AN GAOḊAL.
191
MEAḊON-OIḊĊE DO ĊAN.
Síntear na seolta,
Séideaḋ an ġaoṫ,
Seinntear na ceolta,
Ṫógas an croiḋe.
Támoid a léimniġ,
Tar ḃóṫar na d-tonn,
Éistiġ le reubaḋ,
A's screadaoil na g-crann.
Támoid a' luasgaḋ,
Ag eitill anonn,
Riṫ níos luaiṫe
Linne a long!
Séideaḋ a's séideaḋ
An árd stoirm fíor,
Le torann ag géimniġ
Go d-triallfamoid siar.
Siar, siar ċum tíre
Na saiḋḃir 'sna mór,
Siar ċum na tíre,
'Nna g-cruinneoċamoid stór.
O caiṫfimid uṁluġaḋ
Do ṁéid na h-anró
A ḋíbir go cruaiḋ
Gaċ aon neaċ ann so.
Oir dóirteaḋ anró
Agus dóirteaḋ mí-áṫ
Mallaċ bróin,
Agus uallaċ cráḋ.
Mar stóirm go h-obann,
O ḟlaiṫeas gan truaġ,
Gan tróċaire orrainn,
Go cruaiḋ, go cruaiḋ.
Aċt síntear na seolta
An áird' air an g-crann,
Agus tógfamoid ceolta
Puirt agus greann.
Agus fágaim mo ḃeannaċt
Le h-Éirinn om' ċroiḋe,
Agus fágaim mo ṁallaċt
Le Sacsana ċoiḋċ'.
Deiṫfrig ! O deiṫfriġ,
Ar g-cúrsa a ġaoṫ!
Agus ḃóṫair an t-soiṫiġ,
Sa ḃ-fairge faoi.
Is luaiṫe, go cinnte,
Tíocfamoid ann,
Is luaiṫe béiḋ filleaḋ
Ċum Éirinn anonn.
Is luaiṫe béiḋ díoġaltas
Dóirteaḋ amaċ
Agus léir scrios air ḋaoiniḃ,
Na g-coir a's na g-creaċ.
Air ṫiġearna na tíre
Gaċ ceann mar ṁuilléir,
A' meilt a's a' milleaḋ,
An áit-se go léir.
Mar buḋ ċuma leosan
Ar scrios agus cráḋ,
Aċt dá líonfaiḋe a b-póca
Go maiṫ 's a sporán.
Gan truaġ no trócaire
Boige nó gráḋ,
Aċt meuduġaḋ a b-póca
'S ag at a sporán.
Agus sinne 'g ar m-brúġaḋ
'Gar meilt mar an gráin,
Go h-ísioll 's go h-uṁall
Gan focal le ráḋ.
Aċt fillfimid, fillfimid,
Seinniḋe go binn;
'S béiḋ focal a's tuilleaḋ
Le ráḋ 'gainn ann sinn.
Slaṁsán na m-boċt,
Agus caoineaḋ na m-ban,
Screadaċ na n-ocraċ,
'S na b-páiste go fann.
Níor ḋúisiġ se truaġ,
'S níor ṫarraing se deor,
As croiḋṫiḃ na g-cruaiḋ
Na saiḋḃir 's na mór.
Aċt feicfimid féin
Go goirid na deoir
A riṫeaḋ go réiḋ
'S go luaṫ go leor.
Ní deora boċt' gola
Ag truaġ air biṫ.
Aċt deoir ḋearg' fola,
Ag sileaḋ ó 'n g-croiḋe.
Tiománfamoid píciḋe
An t-am sin 'nuair spórt,
A m-brollaċ 's a g-croiḋe-stiġ
Gaċ Croesus dá ṡórt.
