AN GAOḊAL.
227
ÉAD!
Fuairmid an leitir noċ do leanas
ṫríd an b-posta in am ḟoilleaṁnaċ. Ní
ḃéarfamuid ainm an duine eile atá
luaiḋte inte in aoinfeaċt linn féin de
ḃriġ naċ ḃ-fuil a ċead againn, óir ní
ḟacamoid é ó fuaramar í. Giḋ go
laḃrann an te ċum í Gaeḋilge go maiṫ,
is cinnte naċ ḃ-fuil mórán fearaṁlaċ¬
ta ann; da m-beiḋéaḋ ċuireoċaḋ se a
ainm leiṫe. Is se ar m-baraṁuil gur
ṡaoil an sgríḃneoir naċ g-cuireoċamoid
a g-clóḋ í air éis an feannaḋ noċ do
ṫug se ḋúinn inte, aċt, ma ṡaoil se
mar sin, ḃí sé dul amúġaḋ go h-anṁór
Seo í an leitir, verbatim et literatim —
"Nuaḋ Eḃroċ Iuin 26. 1883
Do Ċloḋaire an Ġaoḋail
A ṡaoi.
Feicim cor uair do ṗaper an Gaoḋ¬
al & taim siarṫuiġeaċ d-taoiḃ an ḃreil¬
lice; no an t-aṁloir baoṫ air a d-tug¬
ṫar mar ainm — Ce b-fuair tú é, no
ce b-fuair sesan a Ġaóḋilge. ṡaoil me
a g-coṁnuiḋe go raḃ tu fein dona gó
leor mar ḃailseire air ṗaper, aċ mar
b-fuil — a n-dan barr a ḃreiṫ ort ag
sgrioḃaḋ raiḋṁeisiḋe cama ni beaċt¬
aire grinn mé. Measann tu naċ b-fuil
se n-am agad irraċt a ṫḃairt air red
eigin a ċur ann do ṗaper feasda, inl¬
eiġte, no innealta ċum sasaḋ beag a
ṫaḃairs ḋo do leiġṫioiriġe & gan a ḃeiṫ
magaḋ fuṫa níos faide le do ċuid ra¬
malliḋe baicḃeurlaċa & caint gan ċéil.
Ma ṡileann tu gur fear leiġinte gan
ḃrabaċ a ta annat & gur féidir leat
cluain a ċur air na h-amadain so tim¬
pul ort, seaċain naċ b-fuil tu ḋo do
ṁeallaḋ fein agus ma ta aon dis¬
pleḋeciḋe eile nios croġanta 'na tusa
& — 'san m-baile so, na raḃ siad a ḃ-
fad ann. Na tuig air aon ċor naċ ḃ-
fuil iomad daoine fuintaċa 'san tír
so air a m-beiḋeaḋ aṫas mór dá b-feic¬
feaḋ siad nuaḋaċt Ġaḋilge mar do
ṗaper a dul air aġaiḋ & a buanleaṫnuġ'
ann a measg, ac ta do ḃraṫlin-sa ag
deifriuġ go mall 'san taob conntrarḋa
Tá an iomarca iarrainn 'san teine ag¬
ad & sé an cincaḋ do ċuíd acu fuaruġ'
mar n-deifriġir tu fein.
Cait uait na gaimsiḋe baoṫġlóraċa
& taḃair ċuiread do na sgolairiḋe a
ṫeaċt a congnaḋ leat, má's run doit
gan a ḃeiṫ muga magaḋ níos mó fuinn,
le do ḋeaċtaireaċt baoṫuaiḃreaċ. Ni
misde do ḋuine mar ṫusa an scaṫan a
ċongḃail suas os a ċoṁair air amaiḃ,
innos go ḃ-faicfeaḋ sé gne a gnuise
fein mar ḟeiceas duine eicin eile é, B-
ḟeidir liom ṫu fein do ṗaper, & - - - -
a sgaoileaḋ ṫart, aċt sgrioḃann se a
ainm & a ḋileagra ann ainm & ó'n g-cu¬
mann Gaoḋilge a Nuaḋ Eḃroċ ċo sutal¬
aċ & co maireiseaċ is da mba é an sgr¬
íḃneoir is fearr é ann a measg. An
uair a tá fios aig fir an ḃale ṁoir so
(& agad fein ma's mian leat adṁail ] go
ḃ-fuil an ċuid is mo de sgolairiḋe na
sgola sin a b-fad a d-tuiseaċ air a
leigean & a múnaḋ. Arnoḋ, ni h-ion¬
gnaḋ go d-tuigeann daoine a leiġeas a
ċoid blobaireaċt, ann do ṗaper, gur
suaraċ an ċomplaċt iad 'sa m-Bowery,
nuair a leigeann siad a leiṫide de ṗla¬
ḋaisg amaċ ann a ṫaoiseaċ orṫu. oir
tugṫar faoi deara & le resun, gur be
an fear no an ḃean is fearr ba ċeart
a ḃeiṫ a d-tuiseaċ a g-comnuide, le fea¬
ḃas & intleaċt an ċomainn do ṫasban¬
aḋ do'n ṗuibliġeaċt, aċ ann 'sa g-cas
so feicṫear gur be an te is taire ṫoig¬
eas air fein miṁeas a ṫuilleaḋ don
muintir eile le na ġaoḋilge gan snas, &
ta fios agadsa go maiṫ go buil tu fein
ċociontaċ ann 'sa n-obair so, an uair
a cloḃuaileann tu é ann do ṗaper. B-
feidir liom beagan nios mo do sgriob¬
ad le do ionnṡorċuġ', mur m-béiḋeaḋ
go b-fuíl deifir orm; aċ ta faḃar beag
agam le iarraḋ ort, se sin é seo: do
leiġeaḋ uair no ḋo eile, sul do ċaiṫeas
tu uait é. Leur smuainiġ air an g-co¬
mairle ann & ca fios naċ n-deanfaḋ se
gar eicint duit. Duine air ṁaiṫeaḋ
leat.
An Goban saor."
Tá beagán earáide inte mar atá in
gaċ h-uile leitir a ċiḋmid, aċt da m-
beiḋeaḋ fearaṁlaċt an sgníḃneora ċo
maiṫ le n-a sgríḃinn ní ḃeiḋeaḋ mórán
loċta air. Buḋ ċóra ḋó luaċ na nGaoḋ¬
al a d'orduiġ se ḋó féin as d'a ċáird¬
