72
AN GAOḊAL.
us troillseán san laiṁ eile. Raċfainn
ann na n-aġaiḋ le creaċ-ḃuile an ċogaiḋ
go léir, agus ḃrosdóċainn mo ṫíreaċa
ċum iad a ḃarḃaḋ ann a m-ḃádaiḃ sul
do ṫruailleóċaḋ siad iṫir mo ṫire.
Dá n-éireóċaḋ leo a ṫéaċt air ṫal-
aṁ, agus go m-b' éigin dúinn imṫeaċt os
coṁair buiḋeána níos cuṁaċduiġṫe,
ṫagróċainn gaċ urlaċ talṁan, leagfainn
gaċ teaċ, agus ḋóġfainn gaċ riḃe féir,
agus an áit ḋeiġionaċ a d-tréigeóċaḋ
dóċus saoirre mo ṫíre me, ann sin d'
ḟanfainn, agus ḃeiḋeaḋ clais ḋéiġionaċ
mo ṡaoirse mo uaiṁ; an niḋ naċ ḃ-feud-
fainn féin a ḋeunaḋ ann mo ċliseaḋ d'
ḟágfainn mar orduġaḋ déiġionaċ aig
mo ṫíreaċa a ċríoċnuġaḋ, mar tá me
cinnte go ḃ-fuil beaṫa ċo maiṫ le bás
easonóraċ ċo fad as ċongbuiġeas náis-
iún coiṁṫeaċ mo ṫír uṁalaiġṫe. D'arr
mé, go déiṁin' congnaṁ ó 'n Ḟrainc,
ba ṁian liom a ċruṫuġaḋ do 'n Ḟrainc is
do 'n doṁan go m' ḟiú Éireannaiġ a
ḃeiṫ cuidiġṫe; go raḃ siad mio-ṡásta a
ḃeiṫ na sgláḃuiġṫe, agus go raḃ siad
réiḋ le saoirseaċd a d-tíre ḋeiṁniuġaḋ.
Buḋ ṁian liom é ḟáġáil do mo ṫír an
banna fuair Ṁashington ċum America,
congnaṁ ḟáġáil a ḃeiḋeaḋ ċo taḃaċdaċ
le na ḋeaġ-ṡompla agus ḃeiḋeaḋ se le
ċroḋaċd: múinte, calmaċ, líonta le eal-
aḋán agus le eolas; cuidiġṫeóiriḋ a
ċomeudóċaḋ puince ṁaiṫe, agus a ṁín¬
eóċaḋ puince ġarḃ' ar nádúr. Ṫiocfaċ
siad ċugainn mar strainséiriḋ agus d'
ḟágfaidís sinn mar ċáirde, 'néis a ḃeiṫ
rionnṗáirteaċ ann ar m-baoġalaiḃ agus
ar g-cinneaṁúin árduġaḋ. Buḋ iad so
mo ṁianta ; ní le daorṁeasadóiriḋ
nuaḋ a ġlacaḋ aċt le sean tíoránaiḋe
a ruagaḋ. Agus sin é an fáḋ ar iarr
me congnaṁ ó 'n Ḟrainc, air an áḋḃar
naċ m-beiḋeaḋ an Ḟrainc, eaḋon, mar
náṁaid níos mailísiḋe ná an náṁaid a
tá 'nois a m-brollaċ ar d-tíre.
Coisgeaḋ an seo é.
Tá me cúisiġṫe leis an taḃaċd sin
san iarraċd a rinneas air an ócáide so
agus gur measa mé cloċ-ċeangail an
ċoṁ-aontaċd Éireannaiġ, nó mar duḃ-
airt do ṫiġearnais é, "beaṫa agus fuil
an ċeilg." Tugan tú onóir ro ṁór dam,
tugann tú do 'n iaċdarán creideaṁuin
an uaċdaráin. Tá fir tógṫaḋ suas leis
seo a tá, ní h-é aṁáin níos mó ná mise
aċt níos mó ná do ṡuim-saort féin, mo
ṫiġearna, fir os coṁair a ndaṫaṁlaċd,
a g-cáilliḋeaċd agus a suḃáilce ċaiṫfin
uṁluġaḋ go h-ómásaċ, measaṁuil, agus
ce a ṁeaseóċaḋ iad féin ísliġṫe aig
crioṫaḋ do láiṁ ḟuilḋaiṫiġṫe. — Ċoisg
Norburriġ ann seo é.
Creud a ṫiġearna, n-innseóċaḋ tú
dam' air mo ṡliġe do 'n ċrioċ a tá ull-
ṁaiġṫe le mo ṁarḃaḋ aig an tíorántas
sin ann naċ ḃ-fuil ionadsa aċt an mar-
ḃuiġṫeóir méaḋonaċ, go ḃ-fuil me cun-
tasaċ faoi an meud fola tá dóirte as
a ḃeiḋeas dóirte anna a saoṫar seo
eidir na leaṫtromóiriġṫe agus na leaṫ-
tromóiriḃ : 'n innseóċaḋ tú é seo dam,
agus a g-caiṫfiḋ mise a ḃeiṫ mo sgláḃ-
uiġe ċo mór a's nach m-buailfinn siar é?
NÁ TÓIG AIR AN ḃ-FILE.
Fonn — Caitlín Tíriall.
[Oh blame not the Bard — Translation on page 80]
Ná tóig air an ḃ-file, má euluigeann
faoi 'n g-cluan,
'N a m-biḋeann soġ-ċlaon a fonóid faoi
árd-ṫuaḋ go buan,
Níor ṫair ḃí ḋoiġ sinsir 's le uan 'gus
le trá
Go clutaṁuil, do ḋeunaḋ gníoṁ gaisg-
iġ gan sgáṫ;
An teud' tá 'nois sínte air an g-ceol-
ċruit go fann,
Do ṡeolfaḋ a g-croiḋe náṁaid an bás-
ġaṫ go teann;
'S an teanga, naċ sileann aċt mil-ṡruṫ
na g-claon,
Buḋ tuilteaċ í a brosduġaḋ gráḋa
tíre na ḃ-Fian —
Mo nuair d'a ṫír áluin! tá a caiṫréim
'nn a luiḋe,
'S an croiḋe cróḋa briste, nár ḃ-féi-
dir a ċlaoiḋeaḋ;
Caiṫfiġ eugcaoin a ḟíor-ṡlioċt ḃeiṫ
faluiġṫe ó 'n t-saoġal,
Óir is bás ḃreiṫ a cosaint, is ní 'l a
cumann gan baoġal.
