AN GAOḊAL.
287
Recent events add an increased interest to the foll¬
owing martial and patriotic song. All Irishmen most¬
ly are aware that it is “treason” to lilt much less to
sing it in that unfortunate country which Irishmen
love to call their own. It has, along with "God Save
Ireland,” been made the Natonal Anthem by patriotic
societies.
O'DONNELL ABOO.
Translated from the Original by A Maynooth Student.
Tá binn ġuṫ an aḋirc go glóraċ a géimneaḋ,
'Gus gáir-ċaṫ a síneaḋ go h-árd air an gaoṫ,
Ṫar Loċ Suilliġ tá'n treun laoċ go luaṫṁar a léimneaḋ
Aig na sluaġṫa 'n gleann Ṡaṁair i deifriuġ'ḋ gan sgiṫ;
Ṡíos ó gaċ sliaḃ go beo,
Treun ḟir naċ d-teiṫfiḋ gleo —
Brostaiġiḋ faoi ġlas-ḃrat ḃur n-gaisgiḋ, Aoiḋ Ruaḋ;
Bannaċ 'gus Galóglaċ,
Deifriġiḋ go claon aig caṫ —
Suas fá ḃur n-díl-ṫír, Ui Ḋoṁnaill Abú!
Feuċ Ua Néill, sgaiṫ na ḃ-flaṫ', ċum caḃair a ċlaonaḋ,
Lé mór-ṡluaġ gaisgiḋe 'gus toġa na ḃ-feaḋaim,
Tá míle eaċ borb in a roiṁ-rann i síneaḋ,
Faoi na marcaiġiḃ ó'n g-cluan a ḃ-fuil sruṫ Banna ann;
'S iomḋa an croiḋe ḃeiḋeas fann,
Faoi sgaṫ a ċulaiḋ-lann —
Beiḋ geur-ḃrón air náṁaid iad-ḟéin ḃí gan truaġ;
'Nuair cluinfear ar n-gáir-ġleo,
Sgriaċ air an t-sinneán teo,
A brosduġ'ḋ ċum díoġaltas, Ui Ḋoṁnaill Abú.
Tá 'n faol-ċú i n Ḋeas-Ṁuṁain aig ailleaḋ go fraoċraċ,
'S an t-iolraċ gan eagla a sgriaċ air an maġ:
Tá 'n sionnaċ air ṡráidiḃ a faire go caoċraċ,
Ní 'l duine le bagairt air beo air an ḃ-faiṫ ;
Fáisg uile láṁ go teann,
Tuaḋ-ċaṫ 'gus faoḃraċ lann —
Tóig orṫa trom-ḋíogaltas ceart agus luaḋ;
Beiḋ aca cráiḋteaċ sgeul,
Air ḋíl Clann na n-Gaoḋal,
'S air ṫreun Ċlainn Ui Ċonnaill, Ui Ḋoṁnaill Abú.
Sé 'n fíor-ċeart tá Clann Ċonaill cosaint ċo toilteaċ,
Na teallaiġe 's na h-altóir tá ansa d' ar g-croiḋe,
Tá lorg an náṁaid 'nn a ḃán ḟásaċ fuilteaċ,
Le lasair a d-teinte tá soilseaċ meaḋon oiḋċe;
Suas le gaċ laoċ mar sin,
'N g-cian ġleo ḃí agaiḃ roinn —
A Ċlann Ċonaill ḋílis, all-nearṫṁar faoi ḃruṫ;
Airiġeann an Sacsan feall,
Trom-ḃuilliḋe Clann na n-Gaoḋal —
Buail fá ḃur n-glas-ṫír, Ui Ḋoṁnaill Abú!
