280
AN GAOḊAL.
FÁILTE Ui ĊONAILL DO'N T-SRÁD¬
ḂAILE,
Le
Aoḋ Mac Doṁnuill.
Air na Sgríoḃaḋ a m-Beul-aṫ-fear-
faide, A. D. 1845.
Air ṁaidin Lá Bealtaine, air ṫulaiḋiḃ
's árdain,
Ċuala mé cárlaċ pléisiuir;
Ḃí fir 's mna ag cruinniuġ'ḋ 'r gaċ raṫ,
Ó Ḃóirce go h-Árd Ḃinn-eadair.
Gaċ óganaċ ḃreaġa ag reubaḋ na ḃ-fal
Is na cailíniḋ aluinn gleústa:
'S ma ċreidtear mo sgeul-sa ṡruiġiḋ
na garṫa
Gaċ oilean 's ait faoi 's ngréin ġil.
Ḃí fidil is clairsiġ, píobairiḋ 's dantaiḋ
Is dromaiḋ ós ard d'a b-plaosgaḋ;
Na leinḃ 'sna paisdiḋ a grad'ḋ na lama,
'S teinteaċ i m-barr an t-séiḃe.
Fuaimneaċ 'sna h-altaiḃ ó Ċorcaiġ go
Caṫearlín,
Le ceileaḃar agus smal eulaiṫ.
'S ní'l duine ó Áḋaṁ da ḃfeic'ḋ an la
sin,
Naċ measaḋ gur b'aṫraċ an saoġal é
Leis sin a ṫainig babóg air cuairt go
Droiċead-aṫ,
'S ba deise í ná Blaḋnuid 's deirdre,
'S ní fiosaċ dam raḋ cia aca de ṁnaiḃ
Múnab í Grainne Ṁaol í.
Duḃairt sí ós ard leo, cuiriḋ-sa failte
Roiṁe le slanuiġ Gaoḋaluiḃ;
'S ma cuidiġeann siḃ 'aiṫeanta is deiṁ¬
in na sgeulta,
Go d-tiocfaiḋ 'n Ċoṁ-ḋail go h-Eirin.
Ba goirid an spas go d-tainic na malra
Maiṫe Ċríc-Fail a n-éinfeaċt,
'S buḋ ṁór an t-aḋḃar straice gaċ
ċríċ-ḟear de'n naisiún,
Ag líonaḋ le blaṫ na sgéiṁe.
Ó Conaill in a lar, 's Ó Briain air 'laṁ
Mar Ṁaoise ag saruġ'ḋ Égipt;
No Iosúa ḃí laidir ag leagan na bpalais
Le stoirm is toirneaċ aḋarca.
Ċuala me gan aḋbal mar ġunnaiḋ da
laṁaċ,
Torann is raflaḋ neultaiḋ.
An ceileaḃair do áiriḋ ḃí aige sluaġ
Ṗarṫais,
Ag seinnm go h-árd sna speuraiḋ.
Ní'l duine ó Áran go Casan-an-ḟaṫaid
Naċ d-ṫainic do'n áit da deaġraḋ,
Ag cur milliún failte roiṁe luċt a
slánuiġ.
Go Dealgan na marc sna n-euċda.
Ní ċreidfinn go braṫ gur b'é so 'n cas,
Go ḃ-faċuiḋ mo ḋá ṡúil féin é,
Mur ṡaoil me gur Spainnaiġ a tiocfaḋ
le tarṫail'
Agus ḃeuraḋ ó ar naṁaid saor sinn,
Aċ anois ta me sasta 's mo ṁuiniġin
ró láidir,
As sgealan as lar ceart Ġaoḋail
ġlais;
Ċum ċuiduiġ in gaċ ġaḃaḋ leis an ríoġ¬
ruiḋ gan tar,
Go g-claoiḋfiḋ sé naṁaid Éire.
Aċ ma cluinntear an tasg so i Sac¬
sanuiḋ mar ṫarluiġ,
Béiḋ siaḋ go craiḋṫe buaiḋearṫa.
Ma ṫeasduiṫeann uaṫa rasuir ceann¬
aid siad cnab,
Le 'r croċaḋ in gaċ ait na méarlaiġ.
In sin tiocfaiḋ an bas go h-obann in a
n-dail,
Mar ṫainic an ṗlaiġ air Herod,
Béiḋ uaisle Inis-Fail go cinte i gCo-ḋail
Is béiḋ an Léig-Fail a béicneaḋ.
Éisdiġ, a ḃáird, le'r mian a ḃeiṫ traċt,
Air aisdiġ ró-ḃreaġa na nGaoḋluiḃ
'Sna leigiġ fa lar gan a ngníoṁa ċur
ós ard,
A dteanga ṁín, ḃlasta ḃur maṫara.
Is gearr uaiḃ an la le gcurṫar gaċ smal
Ó ċoillte ró-aluin, sgéiṁeaċ:
Béiḋ Éire mur buḋ gnaṫ le méid gein
is graḋ,
Is díbreoċar dail na d-tréatar.
H. Durnen, Tangipahoa, La.
The following incident shows with what affect¬
ion a sister views her brother. —
A woman's father, brother, and husband were
condemned to death, and it seems that she succeed¬
ed in obtaining a pardon for one of them — whom¬
soever she should name. Being asked which, she
replied —
Ġeaḃfainn fear a d-tom,
Ṫug m' aṫair tonn d'a aois;
Ċuaiḋ mo ṁaṫair ó ċlann
Is ní ḃ-fuiġinn aon dearḃraṫair ċoiḋċe.
