258
AN GAOḊAL
CÚIS NA h-ÉIREANN.
An Ċraoiḃín Aoiḃinn ro ċan.
Ní mian liom na daoine ċo millteaċ
a g-croiḋe
Naċ ḃ-fuil siad sásta le sean rud
air biṫ,
Ag aṫruġ'ḋ a g-cóṁnuiḋe gaċ h-uile
sean-dliġe
Gan saoileaḋ má's maiṫ no má's
aimideaċ í.
Is gráin liom an drong tá a ċoiḋċe
dá ráḋ
"Ní raḃ sa t-sean-aimsir aċ sgrios
agus cráḋ,
Do ḃí na sean-aimsire millteaċ a's
duḃ
Ní'l aimsir air biṫ mar an aimsir a
niuġ."
Is forus liom cruṫuġ'ḋ naċ ḃ-fuil
siad ceart,
'S naċ cóir é ḃeiṫ masluġ'ḋ an am
ċuaiḋ ṫart;
B'ḟeárr liom-sa ceud uair me féin
a ḃeiṫ beo
Anns na h-aimsiriḃ sin, 'na 'sna h-
aimsiriḃ seo.
Aċ ma's olc liom na daoine d'aṫró¬
ċaḋ gan fáṫ,
Gaċ uile sean-ċleaċtaḋ ḃí measaṁ¬
uil, trá;
Naċ d-tiúḃraḋ do ṡean-rud an meas
naċ buḋ ċóir,
(Mar ṫuilleann gan aṁrus an aois
onóir).
Ma's gráin liom an drong sin, is
measa fa ḋó
Na daoine do ḋearcfaḋ air ḃrón
a's anró
A tuitim go trom air an tír ó droċ-
dliġe,
S naċ n-aṫróċaḋ d'aiṁḋeoin a sean-
ṁillteaċais í.
Aċ feuċ! ní ḋeurfainn go m-bain¬
eann ann dream
A ḋiúltaiġeas d' Éirinn a ceart a's
a réim
Do ċeaċtar de'n taoiḃ sin do ċóṁ¬
airiġ me 'nois:
Téiḋ siad le ċéile ċum sinne do
sgrios.
An dream sin d'aṫróċaḋ gaċ sean-
rud gan suim
Ní aṫróċaḋ siad aon de na dliġṫiḃ
do ċreaċ sinn,
'S an dream sin ċongḃóċaḋ gaċ
sean-rud már ḃí,
Gaċ sean-ḋliġe ḃí tairḃeaċ sgaoil
siad í.
Ciḋ 's áiḋḃeul a náiṁdeanas eator¬
ra féin
A's ṡaoilfeá naċ raċfadaois ċoiḋċe
le ċéil',
Ní raḃ san dá ċuid sin aċ aon ċuid
aṁáin
Anns gaċ rud a ḃaineas le leas ar
n-oileáin.
Ní h-ionġantas liom-sa na Sacsan¬
aiġe sin
Do ḃeiṫ mar do ḃiadar le ċeiṫre
ċeud bliaḋain,
Buḋ Sacsa a g-cóṁnuiḋe ar náṁaid
is teo,
A's béiḋ sí ar náṁaid a ċoiḋċe 's
go deo.
Aċt is ionġantus mór é, is ionġan¬
tus mór,
Trá ḃ-fuilmid ag cromaḋ fa neart
eagcór'
Uaisle na h-Éireann ḃeiṫ fanaṁain
ċo marḃ
Ċo marḃ le cloċaiḃ, ċo boḋar 's ċo
balḃ.
Is ioġantus mór é, is ioġanuis mór,
Naċ n-árdóċaḋ siad ċoiḋċe a n-glór,
Go cneasta, maċánta, onóraċ, mar
is cóir
Air son a d-tír' féin tá a dórtaḋ
na n-deor.
Aċ feuċ, 'na ḋiaiġ sin, ní cóir dam
a ráḋ
Gur ioġantus mór é trá tuigim an
fáṫ,
Fíor-uaisle Éireann, mo ċreaċ a's
mo leun!
Is measa dúinn iad 'na na Sacsan¬
aiġe féin.
Fiafróċaḋ do'n Tiġearna ta Sac¬
sanaċ, 'nois,
