﻿98
AN GAOḊAL
Nuair a cailleaḋ Turgaesios 's ḋá
réag taoisiġ,
Ḃí Loċlanaiġe sang: an- óig, Miléisions,
Gaċ duine 'sa tór a ġream Turgaesios,
Gur ruag an deire amaċ as Éire.
Chicago, an dara la deug luil, '82.
D' Ḟear-eagair an Ġaeḋil:
Ḃí me ag laḃairt le Miċeál Mac
Diarmuid, tóṁasadóir-talṁan de 'n
ċaṫair seo, timċioll an Ġaoḋail, Deir
sé nár sgríoḃ sé ċugad agus nár ioc sé
a ṡaoi-sgríoḃaḋ de' ḃriġ go ḃ-fuil súil
aige anmanna deiċ a's da ḟiċid faoi-
sgríoḃaḋoraḋ do ċuir ċugad go goirid.
'Sé an Saoi Mac Diarmuid an fear is
feárr annso a d-taoḃ na Gaeḋilge, a-
gus do rinne sé ċeana gaċ ann a ċumas
dá timċeall. Dá m-beiḋeaḋ aon ḟear-
eagair Éireannaċ annso do ḃeiḋeaḋ
toilleaṁuil Gaeḋilig do ċloḋḃualaḋ, ní
fad go m-ḃeiḋ rang di san g-caṫair so;
aċt foraoir! ní 'l aon ḟear-eagair Éir-
eannaċ annso ag a ḃ-fuil an mian is
lúġa, aon niḋ do ḋeunaṁ timceall
teangan a ṫíre. Ní'l foċal di a g-ceann
aoin ḟir aca, agus mar doiniḃ beaga eil-
e, mi-ṁeasann siad gaċ niḋ naċ d-tuig-
eann siad. Dá mi-ṁeasfaḋ siad an
Ġaeḋilge ċo mór agus mi-ṁeasaim féin
an ċuid is mó ḋioḃsan, ní ċloḋḃuailfeaḋ
siad aon ḟocal di go ti deire 'n doṁain.
Glaoḋaim aire an léiġṫeoire air an
dá rann ṡuas ann a úsádiġim an focal
"mi-ṁeasaim" mar ḃriaṫar. Tá ḟios
agam naċ ndeireann siad so a laḃair¬
eas Gaeḋilig "mi-ṁeasaim" no "di-
ṁeasaim;" aċt deireann siad go coit-
ċionn, "tá mi-ṁeas agam," &c. Giġeaḋ,
tá an moḋ sin, cainte do ċleaċd me,
ċeart; a's tá sé le feicsint a sgríḃinniḃ
ard-úġdar na teangan.
Tá seasgaḋ piġin agad orm; óir do
ḋíol an Liaiġ Ó Currán me air son
faoi-sgríoḃṫa bliaḋna do 'n Ġaoḋal.
Cuirfiḋ me ċugad stampaiḋe ann
mo litir is neasa; ní ṫig liom iad ḟáġ-
ail anois, tá sé ro-ḋéiġionaċ.
T. O, Ruiséal.
Ní ṫig muidne cia 'n faṫ naċ d-tig
leis an Saoi, T. O. Ruiséal rang Gaeḋil,
ge a ċuir air bun a Ċhicago. Ní ċiḋ
muid go ḃ-fuil aon ċeo aig fir-eagair
Éireannaċ le deunaḋ leis. Tá leaḃra
Gaeḋilge saor agus farsaing anois, ní
h-ionan agus an uair a cuireaḋ cuall-
aiḋeaċd an Ṗílo-Celtiġ air bun sa g-
caṫair seo. Cuirfiḋ triúr no ceaṫar
fear cuallaiḋeaċd air bun a g-caṫair
air biṫ a m-beiḋid. B' ḟéidir naċ ḃ-fuil
airgiod le cosg aig fir-eagair Éireann¬
aċ na g-caṫraċ seo, no b' ḟéidir naċ d'
teasduiġeann an Ġaeḋilge ó na léiġ-
ṫeóiriḃ. Is aisteaċ an saoġal é seo,
agus tá na daoine níos aistiḋe. Tóig
an tuataċ is mó sa tír agus cuir an
áit é a n-déanfaiḋ sé airgiod, agus ann
am an ġeárr iompoiġ sé suas a ṡron
agus tosóċaḋ sé gearraḋ an ḃaurla
Gallda, agus a caṫaḋ droċṁeas air
ṫeangain a ṫíre féin. Tá sé g-cumas na
n-daoine ioċlaċ a ċuir air ḟeareagraiḃ
Éireannaċ Gaeḋilge a ċloḋḃualaḋ má
ugruiġeann siad é.
Fágaidís a b-páipéir aca ḟéin
le léiġeaṁ muna m-beiḋ Gaeḋilge
annta agus raċfamuid a m-bannaiḋe go
m-beiḋ Gaeḋilge annta air fad go goir-
id. Feuċ an páipeur seo, an ċaoi atá
sé dul air aġaiḋ. Tá aon duine uasal
aṁáin a Nuaḋ Ġorc, an Saoi Cromien,
ce íocas air ṡon fiċe cóip sa mí, agus
níos mó na sin air ṡon fuagraḋ a gnó-
ṫa ann. Sin é an fear a ṫaisbeánas
le na gníoṁarṫa dílseaċt an áḋḃair-
Tá go leor daoine uaisle eile air
feaḋ na tíre a tá 'g oibriuġaḋ a g-cás
an teanga mar an g-ceudna. B'ḟéidir
go ḃ-fuil daone fós a loċduiġeas an
Gaoḋal. Má tá ní 'l neart againn or-
ṫa ; níor cuireaṁ aon niḋ air bun a-
riaṁ naċ m-beiḋeaḋ a loċdtóraḋ agus
a ṁaoiḋtóraḋ aige. Tá ngar de ṁíle
duine a ċeannuiġeas an Gaoḋal anois.
B' ḟéidir go g-ceannóċaḋ tuilleaṁ é dá
measaidís go m-beiḋeaḋ sé seasṁaċ.
ḃ and ṁ sound like w when followed
or preceded by a, o, u, and like v if
preceded or followed by e, i; ḋ and ġ
sound like y; ṡ and ṫ, like h; ċ, like
ch; ṗ, like f; ḟ is mute, and all the
aspirated letters at the end of words
are nearly silent.
