168
AN GAOḊAL.
FIAḊAĊ ṠEAĠAIN ḂRADAIḊ.
(The Chase of Thieving John.)
Anthony Raftery.
(Continued)
Trumpet as fiċe beiḋ againn as Slige.
Luċt ceolta ar Biorra 'sas Caṫ'r-loċ.
Ní tallġhó magaiġ fiaḋaċ seo Ṡeáġain
Ḃradaiḋ,
Aċt seilg gan brabaċ, básta.
Laḃair Dillon arís le résún as gaois,
Agus riġniḋ an t-oireaċtas gárṫa —
"Triallaiḋ anois, tá'n aimsir 'gimṫeaċt
'Stá súil agam go n-eireoċaiḋ 'n lá linn.'
Fair play 'gus forsainge tugaiḋ do'n
ḟear seo,
Aiṫniġim go ḃ-fuil cosaṁlaċt ḃáis air,
Tugaiḋ ḋó bealaċ 's cead eiriġe 'nn a
ṡeasaṁ,
'Gus b'ḟéidir go riṫfeaḋ sé 'r ball beag'
Larriġ Ċill-leaca nár ḟeall i riaṁ air
ġaisge,
'Se ċaiṫ aca an gaduiḋe 'sa ṁála,
Bí cultaċa gaisge 'gus srianta 'ga g-
crapaḋ,
Nuair a riṫ sé de leigean le fánaḋ.
A m-beul an t-Sean-ḃaile ḃí hunters
'ga ngreadaḋ,
As scunsaiḋ 'gá gcaiṫeaṁ le fánaḋ,
'S ó Ḋroiċead-na-cailliġe go baile-na-
m-bodaċ,
Ḃí píciḋe agus spealta 'nn áirde.
Ḃí naoi míle marcaċ le taoḃ na gCloċ-
geala,
Ċúig ṁíle bean agus páisde,
'Sa lár Ṗáirc-na-scalaċ taoḃ ṡíos de
Ċill-tulaċ,
'Sé oiḋre Ċill-eaċ a ḃain bálc as.
Buḋ ṁór ar gcuideaċt gur ċailleamar
Uillioc,
Aċt d' ḟreastal dúinn Piaras aBláca,
Pat Ryan sa ċuid gaḋair a ḃí suas
leis air d-tús,
'Sa ḃain léim as a lár móin na mbráṫar
Ag tiġ Ṗeadair na gclasaċ ḃí na beag-
gles na seasaḋ,
'Gus d' iompuiġ sé síos bóṫar Áṫ-eas-
craiġe,
Ṫriallmuid do 'n Ċeapuiġ as do ,n
Ċúl-cearnaċ,
As rinneamar cladaċ de ṫír 's de ṫal-
aṁ,
Is treasna trí ḋúiṫċe Ċluanmáilis.
As sin go Coill-a-ċalaiḋ go'n Ċlár as
go Balla,
Go Baile-na-ceara 's go Dúḃros,
Ní áḋḃar gan doċar ḃí'r gcapaill lag,
ṫuirseaċ,
Níor ḟan crú aca air unga nó táirne,
(Le ḃeiṫ leanuiġṫe)
ÉIRE CUIḂRIĠṪE.
Le
"Croiḋín Treunṁar."
Tá ar muintir ró ḃog
Is ró ṫruaiḋeaċ i g-croiḋe,
Is tá sin dá ḃ-fágáil
Faoi anro 's faoi ḋíṫ,
Dá g-cruaiḋfidís a g-croiḋṫe
Mar na Sacsain ag Loċgarman
Ḃeiḋeaḋ aṫruġ'ḋ sgéil indiu
Aig cinneaḋ na h-Éireann.
Ó ! Éireannaiġe treunṁar,
Feuċ air an g-cás,
Ḃur slioċt 's ḃur sinnsir
Inns na goirt i fáġail ḃáis,
Is iṫir ḃur d-tír ġlais
Ċo toraṁuil as fial
Le aon iṫir sa g-cruinne,
Dá ḃ-fuiġeóċaḋ sí a díol.
Aċt ca ḃ-fuil an tairḃ,
Ma tá sí ċo fial
Óir an uḃ as nead na circe,
Caiṫfear a díol,
Ċum tiġearnaiġe na talṁan
A ṡásuġ'ḋ san g-cíos,
A ṫóigid go puntáilte
Gac h-uile ṡé ṁíos.
Go fiú bainne na bó,
'San t-im as an g-coinneóig,
An t-iarna lín as an olann,
Laċa, gé agus eileóg —
Is gaċ h-uile ní eile
Dá ḃ-féidir air tráċtuġ'ḋ,
Caiṫfear a n-díol
Ċum na tiġearnaiġe a ṡásuġ'ḋ.
Ḃ-fuil aon ċinneaḋ daona eile
'San g-cruinne indiu
Naċ raobfeaċ na teuda
