178.
AN GAOḊAL.
PINCH and CAOĊ O'LEARY.
Translated by M. J. Lovern,
Scranton, Pa.
Lá geiṁre ḃ-fad, ḃ-fad ó ṡoin, agus
'Nuair do ḃí me m' ógánaċ,
Do ṫriall píobaire ċum ar n-dorus,
Liaṫ ġruagaċ, buiḋe a's bacaċ ;
Ó ċo luṫġáireaċ ḃí mo ċroiḋe,
Giḋ buḋ ġruamaċ tír as spéire,
Aig aṁarc an astraċáin 'sa ċú,
Pinċh boċt as Caoċ Ó'Laoġaire.
Nuair a ṡéid se mála 'n ċeoil-ḃinn,
Síogṫa le buiḋe agus uaine,
Ṡaoil as duḃras, "In áluin Éirinn,
Ní 'l ċo breáġ ann, duine"
'S Finín Aburċ' ar Seaġan MacAoiḋ,
'S Eiḃlín, Cáit as Máire,
Riṫ asteaċ le preaba croiḋe,
As d' ḟáiltiḋ Caoċ Ó'Laoġaire.
Le na laeṫe sona seo, beannaċt Dé,
Is le m' óige, nuair a ṡiuḃalas,
Is mo ċeann noċta, air feaḋ an lae
Tóruiġeaċt neid 'sa g-coill-ġlas:
Air 'n am aoiḃinn so beiḋ 'gam cuiṁin';
Giḋ go m-beiḋeaḋ blia'anta aṫruiġṫe,
Ní ḋearmóċad mo ċairde caoin,
Nó Caoċ cneasda Ó'Laoġaire.
Do ċodail an dís go maiṫ in oiḋċe sin
'S air maidin roiṁ an lonnra,
Ṁúsgail se me go g-cloisfinn é seinn'
"An ġaoṫ do ċroiṫeas an órna:"
Insin do ċuimil mo ġruag ḋeas fionn,
Is duḃairt, "Go g-cuṁduiḋ Dia ṫú,
a ċuisle,"
'S ṫuit na deora 'g ráḋ, "beannaċt leat,
As cuiṁniġ air Ċaoċ Ó'Laoġaire.
Ċuaiḋ bliaḋanta ṫart, as fós,
Ḃí Caoċ i m' inntinn toġṫa,
Ṡaoileas a anam tógṫa suas,
'Sa ċorp 'sa g-creafóig loḃṫa.
Go minic a daṁsa no a siúḃal
le Eiḃlín, Ċáit as Máire,
Ṫráċtmuid air aoiḃneas tús 'r d-saoġ¬
[ail,
As ġuiḋ muid air Ċaoċ Ó'Laoġaire.
Ċuaiḋ fiċe saṁraḋ ṫair mo ḃíṫ,
'S ḃí grian na mí-ṁeaḋona claonaḋ,
As me a m' ḟear, aig dorus mo ṫiġe,
Air ḟiċe neiṫe brónaċ a smuainiuġ'ḋ
Ṫainic mada beag suas an bóṫar,
A ṡiúḃal riġin, agus gan meire,
As aig a riobal ṫuisliġ bac-fear. —
B' é Pinch agus Caoċ Ó'Laoġaire!
Sean Ċaoċ! aċt Ó! ċo lom 's ċo léun!
Is crom tá ċeann 'sa ċolann;
Tá 'láṁa caol, gan fuil gan feoil,
'S an mála lom gan olann.
Do ṫeilg an daṫ ó'n mála Scotaiḋ;
Ḃí Pinch fá ḋó níos tréigfaiḋe
'Gus gruagṁar ó ċonnairc me 'r d-tús
É ḟéin agus Caoċ Ó'Laoġaire.
"Go m-beannuiġe Dia inseo." duḃairt'n
díbirt boċt,
"Ḃ-fad, ḃ-fad uaiḃ ifrionn díbriġṫe;
Ḃ-fuil aonduine air biṫ ṫart in seo
A ċuiṁniġeas air Ċaoċ, 'n Píobaire."
Le árduġ'ḋ croiḋe d'ḟáisg me 'láṁ. —
'S é duḃairt sé, "A ṁic mo ċléiḃe,
An tusa páisdín 'n ċinn óir ṡlíoṁ'
A ġráḋuiġ Caoċ Ó'Laoġaire?
Is me, is me!" Ġuil an seaċránuiġe,
Mar ḃeiḋeaḋ a ċroiḋe d' a reubaḋ,
Deir sé, "Ca ḃ-fuil, a ṁic mo ċroiḋe,
An greann agus na siansaḋ
Fuair me an seo fiċe bliaḋain ó ṡoin?"
Faraoir! ní fad' mo sgeulta —
Ní 'l aċt me féin ann
Le fáiltuġ'ḋ Caoċ Ó'Laoġaire!
"Bó! ḃó!! ḃó!!!" an sean ḟear do ċaoi,
As d' ḟáisg a láṁa go brónaċ,
"Taḃair asteaċ me, a stór mo ċroiḋe,
As raċfad a ḃaile a máraċ.
Tá mo ṡíoċán deunta, as fágfad go
ciuin
An saoġal seo, 's uaigne 's ḟuaire,
As fágfad agat-sa mo ṗíob' is mo ċoin
As guiḋ air ṡon Caoċ Ó'Laoġaire."
Le Pinch, do ċuṁdaiḋ me leabaḋ 'san
oiḋċe;
Air an máraċ fuair sé a ġuiḋe —
Bí 'n t-Aṫair Séamus anns an tiġ,
As ḃí 'n t-aifrionn aḃráin caintṫe;
Ċruinniġ na coṁursanuiḋe, roṁair
muid 'uaim,
'N aice le Eiḃlín, Cáit, as Máire —
Colluiġeann sé an sin a ċollaḋ fada
ḋeoiḋ. —
Suaiṁneas fíoruiḋe ort, a Ċaoiċ
Ui Laoġaire!
