﻿252
AN GAOḊAL.
faiḋ siad iarraċd. Cad fáḋ ḃ-fuil an
ċúis mar so? Cad fáḋ naċ scríoḃann
siad ċo maiṫ & is féidir leo? Tá an
loċd in ait éigin, aċt ní cóir an loċd
go h-iomlán do leagaḋ air ċeannaiḃ na
scoláiriḋe, óir tá siad toileaṁuil a n-
diṫċioll do ḋeunaḋ aċt tá náire orra
níḋ airbiṫ do scríoḃaḋ air eagla go m-
beiḋeaḋ sé mí-ċeart, & go m-beiḋeaḋ
na daoine a tá fóġlumṫa 'san d-tean¬
gain aig magaḋ air a n-oḃair, & deirim
go ḃ-fuil áḋḃar eagla aca.
Measam, a Ṡaoi, naċ ḃ-fuil an mag¬
aḋ so ceart, & gur cóir do na daoiniḃ
a tá eolgaċ air an Gaeḋilig a ḃeiṫ níos
treocairiḋ do'n té naċ ḃ-fuil ċo fios¬
aċ uirre. Buḋ ċóir doiḃ a ḃeiṫ cineal¬
ta, ceannaṁuil & foiġideaċ leis na n-
daoiniḃ óga, 'nuair d' ḟeuċainn siad le
níḋ airbiṫ do scríoḃaḋ. Ní féidir le
naoiḋneán siúḃal gan fóġluim, & ní féi¬
dir le scoláire an Gaeḋilig do scrioḃ¬
aḋ muna ḃ-fáġann sé cuideaḋ ó na n-
daoiniḃ a tá níos fóġlumṫa innṫi 'ná
tá sé féin. Ní'l fear óg airbiṫ ċo diṫ¬
ċéilliḋe & go n-glacfaḋ sé fearg le dui¬
ne a ṫaisbeánas do go ciuin & go ciall¬
ṁar naċ ḃ-fuil se ceart in a ċuid oibre,
aċt, air an láiṁ eile, masluiġ é, cáin é,
caiṫ droċḃeas air a obair, & béiḋ náir¬
e ċo mór air a's go g-caiṫfiḋ sé suas
an obair go h-iomlán — béiḋ sé mar ċoi¬
leán óg a ċailleas a ċeud ṫroid & a tá
'nna ċlaḋaire go deo.
Támaoid uile óg ins an Gaeḋilig fós
támaoid mar daoine ag fóġluim snáṁ,
& muna d-taḃramaois cuideaḋ do ċéil¬
e, is doiġ liom go raċfamaois uile a n-
ioċdar, & an Gaeḋilig air ar mullaċ.
Ma tá mian aig Éireannaiġiḃ an Ga¬
eḋilig do ċongḃáil beo, is ins an g-cine
a tá anois ag fás suas a tá a n-dóṫ¬
ċas, & muna g-cuirfiḋ siad a n-guala
leis an roṫa tá laeṫe na Gaeḋilge
geárr, oir do eugfaiḋ sí leis an g-cine
daoineaḋ a tá 'nois aig meaṫad, & a
deirim airís, gur ċóir do na daoiniḃ a
tá fóġlumṫa ins an d-teangain gaċ níḋ
a tá in a g-cumas do ḋeunaḋ ċum na
n-daoineaḋ óga do ṫarruing amaċ ins
an deáġ-obair.
Aig tráċd air an g-cúis so, saoilim
da g-cuirfea air leiṫ duileog no ḋó de
do ṗaipeur, & litreaċa ó na scoláiriḃ
do ċlóḃualaḋ ionnta, naċ m-beiḋeaḋ
caill airbiṫ deunta, aċt maiṫ ṁór : na
litreaċa so a ḃeiṫ clóḃuailte mar do
ṫuiteadar ó ṗeann gaċ duine — ceart no
mí-ċeart, is cuma é — & aig deireaḋ
gaċ litir nóta beag uait féin aig tais¬
beánaḋ do'n úġdar na h-earraide ins
an obair. Air an doiġ so béiḋ bealaċ
aig na scoláiriḋe teagasg d'ḟáġail leis
an Gaeḋilig do scríoḃaḋ go ceart, naċ
féidir le mórán dioḃ d'ḟáġail air ṁoḋ
airbiṫ eile, & le cuideaḋ mar sin ní
fad uainn an t-am in a m-ḃéiḋ scríoḃ¬
adóiriḋe maiṫe go leor againn.
Ag súil go m-béiḋ litreaċa do ṡaiṫ
agad ó do ċairdiḃ óga air an mí so,
mar freagraḋ air do ċuireaḋ,
Is me, go measaṁuil,
"Padruic."
THE NEW POSTAL LAW.
On and after September 3rd. the Postmaster
General authorises postmasters at the various
money order offices to issue money orders with¬
out corrospondent advices, at a fee of three cents.
The note is given by the postmaster, and is made
payable to bearer at any office remitter may select
and also at the office of issue. The note is not
valid after having been issued three months ; al¬
though the money can be obtained after that time
by forwarding the note to the Superintendent of
the Money Order system, at Washington, paying
an additional fee of three cents signing certain
papers, in accordance with the postal instruction.
A note can be procured for any sum ranging from
one cent to $4.99. No written application is
necessary for the same as was customary under the
old money order plan. There is no limit to the
number postal notes issued in one day payable
at the same Post Office. Persons procuring notes
are advised to carefully examine them to see that
they have been correctly filled up and stamped,
otherwise difficulties are possible in the way of
payment. The hour for transacting the new
postal order business are the same as under the
old system.
Every Irishman should get a copy
of the Dublin Gaelic Journal, its price
is only six shillings a year. It and the
GAEL are the only papers published in
the Irish Language.
