298
AN GAOḊAL.
CIA ṠÉ TOMÁS?
Bímse aḃus is ṫall in aoinḟeċt,
Bím sileaċ suadraċ, gluaisaċ, sgaoiltaċ
Is luaiṫe me na fuadaċ gaoiṫe,
Le d-tógfar ó'n loċ an faoilean.
Is luaiṫe mo ċos na poċ ar maoilean,
Is luaiṫe me na ruaṫar taoide,
Is luaiṫe mé na long air ṁín ṁuir,
Da ḃ-feaḃas a seólta sa cóir gaoiṫe.
Is luaiṫe mé na éin ó ċraoḃaiḃ,
Is luaiṫe mé na éisg a líontaiḃ,
Is luaiṫe mé na spéir na finne,
Is na 'n rae san aer san oiḋċe.
Is luaiṫe mé na fiolar is na faolċon,
Is luaiṫe me na eaċra diola,
Is na'n miolṁuiġe ag taḃart asgríobe ;
Anaṁ na g-con do ḃeiṫ ḋ'a sgaoile.
Teiḋim suas air ġualuin ríġṫe,
Bím 'na g-cóṁair air bord an ḟíona,
Bím 'na n-aice san leaba san oiḋċe,
Bím ag aisdar 'sag ṫaidioll na sliġe leo
Is teaċtaire maiṫ mé is tá mé dílis,
Beirim sgéala ó ṫaoḃ na g-críoċ liom;
Ní'l spéis i ḃ-fear no mnaoi agam,
An óg no 'n ársa, in árd no 'n ísiol.
Do ḃeirim an ḃonnaċ ó ól na g-cíoċ liom,
'San fear cróḋa ó na ṁnaoi liom;
Do ḃeirim ó'n m-banaltra an naoiḋean
liom,
Is ḃeirim an te do ṗós i réir liom.
Do ḃeirim an taṫair ó leanaḃ 'n ṁí liom'
Do ḃeirim a mac ó'n mbaintreaċ ċríona
Beirim an criċṫeaċ treiṫlag tinn liom,
Is beirim an laoċ is tréine gníoṁ liom.
Beirim an marcaċ liom dá ċaoin eaċ,
Beirim 'n teaċtaire ṫaisdolus sliġ' liom
Beirim an toiceaċ ó na ṁaoin liom,
Is beirim an boċt liom ḃíos dioliam.
Beirim liom maiġdean ḃraidġeal ṁionla
'San ḃean aosda ċráiḋteaċ, ċríona,
An t-ógánaċ ornaideaċ, aoigair,
Ó ḟiaġaċ, ó stro, ó ċeol is ó raince.
TOMÁS.
Féaċ
Sean Ḟocla Ulaḋ
No. 476.
New York, Dec. 12, 1883.
M. J. Logan.
I send the following old song think¬
ing you might insert it in An Gaoḋal.
The composer of it was Conor O'Rior¬
don, a native of West Muscraiḋe, Co.
Cork, who flourished, A. D., 1766. He
was a schoolmaster. DAVID DODD.
AISLING ĊONĊUḂAIR UI RIORDAIN.
Fonn — An Spealadóir.
Tráṫ 's tréiṁse ṫaisdiolas
Am ṫímċiollaiḃ saoġail,
O Raṫ Loirc * tré gaċ aċaran,
Go Laoi-ṡruiṫ a an éisg,
Go d-tárla a n-gaorṫaḋ gleanna glais
Na ḃ-feaḋḃa réiḋ ná'r crapaiġe,
Ba breáġṫe sgéiṁ dá b-faca-sa
De ċoilltiḃ na g-craoḃ.
Gáir ar ġéagaiḃ cantannaḋ,
Ba ḃinn ṁioċir séis,
Breáġaċt sgéiṁ 's daṫannaḋ
Air gaċ mion-alt de' n ḟeur;
Luċt páise peinne 's peannaide,
Gearrṫa créaċt 's galaraig,
A g-cás go d-tíġeaḋ ar dear'mad
Le h-aoiḃneas na n-eun.
Do ṫárlaiḋ taom dá ḋeasgaḋ ḋam,
Le 'r ṡíneas go fáon,
Is gearr gur éiriġ aisling ḋam
Le 'r ḃíogus tar éis;
Ṫainic reultan ṁalla-roisg,
Ba ċáḃlaċ, craoḃaċ, casda-foilt,
'S páisde caoċ na h-aice 'ci
Do ṁeallfeaċ an saoġal.
Is gráḋṁar séiṁ do ḃeannaiḋ ḋam
On cruinn-ġiolla caoċ,
'S a láṁ gur léig ar armaiḃ,
An rín-ċoilg ġéur;
Do ráiḋ an ḃeiṫ go carṫanaċ,
Ċur deárnaḋ fae na ċeal'gaḃ,
Gráin mo ċléiḃ a ḋartaire,
Ar do ṡaiġedaiḃ na déin.
A ġráḋ a laoiġ, 's a ċarid ċumann,
Díograis mo ċléiḃ'
Na fág mé an éagma's t-ainime,
Le h-ínnsint tar h-éis,
Air Petrie's A.I.M. No. 1206
Poets + Poetry of Munster
page 146.
