36
AN GAOḊAL.
DR, GALLAGHER'S SERMONS,
Buḋ leor an meud seo, dar leat, a
Ċríostaiḋ do onóir a ḋeunaḋ fa ċoṁ-
air créatúr air biṫ ó Ḋia 'nuas, aċt
níor ṁór le Ċríost níḋ buḋ ṁó 'ná so
a ḋeunaḋ d' a Ṁáṫair: Ċuaiḋ Sé féin
'nna h-arracais; do ċuir Sé corain na
glóire air a ceann, agus gaeṫe agus
dealraḋ na glóire 'nn a gnúis. Ġlac
Sé a ṁáṫair go soilḃir, suḃáilceaċ ; ṫug
leis air láiḃ ṡí a ḃ-fiaḋnuise an aṫar
síorruiḋe, agus a duḃairt leis : seo, a-
ṫair, an ḃean a ṫóg Tusa ó 'n t-síor-
ruiḋeaċt ann a beiṫ 'nn Máṫair agam-
sa; seo an ḃean a rinne riaṁ mo ṫoil
agus nár ċlaon a riamh do ḋlíġe a ḃris-
eaḋ; seo an ḃean ḃí 'nna sompla agus
'nna pataún ionracaís agus cneastaċta
aig fearaiḃ agus aig mnaiḃ an doṁain.
Do ḃriġ, deir an t-Aaṫair síorruiḋe,
a Ṁuire, go n-deárnaiḋ tú mo ṫoil-se
air an t-saoġal, agus nár ṫruailliḋ tú
a riaṁ do ċoinsias lé brúdar air biṫ
peacaiḋ, ḃeirim ḋuit, mar ṗrontanas,
agus luaċ saoṫair,, a ḃeiṫ rannṗáirt-
eaċ ann mo ċuṁaċt. Maiseaḋ, ḃeirim-
se duit, deir an Mac, a ḃeiṫ do ṁaiġ-
istreas air mo ṫrócaire. Ḃeirim-se
duit, mar an g-ceudnaḋ, deir an Spio-
ad Naoṁ, a ḃeiṫ rann-ṗáirteaċ ann mo
ċríonaċt agus ann mo ṁaiṫeas, Ord-
uiġmuid ḋuit, ó 'n diu amaċ, a ḃeiṫ do
ḃain-riġin os cionn na n-aingeal agus
na n-árd-aingeal, os cionn naoṁ agus
ban-naoṁ Parṫais go h-iomlán. Árd-
uiġeaḋ naoṁ maṫair De os cionn coi
sir na n-aingeal go riġeaċt ḟlaiṫeaṁ-
nais.
O Ṁuire, a ḃain-riġin na cruinne, is
mór an ċéim seo agus an onóir a fuair
tú os cionn naoṁ an doṁain, aċt níor
ḃ-fuairis niḋ nár ḃ' fiú ṫú. Molaim
ṫú ó mo ċroiḋe, agus ó mo ṫoil. Is
ḋeiṁin gur fíor an niḋ duḃairt Elisa-
bet, maṫair Eoin Baiste, leat — gur
beannuiġṫe ṫú ṫar na mnaiḃ.
(Continued).
"I found in Ulster from hill to glen,
Hardy warriors resolute men :
Beauty that bloomed when youth was gone,
And strength transmitted from sire to son."
We promised some time ago to produce that very
interesting story, the SEARCH of DERMOT and
GRAINNE, clothed in modern, simple language.
We shall change the orthography and the obselete
words for those in modern use. It will be continued
from time until it is finished.
TÓRUIĠEAĊT ḊIARMADA AGUS
ĠRÁINNE,
Lá áiriġṫe dá 'r éiriġ Fionn Mac
Ċúṁall air ṁaidin ḃreáġ, áluin go moċ,
a g-coige ṁór, leaṫan, Laiġin, do ṡuiḋ
sé air an m-bán feur-ġlas amuiġ, gan
giolla no óglaċ 'nn a aice, agus do lean
beirt dá ṁuintir é, i. Oisin, mac Ḟinn,
agar Dioraing, Mac Ḋoḃair Ui Ḃaoisg-
ne. Do laḃair Óisín, agus duḃairt sé:
"Cia 'n fáṫ ar éiriġ tú ċo moċ sin,
a Ḟinn?" deir sé. "Ní gan áḋḃar a
riġneas an ṁoiċ-éiriġe seo," deir Fionn;
"óir atáim gan bean, gan bain-ċéile, ó
d' eug Maiġnéis, inġín Ġaraiḋ glúnaiḃ
ṁic Ṁóirne; óir ní gnáṫaċ do 'n te
naċ ḃ-fuil bean ḟoileaṁnaċ aige suan
no sáṁ-ċodla do ḋeunaḋ; agus is é sin
áḋḃar mo ṁoiċ-éiriġe, a Oisín."
"Creud do ḃeireas ṫusa mar sin?"
a deir Oisín; "óir ní 'l bean no ḃain-
ċéile a n-oileán glas na h-Éireann, air
a g-cuirfeása aṁarc do ṡúl, naċ d-taḃ-
arfamois, air ais no air éigin, ċugad í."
agus an sin do laḃair Diorraing, a's
is é a duḃairt sé. —
"Do ḃraiṫfinn féin bain-ċéile oireaṁ-
neaċ ḋuit." "Cia ṡí féin?" a deir Fionn
"Atá Gráinne, inġín Ċormaic Ṁic
Airt Ṁic Ċuinn, ċeud-ċaṫuiġ," deir
Diorrang; ".i an ḃean is feárr deliḃ
agus deunaṁ agus urlaḃraḋ de mnáib
na cruinne go h-iomlán."
"Air m' ḟocal, a Ḋiorraing" deir,
Fionn. "tá imreas agus eas-aontaċt
eidir Cormac agus mé féin le am fad-
a, agus níor ṁaiṫ agus níor ṁaiseaċ
liom go m-beiḋeaḋ diúltúġaḋ toċmaire
orm, agus b' ḟeaárr liom go raċfaḋ
siḃse a n-aoinḟeaċt aig iarraiḋ a inġín
air Ċormac dam, óir b' Feárr liom go
n-eiteóċaḋ sé siḃse 'ná me féin."
"Raċfamoidne ann," adeir Oisín, "giḋ
naċ ḃ-fuil aon tairḃ ḋúinn ann; agus
ná beiḋeaḋ fios ar d-toruis aig aon-
duine no go dtigfeamuid air ais arís."
Lanta air taoḃ 48
