AN GAOḊAL.
157
fada,
Gur fir a gniḋeas gaisge na Blácaiġe,
Gearailtiġe, Brúnaiġe, Builtéaraiġe,
Búrcaiġe,
Na Linnsiġe, na Frionsaiġe 's Dálaiġe.
Sairséalaiġe tiocfaiḋ a's ṫeipfiḋ na
Pluincéid,
Paoraiġe, na Dilliún's na Beileógaiġe,
Tiġearna Loċ Gleinne 's é, teaċt faoi
n-ar g-coinne,
Ann arm 'sa n-éadaċ faoi ċlogad a's
sgiaṫ.
Cruinneóċaḋ siad ċugainn ó Ċorċa 's
ó Ḃiorra,
Ó Ċluainmeala, Cillċainniġe 's Port-
láirge,
Grán agus gunna 's iall-ċon aig gaċ
duine,
Naċ leigfiḋ Seáġan Bradaċ air fán
uainn.
Iarḟlaiṫ Ċilldarra 'gus Brúnaċ Ċeann-
mara,
Tiocfaiḋ le lúṫ 'gus le áṫas,
A's déarfaiḋ 'nn glór ġarḃ' réiḋiġiḋ
an bealaċ,
Ó'n Leaċt go d-ti sgeaċ na h-Árd-ḃear-
nann.
Laḃair Lórd Dilon le réasún a's tuig¬
sint.
A's riġniḋ an t-oireaċtas garta,
"Ċruinniġiḋ eilig tá 'n aimsir aig im-
ṫeaċht,
A's cuiriḋ air gaċ eanaċ uaiḃ gárda.
Ní mór daoiḃ loċt faire a ċur air
Ṡliaḃ Baċta,
Air Ċnoc-Barún 's ḃeul ċúrsa 'n rása,
Beiḋ na Lambartaiḋe roiṁe le bruaċ
Ṫobar-Ṗeadair,
'Sna Piarsaiġe ag caisleán Ċilltártan.
Frionsaċ Tír-Eoin, cuṁdóċaiḋ a ḋúiṫ¬
ċe féin,
Eidir Árdraṫain 's Droiċead-'n-ċláirín
Ag teaċ mór Árdḟraoiġe beiḋ Éaḋ¬
munn na ṡuiḋe,
'Gus cumdóċaiḋ sé Rinn-ṁaoil 's
Meáruiḋ.
Ann aice Ḃ'l'áṫ'n-riġ beiḋ Lobdell a's
Tiġe,
Agus Caṫair-Ui-Ṁaḋ'in ag na Blácaiġe,
Seáġan Brún Ṁaḋuin iocfaiḋ sé fine,
Muna gcuṁdfaiḋ sé Tuaim a's Lios-a-
Ḃeárrṫa.
Má ṫéiṫeann sé síos ní imiṫeóċ'ḋ saor
Tá 'n Ruairceaċ 'san Beileogaċ láidir,
Beiḋ ceaṫar air ḟiċiod a lár Ṁoin-na-
crota,
Déan Bróṁn a's Ross Mahon ann Áṫ-
eascraċ.
Séamus Mahon 'sa ġunna 'gus Saesar
'nna ċuideaċt,
Eidir caisleán na Beinne 'sna Gráin-
siġe,
Aig sépéal na Muille bniḋ Seáġan óg
mo ḋuine,
'Sní ċlisfiḋ orann mac 'n deaġ, ṁáṫar.
Ní'l aon ḟiaḋguiḋe na ṡeasaḋ ó ḋorus
Ċúirtḃalla,
Go Gailliṁ nó as sin go Beinn-ṡléiḃe,
Naċ m-beiḋ 'gainn air maidin 'sa ṗaca
gaḋar 'nn aice,
Ann 'r g-cuideaċt le h-eiriġe na gréine.
Is fear é ḃeiḋeaḋ marḃ naċ n-eireóċ
'nna ṡeasaḋ,
'Snaċ d-tioċfaḋ go tapaiḋ le smédeaḋ,
Ag feuċaint air ṁarcaiġiḃ teaċt as
gaċ bealaċ,
Air ċointiḃ, air gaḋair's air ḃéagles.
Ḋeaṁan sin poll-aice no fuaṫais faoi
ṫalaṁ
Do ḋeunfaḋ ḋó faḃar no téagar,
Naċ g-caiṫféar a leagan, 'sa strócaḋ
go talaṁ,
Go ruaigfear Seáġan Bradaċ as Éirinn
G-cluin' tú, Ṡeáġain Ḃradaiġ, deun d'
aiṫriġe go tapaiḋ,
Ní'l cáirdeas no coimirc a nán duit,
Ó's duine ṫú tá malluiḋe 'snár ċois-
reac do ṁalaiḋ,
'Snár uṁaluiġ riaṁ ag sagart no brá-
ṫair.
'Saig imṫeaċt róṁat anns gaċ baile
'g iṫe 'sa gearraḋ,
'Sa líonaḋ do ṗóca 's do ṁála;
Is olc é do ṫeasdas 'snár ḟeiciḋ aon
raṫ ort,
'Stá 'n ruaig so le ṫeaċt ort amáireáċ.
(Le ḃeiṫ leanuiġṫe)
