AN GAOḊAL.
145
doṁan ṁór go ḃ-fuil againne teanga
ḟoġluimte, agus lo ḃ-fuil an teanga sin
beo go fóill ameasg páisdiḋ na h-Éir-
eann — agus go mbeiḋ, ann aġaiḋ gaċ
niḋ do riġne ar náṁaid le na ḋiobairt.
Tá AN GAOḊAL deunaḋ maiṫ eile.
Tá sé cur náire air na h-Éireannaiġ
sin (agus faraor! is iomaḋ iad) a ḃí
neaṁċúramaċ a do taoḃ an Ġaoḋail,
agus do b' ḟéidir go g-cuirfeaḋ sé mis-
neaċ ann a g-croiḋṫe ċum teanga a d-
díre d' onóruġaḋ agus d' ḟoġluim. Is
sé an freagraraḋ is feárr air na
daoine a deir go ḃ-uil an Gaeḋilge
marḃ agus naċ é do aiṫ-ḃeoḋuġaḋ, na
mílte leiġṫeoiriḋ atá aig do ṗáipeur
ní h-é aṁáin anns a tír seo, no ann Éi-
rinn, aċt ann gaċ áit anus an doṁan
ann a ḃ-fuil Éireannaċ tír-ġráḋaċ na
ċoṁnuiġe.
Mar beangán a fás amaċ as caor,
agus le slíċeaċd agus grian a ḟásas
ċum a ḃeiṫ na ċrann ṁór, árd, a sín-
eaḋ amaċ a ġeuga ann gaċ sliġe; mar
an g-ceudna, tá do ṗáipeur, a ḃí a ṫús
aċt na rud ḃeag, a fás agus a biseaḋ,
a leaṫnuġaḋ agus a scapaḋ solus na
teanga Gaeḋilge ann gaċ ḃoll de 'n
ċruinne. Do ċuaiḋ sé treafna 'n ṁuir,
agus do riṫ do ġuṫ ṫríd na n-daoiniḃ
anns an sean-tír, agus táid fa ḋéoiġ
aig musgailt as an trom-ṡuan ann ar
luiḋe siad le blaḋanta fada. Do ḃiḋ-
eadar le fada a n-dorċaḋas, gan pái-
peur, ann a d-teanga féin, aċt nuair a
ċuaiḋ AN GAOḊÁL ċo fad leo agus
ċonnairc siad an obair a ḃí a g-ceatar-
naiḋ anns an Oileán Úr a ḋeunaḋ, do
ṁeasadar nach m-beiḋeaḋ siad féin air
g-cúl, anois is geárr go m-beiḋ ḋá ṗái-
peur clóḋḃuailte ann Áṫ-Ċliaṫ. Deir
siad "tús maiṫ leaṫ na h-oibre," agus
tá an ráḋ seo fíor nnns an f-cúis seo
go deiṁin. Ċuir tusa tús maiṫ air an
obair agus tá sí aig dul air a h-aġaiḋ
anois mar buḋ ċóir.
Aċt no stad anois. Sdo é an t-am
leis an obair a ḃrosduġaḋ ma tá súil
againn saoġal a ṫaḃairt ḋo 'n Ġaeḋil-
ge. Deunaḋ gaċ duine a ḋiṫċioll, agus
tusa go h-airiġṫe, a Ṡaoi, scap leat do
ċuid síl, agus ma ṫuiteann móran de
air ṫalaṁ neaṁ-ṫoraċ ni caillfear é
go h-iomlan oir is féidir go m-buailfiḋ
beagan de cré ṡaiḋḃir ann a ḃ-fasfaḋ
agus a m-blaṫfaḋ sé ċum barr maiṫ a
ṫaḃairt fós.
Go m-beiḋ beaṫa AN ĠAOḊAIL anns
an am ata le ṫcaċt ċo sonasaċ agus
ḃí sé anns an m-biaḋain a ta ṫart, ag-
us go g-cuiraiḋ Aia na Glóire fad-
saoġail agus slainte ḋuitse mar fear-
eagair air.
Is sé Paidir
Do Ċaraid,
"Padraic."
We have received the following poem from
the Hon. Denis Burns, of the N. Y. P. C. S.
An Bláṫ Bruinnioll.
Fonn — Cailín Deas Cruiḋte na m-bó.
'Sí 'n ḃláṫ-ḃruingioll bláṫ ṁilis ḃéasaċ,
Ḃláṫ ṁioċair ḃeultanna ṁoḋaṁuil,
Le gráḋ-geal dá ḃláṫ-ċruiṫ do ċéas me,
'S d' ḟág me gan ṫréine gan treoir;
Ta' bláṫ-folt go bláṫ-tiuḃ ar daol-ḋaiṫ,
'S bláṫ-snuiḋte a h-aol-ċroḃ gan smól,
'S bláṫ-ṫuigseaċ raiḋte na béiṫe,
'S as ḃláṫ an uile ġéag di go feor.
A ġráḋ ḋil do ġráḋ-sa tar ḃéiṫe,
'S do ġraġfainn dá m' ḟéidir ní's mó,
Do ġráḋ'as ṫú a ġráḋ ḋil mo ċléiḃ-si,
Le gráḋ dil dod' ṁéinn 's dod' ċló,
Ó ġráḋ'as ṫú a ġraḋ ḋil le géar-ṡearc,
Do ġraḋ-sa ní ṡeunfad le mo ló,
Do ḋraḋ-sa 's mo ġraḋ-sa má raobtar
Gan graḋ ceart ag aoin neaċ go deo.
A rún ḋil mo rún tú go n-eagad,
Mó rún-sa le m, rae tú 's mo stór,
'S gúr léig's ṁo rún leat tar aoin-ḃean,
Mo rún ṫú 's mo ċéile le m' ló.
A rún ḋil na rún g-ceart ní léigfiod
Mo rún tuig le aon bean ad ḋeóiġ,
Do rún-sa 's mo rún-sa na sgeiḋtear,
Gan rún ceart aig aoin neaċ go deo.
A ċumainn na g-cumann na tréig me,
'S go ḃ-fuilim a n-eug-cruiṫ ad ḋeoiġ,
'S gur cumann do ċumann na tréigfiod
A ċumainn go d-teiġfead-sa fa'n ḃ-fód,
Ó ṫugas duit cúmann 's géile,
Mo ċumann-sa a ṡeunaḋ ní cóir,
'S mo cumann a ċumainn ma ṫréigir,
