132
AN GAOḊAL.
Fagaimse masan air ṡagart 'n ṗaraist'
Na'r ċaiṫ bunaḋ an lae leis,
Ó ḃí 'n ċaoi aige ar ḟeud sé ḋeunaḋ,
Oifige naoṁṫa a léiġeaṁ ḋi;
Ní'l aon doṁnaċ ó Ṡaṁain go Fóġṁar
Na'r ċóir a ċur ṫríd an éideaṁ;
Dá mbuḋ truaiġ leis Máire, buarṫa,
cráiḋte,
Aig sluaġ-siġe raṫ an t-sléiḃe.
Aċt ní 'l a léiġeas lé faġail nall ó'n
Spain,
Aig sagart no aig cléireaċ.
No go d-tigiġ McGóṁan tá 'r a ċrónan,
A nuas ó ḃarr an t-sléiḃe.
'S aige tá 'n leaḃarlan leis an draoiḋ-
eaċd a ṫógáil,
Ḃaineas do 'n ócáid ceudna;
s ma 's fíor mo sgeul,
Bíḋeann na spócaiḋ léimniġ anns an
aer.
Anois, a Ṁaire, teaċt na Lúġnasa,
Lé cungnaṁ an ard riġ,
Ġeaḃuiġ tú do ṫúrna a ḃ-ḟoirm 'sa dúin,
A mbeiḋ trí ċois úr ó 'n Spain faoi,
Sgiaṫán as Londin, fitean as Luimneaċ,
Spit as Ouill Uí Ṁaile,
Srang de 'n olann if fearr sa g-collon
'S ar n-doiġ go mbeiḋ tú sásta.
Tá sé measgṫa acú
le aḃrán bréige.
T. O. Ruiséal agus an Gaoḋal.
Sgríoḃ an Saoi Marcus McṀáird
leitir ċum an Saoi Ruiséal an
lá ċeana, agus duḃairt sé leis í ċur
ċugainn-ne nuair a ḃeiḋeaḋ sé réiḋ
lei, Fuairmuid í ṫre an Saoi Cramíen.
Tá sé follusaċ ná'r ṁol an Saoi Ruis-
éal an Gaoḋal, óir a deir an Saoi Mc¬
Ṁáird, a roinn da leitir. —
"With regard to the 'GAEL,'
I am not sure that it could not be improved in
many particulars, it does not come up to my
ideal standard, but it is a plucky undertaking all
things considered, and I get for it all the support
I can to give it an opportuuity of becoming bet-
er and of doing more work.”
Anois, a léiġṫeoir cneasda, cad, a
mheasas tú, a duḃairt an Saoi Ruiséal
leis an Saoi McṀáird ionnus go n¬
deárnaḋ sé an freagra sin ḋó? Tá sé
soiléir go leor nar ṁol sé an Gaoḋal
air ċaoi air biṫ. B' ḟéidir gur sgríoḃ
sé ċum daoine uaisle eile air an nós
ceudna. Má sgríoḃ — ní'l aṁras orr-
ainn faoi — agus gur ḟuair sé freagar-
ṫa a g-ċosaṁlaċt leis an freagra noċ
do ṫug an Saoi McṀáird ḋó, ní ḃeiḋ
mórán aige air ṡon a ṫrioblóide,
Nuair nach d-tig leis an Gaoḋal a
ṁaiġistreaċt no a riaġluġaḋ is mian
leis a ṁarbuġaḋ, aċt ní féidir leis
ceaċtar aca a ḋeunaḋ. Tá sé na ċoṁ-
nuiḋe sa g-caṫair is Gaoḋluiḋe san tír
air feaḋ trí no ceaṫair de ḃliaḋanta
agus ní'l sé 'nan sgoil Ġaeḋilge a ċur
air bun ann! Tuigeaḋ naċ g-cuireann
siad seo a tá loċduġaḋ an Ġaoḋail
páipeur air bun? Tá fios againn cia
an fáṫ. Is cuma linn-ne da mbeiḋeaḋ
páipeur air bun anns gaċ baile sa tír —
ḃeiḋaḋ rimeud orrainn faoi, óir tá-
muid aig oibriuġ'ḋ ċum an teanga leaṫ-
nuġaḋ. Má's sé seo an ċaoi is mian
le loċdóiriḋe an Ġaoḋail an teanga
Ġaeḋilge a leaṫnuġaḋ, is doiġ linn gur
caoi ṡuaraċ í. Ḃí cuallaiḋeaċta Ġaeḋ-
ilge air bun sa tír seo sul do smuain-
iḋ siad air a m-Baile-Aṫ-Cliaṫ. Ḃí
cuallaiḋeaċt air bun a m-Boston naoi
m-bliaḋana ó ċoin, agus a mBrooclin go
goirid na ḋiaiġ — dul air naoi m-bliaḋ-
ana; ní 'l sé m-Baile-Áṫ-Cliaṫ aċt tim-
ċioll ċúig ḃliaḋana. Támuidne deunaḋ
ar n-díṫċill air feaḋ ḋá ḃliaḋaindeug,
agus ann uair, le strapaireaċt ṁór, d'
eiriġ linn an Gaoḋal a ċur air bun,
deunann cuid aca a n-diṫċioll a ċur
g-cúl! Óir, a deirid, naċ ḃ-fuil sé
sgríoḃṫa a nGaeḋilge ṁaiṫ, agus iad
féin, ce na raḃ fios air ḟocal Gaeḋilg-
e aca sé bliaḋana ó ċoin, na breiṫiṁ!
Adḃuiġeann muid go m-biḋeann go
leor loċda agus mearḃala san nGaoḋ-
al ó am go h-am, aċt má ḃiḋeann is air
easbaiḋ am a ḃeiṫ againn a ġeurḃreaṫ-
nuġaḋ sul do ṫeiḋeann sé ċum an
ḃ-fáisgeán. Dá m-beiḋeaḋ ceart deun-
ta leis an Gaoḋal tóigeoċaḋ sé ar n-
am go h-uile. Ní 'l muid 'nan an t-am
sin a ṫaḃairt ḋó fós : nuair ḃeiḋeas
muid tá súil againn naċ m-beiḋ mórán
loċṫa ann. Tá os cionn ḋá ċeud dol-
lar os ar b-póca ó cuireaḋ an Gaoḋal
air bun. — a g-cuireoċaḋ a loċdóiriḋ an
