158
AN GAOḊAL.
ÉIRE CUIḂRIĠṪE.
Le
"Croiḋín Treunṁar."
Air mo leaba 'nn oiḋċe sin
Níor ċodail me neul
Aċt ag iompóġ ann m' inntinn
Iongantais an sgéil,
Go raḃ muintir na h-Éireann —
Ann a g-cúid talṁana féin —
Aig tiġearnaiġe na Sacsan,
Faoi leaṫtrom 's faoi leun.
Is dúḃras mar seo,
Ó ḋoimneaċt mo ċroiḋe.
"Má tá siad crapalta,
Ní 'l truaiġ ann a g-caoi;
Naċ ḃ-ftil siad ċo láidir
A's ḃí, Washington
Nuair a ruaig sé na Sacsanaiġ
Aig caṫ Lexington."
Bíḋeaḋ agaiḃ meisneaċ,
A Éireannaiġ treun',
Is na bíḋiḋ go síoruiḋe
Gan saoirse gan seun,
A faire air ḟóirint
Ó ḃur g-cáirdiḃ a g-cian,
Is siḃ ḟéin 'nan a ṡaorṫuġ'ḋ
A soilseaċt no a síon,
Cad a deir na h-úġdair,
A g-cóṁnuiḋe 'sgo fial,
Má 's mian leat do ṡaoirse,
Caiṫfiḋ tú triall,
Do ḟuaim ḃinn ann ḃabail,
Le píce 's le lann,
Mar ṫriall an taoiseaċ treunṁar
De na g-ceud ċaṫ, Conn.
Mar sin, tóig suas do ṗíce
'Sna bí claṁsán níos mó,
Faoi ġainne do maoine,
Do oiḋċe 's do ló,
Is troid air ṡon do ṫeallaċ,
Mar ṫroid do ċine ḃ-fadó,
Is ruaig tíoránuiḋe do ṫíre
A ċoiḋċe 's go geo.
O! dá m-beiḋeaḋ sé 'n mo ċúṁaċt',
Le spreagaḋ mo láṁ
Na tíoránaiḋe a ruagaḋ
Ó mo ṫír 's mo ḋáiṁ;
Naċ ndeunfainn é go súgaċ,
Gan suim anns an t-slíġe
Le teine, píce no gunna —
Is cuma cia 'n ċaoi.
[ To be continued]
Móbíle, an 3ṁaḋ lá de
'n deiċ-ṁí '82.
M. J. Lógan. —
A Ṡaoi Ḋíl: Tá sé anois ċo fada
ó ṡoin ó do ṫaisbeán mé mo aġaiḋ inn-
sa n-Gaoḋal go ḃ-fuil eagla orm naċ
féidir le mo léiġṫeoiriḃ mé aiṫniuġaḋ,
agus tá me cinnte dá m-b' ḟéidir le
drong díoḃ me ḟeiċint innsa dealḃ a
ḃ-fuil me láṫaireaċ nár ṫiucfaḋ leo m'
aiṫint.
D' imiġ me nún go Pensacóla. Fla.
innsa ḃ-Ḟóṁar, agus do ḃí me tamal
ann sul do ṫainic an fiaḃras buiḋe
asteaċ ann.
Do bhí an balseanuiḋe an tan san a
sṁuaineaḋ air tiomciollaċ a áireaḃ a
uiṁiḃ daoine tiomċioll seaċt-deag-míle
agus aig muinín go uile air ḃiṫ a cur
áḋmuid as ceann. Tá mórán caṫaire
brioġḃar gnóḋṫaċ ann da taḃairt am-
aċ. Is cosaṁuil gur bé an Saoi Súil-
ṁain an Bonderbolt don áit tá an col-
luṁna is fada agus an teaċ earruiḋ is
fairsinge san tír ḋeas. Tá an teaċ
earruiḋ seo ceud troiġ air fad. Tá
an Saoi S., mar an g-ceudna, cur suas
teaċ opera, ḋá stóire air áirde le bric
dearg Sasanaċ, air aġaiḋ an teaċ ós-
da, Santa Rose.
Tá níos mó muilte gaoiṫe aig Pen-
sacóla 'na aig aon ċaṫair d'a méid san
tír ag árduġaḋ uisge suas os a cionn.
Ní 'l aon oibreaċa uisge publiḋe, agus
d' a réir sin tá teinteaċa go síor.
Tá an áit go sonasaċ le uisge aḃan
innsa talaṁ íseal, do ṫigean sé suas
na sruṫáin as cinnn na toibreaċa tom-
ánta. Aċt giḋ go ḃ-fuil an t-uisge deáġ
ḃlasda ċum an blas, ní réiġṫan se le
gaċ aon ḋuine, mar b' áḋḃar tonn ṁór
tinneas damsa. Tá bád a ruiṫ go beaċt
eidir Pensacóla agus Móbíle go síor,
agus do ḃí bród ṁór orm an sruiṫ
seaċt troiġṫa deug do ḟeiscaint déan¬
ta go iomlán leis an riaġluiġṫeóire
coitċíon os cionn tróċad míle air fad
go caṫair Móbíle.
Aon don n-Gaoḋal,
F. S. McOscair.
