AN GAOḊAL
241
Pósa me bean is ní ḃ-fana me plae leat."
An Ċailleaċ;
'Madar le pósa is gnóḋ tá daor é,
Tá punt óir agus cróinn do ċléireaċ,
Glaċfar go h-árd air ċáirde 'n g-cúpla,
Ċum airgiod a fáġail bíḋean pláta air stiúir aca,
A's mar a d-taga tú láṫair táir do ḃrúṫaċ.
An Siota:
Go n-íocfar an sagart, a Ċailliġ, ní léiġtear fóḃus
Is daor é an níġ té go b-pósum,
'S é ceapaim-si féin tar éis an gnóḋ sin,
Gur matter of péice té go b-pósum.
An Ċailleaċ;
Dearḃṫa go deiṁin is láḋaċ é an pósa,
Ó ṫúis an t-saoiġil tá dlíġṫiḃ 's ór leis;
Daiḃi 'gus Maoise, ḃíḋeaḋ siad pósta,
Ó uisge ḋin Ċríost, fíon do 'n g-cóisir :
Is anaṁ a ḃí Sé leis neaṁ ċóraċ. —
An Siota;
Ná tráċt, a Ċaillaiġ, air ṗósa ná g-cóisir,
Mar ni raḃ agut féin ceann de na ṡórt san,
Aċt iomurca meang 's droċ-ċóṁairle,
D' ḟág anois ṫú aig siúḃal na m-bóirṫe.
An Ċailleaċ;
Madar leis an niḋ sin fáig ad ḋeoḋ é,
Éist go socair 's ná cluisfeaḋ níos mó ṫú,
Agus liaċt duine eile, óg 's aosda,
Le 'n ċinneaṁuinn ċeudna ḋin beart ḃa claona.
An Siota;
Madar le claon is sé is cóir duit,
A ḃeiṫ steala na déirce ar ṫaoḃ na m-bóirṫe;
Aċt déarḃṫa go deiṁin mar ḃ-ḟáḋad-sa fóirint,
Go raċfad 's an goill a ndiaiġ a ndóċuis. —
An Ċailleaċ;
Seaċuin an nidh sin ċoiḋċe, a ċlaḋaire,
Aistriġ d' aigne 's sgread air an maiġdean,
Tá aice stór go leor agus roinnfiġ;
Níor ḋearmad sí riaṁ croiḋe na faḋainne. —
An Siota:
Tá m'ḟaḋainne-si caite le sealg mar atá mé!
Is ruaḋ é mo h-ata 's is folaṁ mo ṁála!
Tá mo ḃróga briste, ní'l snuím air mo ṡála!
A's cá ḃ-fuil aonduine ċó ainnis is táim-si?
An Ċailleaċ;
A ġarsúin loiteṫi gealluim ó m' ċroiḋe astiġ,
Do ḋlíġe na n-abstailiḃ b' ḟéara ḋuit stríoċa,
Mar sé deir na sagairt mar ṫeagasg do ḋaoine,
Gur dos na m-boċt do ceapag na flaiṫis mar
saoirseaċt.
An Siota:
(Do ḃeiṫ leanta)
Send The GAEL to your friends in the Old Land.
