AN GAOḊAL.
71
DÓMAIRM ḂÁIS RIOBAIRT EMET
[EMMET'S DYING SPEECH],
(Continued from our last)
Tig le ḃur g-croċadóir leus mo ṡaoġ-
ail a ġioruġaḋ, aċt ċo fad is ṁairfeas
me cosnóċaḋ me mo clú agus mo ṫeas-
ṫas ó ḃur n-aiṫis, mar ḟear a ḃ-fuil a
ċlú níos measa leis 'ná a ḃeaṫa, deun-
fad an ḟéiḋm ḋeiġionaċ de 'n ḃeaṫa sin
aig ceartuġ'ḋ an ċlú sin a ṁairfeas mo
ḋiaiġ, óir is sé an oiġreaċt aṁáin é a
ṫig liom ḟáġail leis an muintir a ġráḋ-
aiġim agus onóirim, agus ce air son a
táim aig eugaḋ go leaṫadaċ.
Mar ḟir, mo ṫiġearna, caiṫfamuid a
ḃeiṫ láṫair air an lá mór déiġionaċ aig
an g-cúirt-ċeirt coitċionta, agus beiḋ
sé ann sin aig cuartuiġṫeóir na g-croiḋ-
eaḋ go h-uile a ṫaisbeánaḋ do 'n ċruin-
ne cruinnuiġṫe, cia ḃí tógṫaḋ suas lé
na gníoṁarṫaḋ ḃaḋ suḃáilce no le na
mianta buḋ glaine, tíoránaiġṫe mo ṫír-
e no — Norburriġ, Tosd, a Ṡaoi, éist le
breiṫ na cúrta.
A ṫiġearna, m-beiḋ fear a tá fáġail
ḃáis seunta an ṗriḃléid é ḟéin a ċeart-
uġaḋ os coṁair na n-daonaċd ó 'n aiṫis
neaṁ-ṫuillteaċ a caiṫeaḋ air air feaḋ a
ċúise? Dá ċúisiuġaḋ le glóirṁian agus
le ḃeiṫ aig iarraiḋ saoirseaċd a ṫíre a
ċaiṫeaḋ uaiḋ air luaċ suaraċ. Cia 'n
fáṫ ar ṫarċuisniġ do ṫiġearnais me, no
cia 'n fáṫ a d-tarċuisniġis cóireaċd a
fiafruġaḋ ḋíomsa cia 'n fáṫ naċ mbeiḋ-
eaḋ breiṫ ḃáis taḃarṫaḋ orm?
Tá fios agam, mo ṫiġearna, go n-ord-
uiġeann an cuma ḋuit an ċeist a ḟiaf-
ruġaḋ; orduiġeann an cuma mar an g-
ceudna ceart a freagṫraḋ ; b' ḟéidir
deunaḋ dá easbaḋ seo, gan aṁras, ag-
us d' easḃaḋ an ċúis go h-uile mar an
g-ceudnaḋ, ó ṫárla go raḃ breiṫ taḃar-
ṫa san g-cuisleán sul do ḃí an coiste
glaoiḋte. Ní 'l ḃur d-tiġearnais aċt
sagairt na ḃ-faistineaḋ, úmalaiġim do
an ioḋḃairt, aċt seasaim air na cum-
ṫaiḃ go h-uile.
Tá me cúisiġṫe le ḃeiṫ mo ṫeaċdaire
ó 'n Ḟrainc, teaċdaire de 'n Ḟrainc! ag-
us cia air a ṡon? tá sé cúisiġṫe go m-
ḃ'é mo ṁian saoirse mo ṫíre a ḋíol,
cia 'n fáṫ? a m-b' é seo iarraċd m' ain-
ṁian? agus an é seo an moḋ a n-iarr-
ann cúirt-ċeirt contrárdaċd a ṡaṁal-
uġaḋ? Ní ṡeaḋ — ní teaċdaire mise.
B' é m' ainṁian áit a congḃál a measg
fuasgluiġṫeóiriḃ mo ṫíre, ní g-cúṁaċd
no soċar, aċt a nglóir an ġníṁ. Saoir-
se mo ṫíre ḋíol do 'n Ḟrainc; cia air a
ṡon; malraid máiġistir? ní ṡeaḋ aċt
do m' ainṁian féin! a mo ṫír, an é m'
ainṁian féin a ġríosuiġ mé. Dá mb' é
mo ṫoil é naċ ḃ-feudfainn, le m-foġluim
agus le mo ṁaoin : le meas agus stáid
mo ṁuintire, me féin a cur ameasg an
ċuid is uaḃraiḋe dá 'r d-tíoránaċ.
B' í m' ioṁaiġ mo ṫír. Is dí a rinne
me ioḋḃairt de 'n meud a ḃí cionaṁuil
agam air an t-saoġal seo, agus is dí
ofrálaim me féin anois, a Ḋia. Ní eaḋ,
a ṫiġearnaiḋe, gníoṁas me mar Éirean-
naċ cinnte air mo ṫír ḟuasglaḋ ó ċuing
ċruaiḋ, ċioṁṫeaċ, agus ó ċuing níos ur-
ċóide, clamparaċd ṫeaġlaċáin; a ċoṁ-
ṗáirtiḋe san g-cinn-ṁarḃuiġṫeóir, aig a
ḃ-guil mar ṫuarastal aiṫis a ḃeiṫ beo
le aoiḃneas san taoḃ amuiġ agus le
meaṁair ṫruailliġṫe san taoḃ astiġ.
B' é mian mo ċroiḋe mo ṫír a ḟuasg-
laḋ ó 'n tíorántas dlúṫ-ċeangailte so.
Baḋ mian liom a saoirseaċt a ċuir an
roċd aon ċuṁaċda san doṁan; ba mian
liom í árduġaḋ do 'n stáid leiṫeadaċ
sin san doṁan a ḋeonuiġ Dia ḋí a líon-
aḋ.
Ḃí coṁ-ċeangal leis an ḃ-Frainc, go
deiṁin, luaiḋte, aċt ċo fada aṁáin a's
beiḋeaḋ sé teastdáil no a soċar coiṁ-
ḟreagraċ. Dá m-beiḋeaḋ na Francaiġ
gaḃaḋ uaċdarántaċd neiṁ-ionan le
saoirseaċd iomlán, b' é coṁarṫa a g-
creaċaḋ é. D' iarr muid a g-cungnaṁ,
agus ḋ' iarr muid é mar do ḃí dearḃ-
ṫeaċt againn go ḃ-fuiġeaḋ sinn é. mar
ċongantóiriḋ ann ár, agus mar ċáirde
ann aimsir síoṫċáin. Dá m-beiḋeaḋ na
Francaiġ le ṫéaċd mar ċreaċadóiriḋ, no
náṁaidiḋ, gan cuireaḋ le mian na
n-daoiniḃ, raċfainn 'na g-toinne le mo
neart go h-uile. Seaḋ, mo ṫíreaċa,
ċoṁarlóċainn siḃ a ḋul 'na g-coinne air
an tráiġ le cloiḋeaṁ ann aon láiṁ ag-
