82
AN GAOḊAL.
Chicágo, an ċeud lá Ṁí-ṁeaḋain, '82.
D' Ḟear-eagair an Ġaoḋail :
Ní'l mórán aiṫriste agam le h-inn-
sint duit anois. Tá gaċ aon niḋ dul
air aġaiḋ annso mar a g-cóṁnuiḋe; tá
an aimsir fliuċ agus fuar; tá an gno
olc agus Éireannaiġ na caṫraċ so — cab-
óga mar tá an ċuid is mó aca — mi-ċúr-
amaċ timċioll a d-teangan.
Inneósaiḋ me ḋuit timċioll leaḃar
do cuireaḋ amaċ ċugam as Gearmain-
ia. 'Sé graimeár na Gaeḋilge, sgríoḃ-
ṫa a n-Gearmanaċ leis an t-Saoi Ṁin-
dis. Ní'l ḟios agam má ṫuigfiḋ tú mé
nuair a sgríoḃaim ainm an úġdair seo
sna sean litiriḃ. Ní ḟeudaim sampla
níos feárr do ḃeiṫ agam le taisbeán'ḋ
amadánaċt úsáide na sean litireaḋ,
óir ní ḟeudaim a ainm do sgríoḃaḋ
annta ann aón ṁoḋ ann a d-tuígfiḋ
daoine cia air a laḃaraim. So ainm
mar sgíoḃann sé féin é a litiriḃ Róm-
ánaċ. — Windisch. Is breáġ agus is foġ-
lumṫa an graiméar é go deiṁin, aċt is
beg naċ iomarca dam é, óir ní aṁáin
gur éigin dóiḃ so a léiġeas é, Gearmán-
aċ do ṫuigsint, aċt caiṫfiḋ siad Laid-
in agus Gréigis do ṫuigsint mar an g-
ceudna, óir tá mórán de'n dá ṫeanga
so ann.
Do ċuir an taoiseaċ Mac Giolla
Ṗaidrig deiċ a's dá ḟiċid dollar ċum
na h-Aondaċt-Gaeḋilge ann Áṫ-ċliaṫ;
sin é an meud airgid do ṫuilleaḋ as
mo leiġeann a m-Baile na Saiġdiuraḋ.
Cuirim ċugad alt as dán breáġ do
fuair me a Leabhar-Laġain atá annsa
leaḃarlann annso. Ḃí sé sgríoḃṫa ann-
sa deaċṁaḋ ceud-ḃliaḋain le fear dar-
b' ainm Broccan, cia bé h-é; do sgríoḃ-
aḋ an dán do ṫaisbeánaḋ glóire Cúige
Laġain, agus is píos filiḋeaċt ḃreáġ í.
Ná saoil go g-cuirim ċugad é mar ġeall
go molann sé mo ċúige ḟéin. Níor ḃain
aon de ċúigiḃ na Miḋe le Laiġin annsa
t-seanaimsir, aċt ḃí daoine na Miḋe
'na naṁaidiḃ ba ṁó ann Éirinn aig na
Laġainiḃ.
Molaḋ Laġain — Broccan ro can. —
Ní ċluinim aon ċuiceḋ etar talṁain is
neaṁ niṁe
Cailliġ imar Neaṁ Ḃriġit agus cléraċ
imar Caoiṁġen;
A's inad baḋ ċoṁ-eḃinḋ ra Les Loġa
Mac Eiṫlind,
A's cell imar Taṁlaċtain agus caṫir
imar Leiṫġlind;
A's Fiḋ imar Fiḋ Meirge ra cnes
caṫa agus coṁlind,
A's ess imar ess nDuṫaite agus dún
imar Dúḃlind;
A's cluan imar neaṁ relic Aeḋa Find
féib adfédim
Inṁain inad esserġi í fil martíriḋe
neaṁ Éirenn.
Níor ṁalartuiġ me aon niḋ san bpíos
sin ṡuas aċt aṁáin do sgríoḃas "a's"
a n-áit "is," mar ṡaoil me go n-deunfaḋ
sin é níos soilléire dóiḃ seo naċ ḃ-fuil
láidir san teangain ársaiġ; agus do
ċuir's puinc os cionn beagán de na coṁ-
ḟoġaraiḃ, mar níor ċuireaḋ punc os
cionn b, g, d, no m annsna sean leaḃraiḃ
T. O. Ruiséal.
Explanatory notes to the verses from the Book
of Leinster. —
Imar, now written mar, "as"; coṁ-eḃ-
ind, this would now be written co-aoiḃ-
inn, it means “equally delightful"; Les
Loġa Mac Eiṫlind, the fortress or dwell-
ing of Logha, the son of Eithlind.
I do not know any place in Leinster answering to
this name at present.
Taiṁleaċtain, this is evidently the
place now called Tallaght, in the coun-
ty Dublin; Leiṫġlind, this is probably
Leighlin-bridge, now an insignificant
village in the county Carlow; Fiḋ
Meirge, I do not know in what part
of Leinster this wood was; ra, this
word is the same as "re,” but is writ-
ten now le; it means “with, for, for the
purpose of;" ess nDuṫaite, the water-
fall Duṫaite; I do not know any place
of the name; most likely it was the
old name of Powerscourt waterfall in
the county Wicklow; the word is now
written eas; Aeḋe Find, Hugh the
Fair: I dont know where this relic or
burying place was situated.
The last line of this poem is very
beautiful; it means, literally, “The
