Ġaeḋilge. —
Béiḋ d'ainm féin, O'Néill Ruiseul,
Le fáġail 'san g-ceud áit sgríoḃṫa,
Onóir gaċ am dod' láiṁ a's ċeann,
Dod' ṁeur 's dod' ṗeann a ċoiḋċe!
ÉIRE, A RÚIN.
Fonn — "Eiḃlín, a Rúin.
Ḃ-fuil tú 'do ḋúiseaċt fós?
Éire, a rúin,
Cromṫa, mar smuiteaċ fós,
Éire, a rúin:
Feuċ, tá na tíor' go léir
Briseaḋ a slaḃraḋ geur,
Lonnraḋ a n-gréin 'sa spéir,
Éire, a rúin!
Smuit air do inntinn féin,
Éire, a rúin,
Scapṫa tá sult do ṡéin,
Éire, a rúin,
Dorċa do spirad ṁór,
Briste do ċroiḋe, a stór!
A's sinne gan brón, gan deor,
Éire, a rúin!
Cá b-fuil do ḃárd' a n-iuḋ?
Éire, a rúin,
Cá ḃ-fuil do laoċra tiuḋ?
Éire, a rúin,
Imṫiġṫe do ċláirseaċt port,
Sínte do laoċra ort,
Báinte do ċnoic 's do ġoirt,
Éire, a rúin !
Go deo, beiḋir faoi slaḃraḋ treun,
Éire, a rúin,
Go deo, beiḋir síos gan seun,
Éire, a rúin,
Go n-éireóċ do ċlann go léir,
Go reubfaiḋ na slaḃraiḋe geur',
Go n-árdóċ an ċruinn' 'sa spéir,
Éire, a rúin.
Máirtín Duḃ.
Tá 'n t-Aṫair Uilliog J. Búrca aig
sgríoḃaḋ beaṫa Árd Easboig Mac Éil
anns an Teanga Ġaeḋilge, agus tá súil
againn go ḃ-feudfamuid é ṫaḃairt 'san
Gaoḋal ó ṁí go mí ċo luaḋ a's ṫigfeas
sé amaċ.
