AN GAOḊAL.
265
Ḃeiḋeaċ sé stuacaċ go leor 's ċloiseaċ an saoġal é.
An Ċailleaċ.
Sul ránnga ṫu-sa ċugam, is minic do léiġ mé,
Air Iób do ḟuilling ann mórán de ṗéine,
Ḃí piasta 'gus gearba, carra 'gus laḋair air,
Fuair sé na flaiṫis d'a ḃ-ḟarra na faḋainne,
Áit ḃreáġ ḃeannuiġṫe mar ṁeasaim ná raḋair-si.
An Siota.
Mar a ṫéiḋeann an peacaċ go páras ċoiḋċe,
An te tá beannuiġṫe béiḋ anċuid sliġe aige,
Más daor 's más damanta leanúint mo ṡliġe-si,
Le bliaḋain agus fiċe tá ifrionn líonta,
Agus ní ġlacfa siad me-si le uireasba sliġe ḋam.---
An Ċailleaċ.
A ṁaistín ṁalluiġṫe, malluċt mo ċroiḋe ḋuit,
Do liaiġ no do ṡagart ní ṫáin leat stríoca :
Ní ġaḃann tú 'n ḃeaṫa, 's gearrann tú críosdaiġ,
Is fágfaiḋ do ġníoṁarṫa in ifrionn ṡíos ṫú —
An Siota.
A ċaillaiġ, — éist, 's scuir do ráiḋte,
No cuirfead-sa ċúġat-sa cúrsa cráite,
Léiġ do stáir dam, a ġruasóir ġrána;
Agus mé aig feuċaint ort, air meisge 'sa b-ḟásaċ,
Nuair ḃí mé go dúḃaċfar aig iompar mála. —
An Ċailleaċ.
Dála 'n gnó sin ní gnó ró ḋaor é,
Mar is rud é go m-biḋeann dúil aig gaċ aon ann,
Ní ḟacas fós bean óg nó aosda,
Na ḋeunaċ a gnó díreaċ mar a ḋéinnim-si —
Ba ṁíle measa do ġníoṁarṫa féinig.
Aig seuna ċríost agus riġ-na-féile.
An Siota.
Feasta orm-sa, a ċailliġ, na tráċtuiġ,
Cuiṁne air do ṡliġe cam, neaṁġlan, táire,
Mar duḃairt Liúitear fadó leis an b-Pápa,
Nuair a ṫarruing sé 'nuas air ċúrsa náireaċ,
Agus é 'nn ṁanaċ árdásaċ an tráṫ aige. —
An Ċailleaċ.
Cé ċuireaċ spéis 'nna ġreiṫiḃ Liúitear?
Téiḋeann neaċ air an g-coill go m-buinne sciúirse,
Ċum a leanḃ a stiúire agus a ṁúine,
Is ró ġeárr an t-aṫair a ndiaiġ a ḟearg a ṁúċa,
Gur míle measa leis an leanḃ na 'n sciúirse. —
An Siota.
Na traċt, a ċailliġ air ṡlait no sciúirse,
Is miṫid iad a ḃeiṫ caite ó ḃara go rúta,
An lá na faḋaig an t-aṫair an leanḃ le múine,
Beireann sé a ṁallaċt 's cuireann ċum siúḃel é,
Aċt taḃair ċuġam-sa m'aṫair 's plae mé mo ċúis
leis.
(Le ḃeiṫ leanta.)
