AN GAOḊAL.
73
Tá clann gan aon ċeannas, mur n-deun¬
faiḋ siad feall,
'S mur d-truailliġid a sinsear aig iom¬
póġaḋ le Gall :
'S an trillsean tá aig lasaḋ. sliḋe
ċéime gaċ lá,
Naċ sgiobṫar ó 'n g-cárn é, air a ḃ-fuil
Éira d' a cráḋaḋ.
Ná tóig air an ḃ-file a ḃeiṫ a síor-
ḋeunaḋ rann,
'S an t-olc naċ n-dán léiġeas, a ḋíb-
reaḋ le greann :
Biḋeaḋ aige aċt leus dóċuis, is las-
faiḋ go beo
A rosga tre ḃrat cuṁa mar an ġrian
tre sláṁ ceo;
Deunfaiḋ ioḋḃairt do Éirinn de na
beusaiḃ a ḃiḋeann
D' a ṡeolaḋ air mearḃall le fánaḋ a
ċlaon,
'S le dlaoiġ na g-craoḃ glas, tá fiġte
air a ċeann
Mar an Greug aig imirt díoġaltais
folóċaiḋ sé a lann.
Aċt giḋ gur eulaiḋ do ṁór-ċéim, mar
aisling na h-oiḋċe,
Beiḋ d' ainm d' a luaḋ aig an ḃ-file a
ċoiḋċe,
An tráṫ is mó suarcas air aigne le
seun,
Beiḋ aig seinim go h-árd-ḃinn do leaṫ¬
trom 's do leun:
Cluinfiḋ an coigríġeaċ do ġárṫa-croiḋe
fíor,
Raċfaiḋ eugcaoin do ċláirsiġ ṫar ṁuir
a's ṫar ṫír,
'S do ṫiġearnaiḋ a teannaḋ na slaḃ-
do d' ċlaoiḋ',
Silfiḋ deora na truaiġe le teann ḃris¬
te croiḋe.
BUAĊAILLEAĊ AN ḞIRĠIL.
[The Bucolics of Virgil]
Translated from the Latin, and now printed for the
first time.
Copied from the Tuam News.
An ċeud Rann —
B — Aċt raċfamuid féin, faraoir!
ann oiltíre. air fán,
Faoi ṫuaṫ 's faoi ḋeis, faoi 'n Aifric
loisgṫe, bán,
'S go bruaċ Aṁasaiġ ṡruiṫ-ḃoirb, ṁór-
ṫuilte ṫréin,
'S go tír na Scuit, áit is fada, ro-
ḟada uainn féin!
Cuid eile dínn fós, ameasg na m-
Breaṫnaċ le stad,
Dream daoineaḋ ó 'n doṁan, tá deal-
uiġṫe 'maċ air fad;
Mo ḋuṫċas féin ag filleaḋ arís air ais
Nó bárr mo ḃoṫáin tá deunta d'ḟóide
glas,
Mo ṡeilḃín ḃeag-sa, saoṫar mórán
bliaḋain,
Le áṫas mór, a ḃ-feiċid uaim rís a g¬
cian?
M-beiḋ feast' ag borbán míliḋ, mo ġort
's mo ḃárr —
Oċ feuċ gaċ sgrios ḃéir imreas orrain
a's ár!
An fós le aṁasaiḃ doirḃ ar d-tír 's
ar d-tuaṫ?
Cia ḋó ar ṡaoṫruiġmuid fearanna
cruaḋ,
'Nois cóiriġ crainn uḃal caol amaċ
faoi 'n máġ,
'S an fíonuir fág, a Ḃinnḃéil, réiḋ faoi
ṡraṫ.
Mo ṁíle slán, a ṁeann-ṫreid, leat go
deo!
Mo ṡealḃán gaḃar, ḃí 'nn áll úd, aer-
aċ, beo,
Ní ḟeuċad oraiḃ' féin 'mo luiḋe 's an
g-cró,
Air ṫaoḃ na h-aille, air ingealtas
uaim níos mó,
No coṁnaiḋ duilliġ na ngas 's na luiḃ-
eann buḋ geur,
No claonaḋ 'nuas le fánaḋ aille 's an
aer.
Ní ġaḃfaiḋ mé feasta, aḃrán le ḃur
d-taoḃ'
A's siḃse bearraḋ na lus a's bláṫ na
g-craoḃ,
S — Act liomfa 'noċt' air aon ṁoḋ,
tar agus sín,
Air leabaiḋ de ḋuilleaċ ḃog a's de
luaċair ṁín;
Tá agam duit úḃla, cúṁra, snuaḋ-
ḃuiḋe óir,
A's cno-ṁeas aipiḋ, le cáis má 's maoṫ
