AN GAOḊAL.
311
bun a ndiu gan pápéiriḃ leis an g-cúis
d' ḟoillsiuġ'ḋ agus a ḃrostuġ'ḋ in tos¬
aiḋ, aċ ní'l briġ i b-páipéiriḃ mar léiġ¬
fear iad agus is éigin íoc air a son
ċum go g-clóḋḃuailfiḋe iad. Uime sin
tá 'n bealaċ follas is ceart ḋúinn siú¬
ḃal. Da n-dearcfaḋ & da leanfamuis
deáġ-ṡompla an Aṫair Uilic de Búrc a
ḋiúl cíoċ na tír-ġráḋ' an oċrus Ṡeáġ¬
ain McHéil. Da n-deunfaḋ gaċ aon do
réir a neirt, buḋ geárr uainn aiṫ-ḃeo¬
ḋuġ'ḋ na Gaeḋilge. Ḃeirfiḋ caḃair
mar buḋ ċeart do'n n-Gaoḋal: léimfiḋ
páipéir Gaeḋilge suas ins na bailtiḃ
móra : ḃeiḋeaḋ fáisgein gnoḋṫaċ aig
cloḋḃual'ḋ leaḃairṫi Gaeḋilge: léiġfiḋ¬
e araon iad & stáir na h-Éireann;
smuainfiḋe airṫi mar ḃí sí 'sa t-sean
am, nuair nar ċan a clann aċ Gaeḋilge,
treun, calma, saor — agus mar tá sí le
seaċt g-ceud bliaḋan — fá ḃruid 's dao¬
irse: ċiḋfiḋe gur ṫreoiriġ 'n Ġaeḋilig
spiorad na saoirse — gur ċuinniġ se
drilleog na saoirse beo i sgríoḃaḋ na
ḃ-fear a ḃí air an taoḃ amuiġ de'n sc¬
onsa, nuair do ċrom na fir ḃí taoḃ as¬
tiġ ḋe a g-cinn faoi ċuing an t-Sacson¬
aiġ; & gur do réir mar ċaill sé 'n Ġae¬
ḋilig gur aṁlaiḋ a teannaḋ slaḃraiḋe
na daorsaċta airṫi. Ṫuigfiḋe as seo
naċ féidir naċ ḃ-fuil ceangal níos dl¬
uiġṫe na ṡaoiltear idir teanga & saoir¬
se na hÉireann. Taḃair do'n roinn sin
tuigsint, uair eigin, & beiḋ an deaġ-ob¬
air — saoirse ar d-teangan & ar d-tíre
leaṫ-ċríoċnuiġṫe
Le doiġ go m-beiḋ an Nodlaic & an
ḃliaḋain úr seo ċugainn suḃáilceaċ sé¬
unṁar duit féin 's do'n nGaoḋal, is
mé, Do ċaraid uṁal,
A. P. MacṀaird.
Asgríoḃaḋ 'n leitir seo fuair me dol¬
lar eile ġeaḃeas tú ainti mar faoisgrí¬
oḃaḋ ó Ṡeáġan UaDoṁnaill, Haselton.
An old woman, Mrs. Molloy, a native of the
county Mayo, in the neighborhood of Poolbaun,
died in this city last month at the advanced age of
105. She retained her mental faculties until the
last. She knew very little Englinsh.
The Irish World has opened a “crusading fund."
Send the GAEL to your friends in the
Old Country for 50 cents a year.
The following poem, written the day after the
"Night of the Big Wind,“ Jan., 1839, by the late
Mr. M. Burke, of Esker, Co. Galway, will be
perused with interest by many of our readers. Mr
Burke was a classical scholar. It will be contin¬
ued in our next.
I
Beiḋ oiḋċe an dá lá ḋeug
A g-cuiṁne grinn go h-eug,
'S iomaḋ mílte d' eug
A m-ḃailte, muir 's tír —
Oiḋċe gaoiṫe móir' í,
Oiḋċe slad 's dó í —
Ḋeun coillte, cranna stróca,
Agus obair dagan ṡeir.
II
Oiḋċe uailleaċ scréaṫaċ.
Ḟuaimeaċ, stoirmeaċ gaoṫaċ;
'S duine dall naċ léiġṫeaċ
Cúṁaċt' an Árd-riġ ṡuas —
An doṁan a leig a géimneaḋ,
Án ṁuir a gealtra, léimneaḋ,
Ainḃiḋ, duil 's eunlaiġ
A n-eagla agus a n-uaḃás.
III
An talaṁ air criċ le buaire,
Peacaiġe sgreada, 'g uaille,
Fad an ḃeagán uaire
Ṡiansal Dia a ġnuis —
Ṫug orduġ' ḋó don ġaoiṫe,
Séideaḋ láidir leiṫe,
Cloċa 's aill a reuba,
'S tiġṫe taḃairt anuas.
IV
Ní túisge duḃairt na briaṫruiġ
Na ṫagann áir ball i n-iarr í,
Cúmharṁar, fuilteaċ, fiaḋṫaċ,
Briseaḋ niḋ na tra —
An ṁuir ḟeargaċ, ṫréaṫaċ,
Cópáil leis na reulta,
'R éis na mílte ceuda
'N ḋuiḃiocán do ḃáṫ'
V
'S báṫ'aċ air fad an saoġal,
Mar ḃáiṫ fadó an dílle,
Eunlaiġ, beiṫiḋe 's daoine,
Aċ Noah fuaireaḋ fíor.
Muireaċ gur ċeap an t-Árd-riġ
Ṫórṫinn ins gaċ trá ḋíḋ,
Naċ d-treasnóċ go bráṫ ḋíṫ,
Aċ go gaḃṫaċ fanaċt siar.
See
Vol. XI.
page 25.
