AN GAOḊAL.
55
FORAS FEASA AIR ÉIRINN.
An Dara Leaḃar.
O Ṁiċeál O' Suillioḃáin ḋe ḋeasḂoston.
A deir Ṡanderson san gceud leaḃar
de ṡiosma na Sacsan, go d-tugadar
Gaoiḋil, do láṫair iar ngaḃail creid-
eaṁ, iad féin agus an ṁéid air ċumas
leo faoi smaċt do Easbog na Róiṁe;
agus na rabh árd ṗronsa eile orṫa aċt
Easbog na Róiṁe, go roċtain flaiṫios
Éireann do Ġallaiḃ'
Seo briaṫar an uġdar : "Ṫugadar
oiḋreaċt air ḋó faoi láṫair iar ngaḃail
ċreideaṁ, iad féin agus a rab aca cur
faoi smaċt Easbog na Róiṁe, agus na
raḃ adṁáil aca air árd-ṗrionnsa eile
do ḃeiṫ air Éirinn aċt Easbog na Róiṁ-
e gus an aimsir úd, go gaḃaltas Gall."
Giġeaḋ ní fíor an niḋ sin, mar is foll-
as a Psailtir Ċaisil, mar a laḃaran Ir-
iall Faiḋ Mac Eireaṁóin, agus mar a
d' ḟoillsiġ gaċ aireaṁ ríoġa ó ṡíol Eir-
eaṁóin, gur gaḃaḋ Éire le Padraig, a-
gus dá éis. Ag seo na briaṫra ceart. —
'Do ġaḃ iriall Faiḋ flaiṫios Éire deiċ
m-bliaḋain, agus do ġaḃadar caogaḋ is
seaċt riġ sul do ṡiolaḋ riaġail Ċríost
le Padraig ann Éirinn do ṡlioċt an riġ
ceudna. Agus déis Padraig, do ḃí
caogaḋ riġ do ṡlioċt a ḟlaṫios ann Éi-
rinn. Atá seo go follas ann anála ár-
sa na h-Éireann, agus san Réim Rioġ-
raḋ. Ag seo mar ṫig Policronicon air
an niḋ ceudna: Ó ṫeaċt Ṗadraig go h-
aimsir Feiḋlime, riġ Ṁúṁan, do bí trí
riġ agus trioċaḋ a ḃ-flaiṫios Éireann;
feaḋ ceire ċeud bliaḋan. Ann aimsir
Feiḋlime do ṫangadar Fionnloċlannaiġ
le na d-taiseaċ, Turġesius, go Éirinn.
Is ionntuiġṫe go raḃadar rioġa air Éi-
rinn do Ġaoḋal n-diaiġ Ṗadraig.
A deir an t-uġdar ceudna: "O aim-
sir Turġesius gus an riġ deiġionaċ,
Ruari, riġ Ċonnaċt, ḃí seaċt riġ ḋeug
air Éirinn." As gaċ niḋ díoḃ seo; is
follas naċ fíor naċ raḃadar riġṫe
air Éirinn ó aimsir Ṗadraig go gaḃal-
taṡ Gall.
Agus tig leis seo an niḋ a leiġṫear
san sémeaḋ éipistil deug do sgríoḃaḋ
Anselem naoṁṫa, Árḋeasbog Ċanter-
beriġ, mar sríoḃann go Muirċeartaċ
O'Briain, riġ Éireann. Aṁuil leiġtear
a n-Doċtúr Uuisior san deasgán do
ċnuaisig sé do leitreaċaiḃ naoṁ ċléire
na h-Éireann agus Ṡacsan, mar an ab-
air, "Moriartho glórioso reġi hibernie,"
Agus mar sgríoḃas árdeasbog Ċanter-
beriġ, Lanfrancas go Toirḋealḃaċ O'
Briain, Riġ Éireann, anno Domini, 1074.
Deir an t-uġdar ceudna, Lanfrancas
peacaċ agus Árdeasbog neaṁ diong-
ṁálta Naoṁ Eaglais, Doroḃornensis,
beannaċt go seirḃís agus go nguiḋe go
Toirḋealḃaċ, Riġ Éireann. Atá aig
neartuġaḋ le fírinne na neiṫe seo, an
niḋ a léiġṫear san eipistil, aon-is-dá-
ḟiċead de 'n leaḃar ceudna.
Mar sgríoḃann an Ċeud Henri, riġ
Ṡacsan, go Rodolṗus, Árdeasbog Ċan-
terḃeriġ, ag iarraiḋ air a ġráġ' do ṫaḃ-
airt do ṡagart dá 'r b' ainm Gregórius,
agus oirneaḋ Éasbog Áṫ-Ċliaṫ tre-
furailioṁ Riġ Éirionn, anno Dom. 1123.
Seo briaṫra Riġ Ṡacson : D' ḟurail
riġ Éirionn ormsa agus buairgeisiġ
Duiḃlinne, ṫógadar an Greagóir seo 'nn
a easbog, do ċuireadar ċugadsa é, da
oirneaḋ; uime sin, furailiomsa ortsa
ionnas go d-tugṫá an iarraiḋ dóiḃcoiṁ-
líonaḋ gan cáirde ḋeun air a oirnenḋ.
As gaċ niḋ dá n-duḃraim is follas naċ
fíor le ráḋ naċ raḃ riġ no uaċtrán eile
air Éirinn ó almsir Ṗadraig fo gaḃal-
Gall. As follas fós naċ raḃ cur cinn-
te aig fána na Róiṁe air Éirinn riaṁ,
aċt mar do ḃí air an Spáinn, no air an
ḃ-Frainc, no air ċríoċaiḃ eile, go aimsir
Ḋonnċaḋ Mac Ḃriain Ḃoroiṁe. do
ċuaiḋ do 'n Róiṁ, tuairim 77 bliaḋain
sul ṫangaḋar Gaill an Éirinn, giḋ air
ndul Donnċaḋ Mac Ḃriain do 'n Róiṁ,
aṁuil a duḃramar ṫuas, ṫug sé féin
agus uaislé na h-Éireann aonta le cur
do ḃeiṫ aig Easbog na Róiṁe, do ḃriġ
go m-beidís féin easaontaċ le ċéile fá
iomċosnaṁ Éireann. Óir tar ċeann go
sgríoḃaḋ uġdair go coitċionn gur ḃronn
Constantine Impire air ngaḃail baist-
iḋe do oileán iarṫar Eorpa do Silḃes-
ter, Pápa. Níor ṡealḃ do 'n Ṗápa air
Éirinn sin, do ḃriġ naċ raḃ sealḃ aig aon
Impire dá raḃ 'san Róiṁ riaṁ no aig
Constantine do réir sin.
