300
AN GAOḊAL.
See Irish American May 3, 1902. +
Gaelic Journal, June, 1899.
NUAḊ ĠORC,
An Séaṁaḋ la deug de'n deiċ ṁí.
Ċum Clódaire 'n Ġaoḋal.
A Ṡaoi, — Feuċ a ḃ-fuil an sgríḃin
so cosaṁuil le sgríḃin "Ġaḃán Saor."
Agus clóḃuail í; b' ḟéidir go n-aiṫneoċ
sé an dán so do ṫug sé ḋaṁ-sa. — mar
a ḃ-fuil me múġa.
"An Ġeilt i ġleann na nGealt."
Do ḃíosa lá aig ḃárr na g-cuan,
Do ḋearcas an stáidbean ṁánla uaim,
Ciuin-tais cráiḃṫeaċ, lán de ġruaim!
A caoine a gráḋ, 's buḋ ḃreaġ a duain:
Am ḃoċ! oċón! mo stóir gan fóireaċt!
Cúis mo ḃrón 's méidiuġ'ḋ m' osna!
D-ḟuig am ṡiġe-gaoiṫ gnocuiḃ,
Bliaḋain ó ló go céile.
Do ċaṫasa féin fad lae dá buaint;
Aig aṁarc 'saig éisteaċt le na duain;
Do ḋrideasa féin go séiṁ lé suas,
Do laḃras lé 's do léim sí uaim. —
Am ḃoċ! ocón! is sí buḋ snuiġṫe!
A cumaḋ, a taoḃ, a déid, 's a dluiġṫe!
A laḃar-ċrob-réiḋ fa ṁeuraib snuiġṫe;
A's buḋ ċosaṁuil a gnaoi le béineas.
Mar fuaireasa féin gur léim sí uaim;
'S naċ feadar an t-saoġal de'n taoḃ
'nar gluais;
Ṫainic criṫ orm féin & leun! mo-nuair!
Nuair do ċonnairc gur léim an spéir-
ḃean uaim.
Am boċ! oċón! ċuaḋas le fuinneaṁ;
Siar 's a niar tré ċnocuiḃ;
Go d-tiġ ċualas fuaim na finne.
A gcuaṫ na craoiḃe géire. —
Mar ċonnairc an t-seangḃean gur raḃ¬
as a buaint,
A's nár b' aireaċ liom an am í ḟáḋail.
Do léim sí go lom a nall ṫar tráḋ;
A's do laḃair sí liom go ciuin tais tláṫ:
Am ḃoċ! oċón! is baoṫ í m' osna!
A ḋuine gan ċéill cá-do h-éileaṁ orm!
Tá mo ḋianġráḋ fa ċré 's fa ċloċuiḃ!
Agus a ġráḋ ní ṫaḃarfuinn d'aenneaċ.
Is dealḃ an gnó dod' ṡaṁuil si ċuaiṫ;
Beiṫ cúṫaċ a ndiaiġ an contlaṁ fuar;
Tá 'san ṫeampoll seang 'san uaiġ;
Leac air a ċeann 'sa ġranndoll fuar —
Am ḃoċ! oċón! gaiḃ liom-sa feasda?
Tóg mar roġa me 's gaḃaim-se leat-sa,
'Nonn 'sa nall mar ḃḟaġam ár mbeaṫa,
Cnó air ḃárr coll agus caora —
Is geilt ḃoċt me 's ní'l spéis am ġráḋ;
A's air mo ċosa tá méisgiriḋe cruaiġ;
Go g-caiṫfeaḋ me seaċt saoġala g-
cuan,
Ní ḃeiḋ agum féin aon ṗioc de ṡuan! —
Ám ḃoċ! oċón! mo laoṫ faoi leacaib,
A ġualuiġ faoi 's cré air a leacuin!
A ḃeusa go léir 'nna gcleṫ leis marḃ!
A's go d-traoċdar an teaċ dá tréine.
EAMON Ua CAOIṀ.
An dara lá fiċead de ṁí an Ġeiḃreaḋ
'83.
Baile na Saiġeadóir, Condae
Montgomeriġ, OHIO.
A Ṡaoi Ionṁuin — Mar támuid i n-deir¬
eaḋ an ḃliaḋna ċuaiḋ ṫart as air d-tús
no g-ceann na bliaḋna seo ċugainn, air
an áḋḃar sin, tá mé aig dul mo ḟiaċa
d' ioc air ṡon An Ġaoḋail air feaḋ an
ḃliaḋain seo ċugainn; air an áḋḃar sin
do ċuir mé air aġaiḋ ċugat ċúig-ṗiġin-
deug agús trí fiċid, aisioc air son An
Ġaoḋail air feaḋ an ḃliaḋain so ċug¬
ainn.
Ní mór liom an luaċ sin, giḋ go ḃ-fuil
mé boċt, óir ní'l mé cíosadóir. Do ḃí
mé ag deunaḋ mo ḋíṫċioll aisioc do
ṫógḃáil suas ó ṁuintir na h-Éireann
san m-baile seo, aċt ní'l neart agam d'
ḟáġail fós. Tá brón orm do ráḋ, ní'l
siad tír-ġráḋaċ air biḋ.
Do bí mé fanaċt go foiġideaċ go ḃ-
feicfínn da d-tiocfaḋ liom airgiod do
ṫógḃáil suas do ṁuintir na h-Éireann
san m-baile seo, aċt níor ṫainic liom é
ḟáġail air aonċor.
Má ṫóigfiḋ tú mo ċóṁairle ní ċuir¬
fiḋ tú an Gaoḋal ó seo amaċ go aon
ḟear naċ g-cuirfiḋ airgiod agat.
Go mbud buan-saoġalaċ a ḃeiḋeas tú
féin agus an Gaoḋal.
M. J. Ua Culláin.
