AN GAOḊAL
143
Naċ ḃ-fuil ṡios agad, a ṁic mo croiḋe,
Air ṁian diaḃluiġṫe 'n dlíġe,
Tá curṫaḋ air bun le Sacsanaiḃ,
Ċum' ċlann a ṡlad 'sa ċlaoiḋeaṁ ;
Tugann sé cuṁaċt' do 'n arm duḃ,
Air éis tuiṫeaḋ na h-oiḋċe,
A g-caiṫeaḋ 'steaċ a g-carcair ḋuḃ',
Ma ṡiúḃalann siad an t-sliġe.
Is mise Éire, do ṁáṫair ḃrónaċ,
A stóirín mo ċroiḋe,
Atá silt na n-deor go frasaċ,
Faoi ḋuḃ-ḃrón agus faoi ċaoi,
Feuċaint air mo ṫeaċ 's mo ṫeallaċ,
Ann allóid faoi ṡóġ as seun,
Anois aig tíoránaiḃ na Sacsanaċ,
A n-geur-ċráḋ agus a leun."
Ḃí iongnaḋ mór orm faoi na sgeul,
Mar ḃiḋeas aineolaċ 'san t-saoġal,
Is riġneas smuaineaḋ, mar aon a neul,
Air na foṫla ó na beul;
Is duḃras seo, air leiṫ, liom féin —
Breaṫnuġaḋ air uaisle a méin —
"Naċ ḃ-fuil Éireannaiġ teann is treun,
Is tuige ḃ-fuil a mam faoi leun?"
Gaċ uíle ḟoċal a duḃairt sí liom,
Ḃí a ṁíniuġaḋ foillseaċ dam,
Go raḃ mo ṫír faoi ṡlaḃraiḃ teann,
Is liaċt fear óg mar mise ann,
Gan smuaineaḋ ṫaḃairt air a leun,
Giḋ go ḃ-fuilmuid calmac, treun,
Is riġn's an móide so air a b-puinte —
"Má ḃím beo beiḋ a saoirse cinnte,"
(le ḃeiṫ leannuiġṫe)
THE CELTIC TONGUE RESURGENT,
(Continued)
IV
"Cuiṁne, a ṁic, nuair do ṡeol h-Erea-
mon fadó, fadó, ó -n Spáin,
Ṫar lear le na ċaiṫ-Ṁíleaḋ treun go
láir, ann aon caḃlaċ aṁáin;
A's aig ruigin Inḃear-Cúlpa, air Éire
glas, a ċeud cois-céim do ṫug,
A's tré ar Innis-Ealga a ṁeirge, ceár-
nach do riug,
A's mar do riaġal sé go riġṫeaṁuil
aig Palás Teṁair teann;
De na ríġṫe Míleaḋ láḋaċ go léir, an
ċeud ċeann do riaġal ar dtreann;
Cuiṁne, fós, na ḋiaiġ sin, nuair do
ṫainic flaiṫ Ṫaḋaire ṫar geoṫ,
A's ḃí'nna ċoinṁe aig an árd-riġ-na h-
Éireann anns na laeṫe breaġ fadó :
A's mar d' árduiġ guṫ an file, le cláir-
seaċ ceoil d' ar d-tír,
Aig an bainḟeis d'ár ríoġan agus an
treun flaiṫ ó Ṫaḋair,
A! b' iad na laeṫi sonna, ṁic, sul ṫuit
ainneaṁ ná scleo,
Air saoirseaċt baile Banba Boċt, 'san
Am stárḋaiṫe fadó!
V
Do riaġal, ann Éirinn glas, iomḋa
ceuda bliaḋanta ó ṡoin,
Slioċt riġṫe ċó algaċ is ḃí fós anns
an doṁan —
Ó h-Éubar 's h-Ereamon go Ruaḋruiġ,
fíor 's glé,
Gur ċríon a ċnáṁa riġeaṁuil aig
Cluain-Mác-Naoise anns a g-cré,
Síṫ dod' anam, Ó Dáiḋṫaiġ! págánaċ
treun mar ḃíġis!
Ḃí do ċloiḋeaṁ go ḃuaḋ' luan ċlúṫaċ,
air d-treann agus aiḃéis,
Níor loisse ar "ġaḋ-ġréine" riaṁ ċo
árd 'nna cóṁaċt, cáil 's clú,
Le 'n uair do léim an scaṁuin eudṁar
ó neaṁ 'nna lasair tiuḃ,
A's slad ṫú air do ṡiúḃal ċum riama
tré ċriarṫa h-Eilḃíse ann g-céin,
Cáit gur stad na ṡollar onnconna so-
talaċ de Róiṁe le mór árd-céim,
Ó, a ḃ-fad ċluṫaċ cogaṁuil Dáiḋṫiġ!
ba fros 's dúḃaċ an ló
Do ṫug siad air ais go Banba ṫú, bear-
ra de d' uile cóṁaċt, cáil 's clú
'S lán cúṁaiġ d' eiriġ an caoin tré
an d-tír le leún,
Ó d' aḋnaċt Ċruaċan, anns an fros
tráṫ imiġṫe g-céin.
VI
"Do riaġal Niall, an t-sarlaoċ treun,
ba ṁór a ċaiṫ-réim sa ċlú;
Agus Eoġain Ṁór, an loġaċ, agus
Féiḋleam' an doiṁin-dlúṫ;
Agus sean Ollaṁ Foḋla, fiosaċ, an
t-saoi mór d'á ṫráṫ,
A ċuir air bun ar n-dlíġṫe ársa Breiṫ-
ean le eolas breáġ;
Do ṫionnal an Féis — Teaṁraċ mór : sé
ċeud ḃliaḋna níos móġ,
Sul do rug Críost a ualaċ ċroise
ċum ċnoc Cealḃuroiġe fadó —
