AN GAOḊAL.
189
THE GAELIC ALPHABET.
Irish.
Roman.
Sound.
Irish.
Roman.
Sound.
a
a
aw
m
m
emm
b
b
bay
n
n
enn
c
c
kay
o
o
oh
d
d
dhay
p
p
pay
e
e
ay
r
r
arr
f
f
eff
s
s
ess
g
g
gay
t
t
thay
i
i
ee
u
u
oo
l
l
ell
NINETEENTH LESSON,
(ADOPTED FROM BOURKE'S.)
13. tá le tamal maiṫ, 14. cia ċao-
ḃ-fuil d' aṫair-ṁór, agus do ṁaṫair
ṁór? 15. tá m' aṫair-ṁór marḃ, aċt
tá mo ṁaṫair ṁór go fóil a sláinte
ṁaiṫ. 16. cia an uair fuair d' aṫair-
ṁór bás? 17. fuair sé bás mí ó nae.
18. beannaċt Dé le n-a anam, buḋ ḟear-
maiṫ, caoin, onóraċ é. 19. cia an uair
a ḃéiḋeas tú in seo airís? 20 ní ḃéiḋ
uain agam, tá fios agam go maiṫ, go
bliaḋain ó 'n iuḋ, 21. béiḋir 's-an m-
baile noċt. 22. taḃair ḋam do ḃarr-
éad. 23. na beiḋeaḋ deifir ċo mór sin
ort; tá agad do ṡaiṫ ama, óir tá se
moċ ins an lá go fóil. 24. tá 'n ġrian
anois ag dul faoi; agus tá ḟios agad
go d-tuiteann nóin 'sa ḃ-fóġṁar mar
ṫuiteann cloċ a b-poll ṁóna. 15. is
fíor duit. 26. beannaċt leat.
Literal Translation.
13. he is with a good while. 14.
how are your grandfather and your
grandmother? 15. my grandfather
is dead, but my grandmother is yet in
health. 16. when did your grandfa-
ther die? 17. he died a month since
yesterday. 18. may the blessing of
God be with his soul ; he was a gentle
good, honorable man. 19, when will
you be here again? 20. I will not
have leisure again, I well know, till
a year from this day. 21. you will be
at home tonight. 22. give me your
cap. 23. do not be in such a hurry,
you have enough of time, for it is ear¬
ly in the day yet. 24. the sun is now
going down, and you know that an e-
vening in harvest falls as falls a stone
in a bog-lake. 25. it is true for you.
26. a blessing be with you.
Beaṫa Ṡeáġain Ṁic Héil, Áirdeasp-
oig Ṫuama:
le Cead an Úġdair,
t-Aṫair U. J. de Búrca, C. & S. P.
An Ċeud Ċaibidil.
Brontar molaḋ do'n té d'ár ċóir é.
'Nuair a fáġas aṫair bás i d-tiġ air
biṫ, biḋeann brón mór air a ċuid clain-
ne. Deunann siad caint eatarra féin
air an meud a rinne se agus air na bria-
ṫraiḃ a duḃairt se 'nuair a ḃí se beo
in a measg. Is maiṫ leo breaṫnuġ'ḋ air
gaċ caoi do ċaiṫ se a ḃeaṫa, ag aṁarc
air gaċ bliaḋain gaċ mí agus gaċ lá.
Tá a ioṁaiġ fós os cóṁair a súl, giḋ
naċ ḃ-fuil se beo, agus naċ ḃ-fuil se ag
caint leo mar ḃí go minic ins an am a
tá anois ṫart. Ní ḃ-fuil focal a duḃ-
airt se, bealaċ in a ṡiúḃal sé naċ ḃ-fuil
faoi ṁeas. Agus mar sin de, cuireann
siad i g-ceann a ċéile, na briaṫra, na
bealaiġ, na beusa, agus na gníoṁarṫa
buḋ gnáṫaċ leis, le cuiṁniuġ'ḋ ó am go
h-am a ḋeunaḋ orra. Eisteann siad go
fonnṁar le duine air biṫ a ḃeireas eo-
las dóiḃ air bliaḋantaiḃ a ḃeaṫa — ag
tráċt air neiṫiḃ éagsaṁla ; na neiṫe
gnáḋaċa noċ do rinne se, agus na coṁ-
airliḋ do ṫug se uaiḋ — leiġeann a ċáir¬
de gaċ niḋ a tá sgríoḃṫa faoi. Is mar
so tá se i measg daoineaḋ gaċ tíre, a-
gus gaċ pobuil agus ciniḋ faoi an n-
gréin. Tá se in ar g-croiḋṫiḃ ó nádúir
féin cuiṁniuġ'ḋ air, agus caint a ḋeun-
aḋ faoi ar n-aiṫriḃ agus loċt-gaoil
measaṁuil a ċuaiḋ roṁainn.
Is mar seo tá se idir gaċ aṫair agus
a ċuid clainne. Tá meas aca air a
ainm agus air a ċuiṁne. Ma's mar so
é, i measg clainne an doṁain ṁóir, is
mó 'ná sin an meas agus an gean a tá
aig clainn Ċrístaṁuil air a n aṫair
ṁuirneaċ féin. Agus go deiṁin naċ
fíor-aṫair a ḃí ins an Áirdeasboig a
d' imṫiġ uainn? — naċ aṫair ḋíleas a ḃí
