292
AN GAOḊAL
Agus dúinn-ne; 'san aiṫfrean d'orduiġ an Aon Ṁic.
An Siota.
Éist, a ċailluiġ liaṫ, is leaṁ í do ráiḋte,
Dá ḃ-faḋainn-si marḃ tú air ṁaidin a máireaċ,
'S go m-beurfuinn go d-ti 'n sagart ṫú ceangailte
mála,
Ní ḋeuraċ sé aiṫfrean duit gan airgiod láirṫeaċ,
Agus air ṫaoḃ an ċarṫanaċt ba searḃ leis tráċt air
An Ċailleaċ.
Is tú an siota tubuisteaċ, madarṁuil, millteaċ!
A g-cóṁnuiḋe aig masluġaḋ na sagairt 's ċléire,
Do ċeap an Aon Ṁic beannuiġṫe go fíor 'sa t-sao¬
ġal-so,
Ċum pósa & ḃaiste do ċóṁailliġ, 'peacaċaiḃ do ṡaora
A's do ċeap Sé sliġe ḃeaṫa d'a réir doiḃ.
An Siota.
Cad é'n t-sliġe ḃeaṫa ṫug Peaḋar dos na pápaiḋ?
Fearrannta, sléiḃte 's réim na dúiċe,
Iolṁaoin, ana agus cloṫra cluadaċ,
A ṁasluiġ go leor air ṗréiṁ ṡlioċt Liuitir,
Is feasaċ do 'n t-saoġal gur iad féin ba cionntaċ.
An Ċailleaċ.
A ṁic na malluċt, a scuire tú air aon-ċor?
Do ráite sgannalaċ, uaṫḃásaċ, éuċtaċ;
Cia ċonnarc easbog nó naoṁ 'r ṗréiṁ ṡlioċt Liuitir?
Pobal na díġeaċta; an drong sin feall;
Ċíḋfiḋ na h-ionnraic in iṫfrion daor iad;
Mar tá damnuġaḋ na mílte 'san m-bíobla Gall.
An Siota.
A ċailliġín ċoilligneaċ, ċrosta, niṁneaċ,
Táir aig punáil 'sa cosaċt a g-caṫaṁ na h-oiḋċe,
Sguirmid ar n-acran 's is bearrr dúinn réiteaċ!
Tár-éis a deir sagairte, cailleaċa 's cléire;
Gráḋ agus carṫanaċd geal anns go h-aen-nea',
'S é duḃairt iosa Ċríost uair féinig,
Bíḋeaċ an peacaċ ċo duḃ 's is féidir,
Iomíuiġeaċ sé orm-sa 's geala mé féin é,
Ḋá naoi, trí ċúig ó ṫúis na ċeudta,
Tá de ḃliaḋanta ó ṫriall Ṁac Dé orrainn;
Trócaire ó Ḋia ċugainn ;— 's iarmuid air aon air?
A ġrása feasda ċum maṫas do ḋeunaṁ,
Agus go g-cuire sé air ar leas sinn gaċ ló 's oiḋċe,
Agus gaċ cineaḋ-daona eile tá a guiḋe air.
CRÍOĊ.
Sin í siosma 'n ċailliġe agus an dailtín tréigṫe,
Agus í sgríoḃṫa síos 's an ḟírinne 's ḃréige;
Cuarduiġ go h-árd ó ḃár go cúl í
Agus fiafruiġ de ċáċ cia ca b'ḟeárr de'n g-cúpla.
ÉAMON Ui ĊAOIṀ.
