290
AN GAOḊAL.
Vide Vol. VIII. No. 7.
p. 76
TEANGA NA h-ÉIREANN.
So gráin do na daoiniḃ, gan anam, gan croiḋe,
Naċ n-gráḋuiġeann teanga 'gus ceol ḃinn a d-tír';
So fuaṫ 'gus mí-ṁeas, do'n drong so a ċoiḋċe —
An drong sin tá líonṁar in Éirinn, — faraoir!
Oċ! cluinimse daoine, gaċ lá anns an mí,
Aig glaoḋaḋ go h-árd uim a d-tír-ġráḋaċt ṁór;
Aig caint air an m-bruid a ḃ-fuil Éire ḃ-fad faoi,
'S aig masluġaḋ a náṁad i n-droċ Ḃeurla go leór.
Tá 'n drong so a g-cóṁnuiḋe, (do réir a g-caint' féin)
'Na saiġeadóiriḃ treuna, 's na d-taoiseaċaiḃ fíor' :
Táid uile toileaṁuil le píce no cloiḋeaṁ
Do ṫarraing, go réiḋ, air son saoirse a d-tír'.
Táid go síoruiḋe aig gul, a's aig caoineaḋ, go geur
An scrios, a's an cráḋ, tá go trom air ar slioċt;
'Gus aig cáineaḋ an t-Sacsain, do ḋíbir, go léir
Ar muintir, a's d'ḟág sinn 'nn ár n-deoraiḋṫiḃ
m-boċt.
Buḋ ṁaiṫ leis an dream -so a d-talaṁ gan cíos, —
Buḋ ṁaiṫ leo a n-dliġṫe do ḋeunaḋ iad féin, —
Buḋ ṁaiṫ leo na tiġearnaiḋe ḃeiṫ díbirte síos
Ann áit, tá níos teo — giḋ is fad í ó 'n ġréin.
Aċt tráċt leis an drong so air ṫeangan a d-tír' —
An teanga do laḃair a n-díl sinsear fad ó —
An teanga buḋ ċóir a ḃeiṫ cáinte go fíor
Le gaċ Éireannaċ, buan, a's tír-ġráḋaċ, go deo.
Tráċt leo air sean aḃránaiḃ blasda na m-bárd,
Agus seinn doiḃ an ceol sin is binne 'san dóṁan;
Agus innis doiḃ sgeulta an am a tá ṫart —
'Nuair ḃí fóġluim na h-Éireann mar ṡolas an nóin.
Sé an freagra is dóiġṫe ḋuit d'ḟáġail uaṫa so :—
"Tá teanga ar n-oileáin 'nois marḃ go deo;
Tá 'n Beurla níos tairḃe ḋúinn — greamóċamaoid ḋó.
Tá againn aon teanga, — ní'l maiṫ anns an dó."
Mo ṫruaiġ! an drong so, — ní iongantaċ mar tá
Ár d-tír, a's ár muintir, boċt, íosal, a n-diú;
Ní iongantaċ go ḃ-fuil sinn faoi ḃrón 'gus mí-áḋ,
Gan meas a's gan urraim, gan onóir 's gan clú.
Is fíor iad na focla a deir an sean-ráḋ :—
"Biḋeann meas air na daoiniḃ a ṁeasas iad féin,"
Beiḋ muintir na h-Éireann faoi ḋroċ-ṁeas go bráṫ
Má leigfiḋ sinn teanga ar n-aiṫreaċaḋ uainn.
Is deas an rud saoirse, — ní'l aon níḋ ċo díl —
Is maiṫ an rud talaṁ gan cáin no gan cíos —
Is olc iad na tiġearnaiḋe, — aon ṁaiṫ ionnta, ní'l;
Is buḋ ċóir iad ḃeiṫ sáiḋte 'san ḃ-fairge síos.
