156
AN GAOḊAL.
Ba ḃaoṫ an ḟios 's cóṁaċt, ḃí 'g Eoġ-
ain, Seáġan, 's Aoḋ;
Águs gaisgiḋeaċt Mac Cárra leis, ḃí
sé gan ḃriġe;
Gan féiḋm do ċoinne na Gearltuig
uais — giḋ ní gaol iad dúinn —
Án onnċon 'uaiṫne' go h-árd aig sil-le-
gaoiṫ, air caiṫ-ṫora Múṁan;
Ní ḋúisean 'Láṁ dearg Ábú' an mac-
alla níos mó ann Tír Eoġain!
Ní ṡoilsíġan stíl Ui Ḋoṁnaill níos mó
na criarṫa Inniseoġain!
(do ḃeiṫ leannuiġṫe)
Nuaḋ Ġorc,
An ċeud lá de ṁí na Nodlac '82
D' Ḟeareagair an Ġaoḋail.
Le Do Ṫoil,
Is mian liom beagán ráḋ air
mo ṡon féin ann aġaiḋ na foclaiḃ do
ċloḋ-ḃuailis anns an Ġaoḋal deiġionaċ
mo ṫimċioll.
Deir tú naċ feasa leat go ḃ-facaiḋ
tú mé aig aon de na sgoiliḃ Gaeḋilge
a riaṁ. Is féidir go ḃ-fuil ceart anns
an ráḋ sin, aċt giḋ naċ ḃ-facaiḋ tú me,
táim aig sgoil Ġaeḋilge gaċ oiḋċe, agus
is cosaṁuil go ḃ-fuil mo ṡúile níos
feárr 'na do ṡúile-se, oir do ċonnairc
mise ṫusa annsin go minic.
Nílim aċt tamal geárr — timċioll ḋá
bliaḋain — anns a tír seo ; bliaḋain-go-
leiṫ de 'n am sin táim mo ċóṁnuiḋe
'san g-caṫair seo, agus ó 'n g-ceud lá
do ṫainiceas go Nuaḋ Ġórc, táim
ceangailte le cumann Gaeḋilge. Táim
mar ṁórán eile a ḃ-fuil 'rán a m-beaṫ-
a aca le saorṫuġaḋ, ní féidir ḋam an
méid de m' am buḋ ṁaiṫ liom a ṫaḃairt
do ,n Ġaeḋilge, aċt cuideaḋ airbiṫ a
tá ann mo ċuṁaċt do ṫaḃairt ċum ar
d-teanga do aiṫ-ḃeoḋuġaḋ, agus do
leaṫnuġaḋ, ḃeirim go toileaṁuil, agus
ó mo ċroiḋe amaċ.
Is náireaċ an rud do Éirionnaċ — is
cuma liom cia ṡé, nó ḃ-fuil sé na
ċóṁnuiḋe — naċ ḃ-fuil fios aige air a
ṫeanga dúṫċais, agus tá súil agam gur
geárr uainn an lá ann a g-cluinnfimid
é a m-beul gaċ fear agus gaċ bean d'ar
g-cineaḋ ṫríd an doṁan.
Air eagla go m-beiḋeaḋ aṁrus air-
biṫ ann d' inntinn go ḃ-fuilim mar aon
leatsa agus le gaċ gráḋuiġṫeoir eile
de 'n Ġaeḋilge, cuirfim anois mo láṁ
air m' uċd, mar a d' iarr tú orm ann
do ṗáipeur, agus deirim go dian, go
dearḃṫa, agus go fírinneaċ, go ḃ-fuil-
im, do réir m' eolus agus mo ċumas,
aig "deunaḋ cúituġaḋ dlisteanaċ do
ṫeanga mo ṫíre."
Do ċara,
"Padraic."
(Maiseaḋ, a Ṗadraic, iarramuid
do maiṫeaṁnas faoi 'n g-cúis eugcór-
aċ noċ do ṡaṁlamuid leat go neaṁṫoil-
aṁuil, agus dearḃṫuiġmuid duit gur
ṡaoilsinn gur raḃ aiṫne againn air gaċ
uile sgoláire Gaeḋilge a Nuaḋ Ġorc,
aċt támuid cinnte anois go raḃmuid a
dul a múġaḋ. Tá aon niḋ aṁáin cinn-
te: go d-tugann tú aire do 'n Ġaeḋilge.
Arís, glac ar leiṫsgeul, agus b'ḟéid-
ir gur geárr no go n-aiṫneoċamuid ṫú.
Feareagair A. Ġ.)
FIAḊAĊ ṠEAĠAIN ḂRADAIḊ.
(The Chase of Thieving John.)
by
Anthony Raftery.
(Continued)
Bráiṫre Ḃalla 'gus Ḃun-na-Cruaiṫe,
Na Coille-Ruaḋ 'gus Ḃaile-'n-Ċláir;
A n-diomaḋ air fad go d-tigiḋ anuas
ort,
Agus breiṫ ó 'n sluaġ ort muna ḃ-fuil
tú sáṫaċ.
Teaċtaire sgiopa naċ ḃ-feallfaḋ 'snaċ
g-clisfeaḋ,
Beiḋ ann seo 'gam go moċ a máireaċ,
A raċfas le cuireaḋ ċuig na sóṫanna
is seine,
Mar tá Ó'Conċuḃair, Ó'Ceallaiġ, Ó'
Briain, a's Ó'h-Eáḋra.
Ó'Doṁnalláin, tiocfaiḋ Ó'Fearġil,
Ó'Cearḃuill a's McCarṫa,
Seinsir ġlan Ġaeḋil, Ó'Dóṁnaill,
Ó'Néill, Ó'Ruairc a's Ó'Máille.
A d-tír a's a d-talaṁ tá cuntas le
