AN GAOḊAL
313
Mr. O'CALLAHAN’S Address.
In sending the following Address, Mr.
O'Callahan observes. — "I notice in the
last Gaoḋal a desire to substitute a
more familiar name for the word Edi¬
tor. I hope the students will try hard
and solve the problem. I shall com¬
mence and address you.
"Úġdar an Ṗáipéir Ġaeḋilge,"
and, in conclusion, wishes the Editor,
Teachers and Students the compli¬
ments of the season.
We would earnestly request the Student's at¬
tention to the following Address. It exhibits the
natural, and the idiomatic, construction of the
language, and the sentiments which it seeks to
excite go to the very marrow of our existence.
Ní ṡe lá na gaoiṫe la na scolb, no ní
ṡé la 'n ġalar la na h-airiġe. Do réir
na m-briaṫra so, buḋ cearṫ ḋúinn maċ¬
tna go minic air ar g-críoċ ḋéiġionaċ 's
cionnas a ṡeasamuid a láṫair Dé.
Bíḋeann na daoine in amuiḃ s' Ame¬
rica imiġṫe gan tuairisg, is go luaṫ na
ḋiaiġ sin, sleaṁnuiġean as ar g-cuiṁne.
Ní'l beaṫa 'n duine air a talaṁ seo
aċ maidin 's tráṫnóna i g-comas leis 'n
saoġal a tá le téaċt. An te ċaiṫeann
an lá go maiṫ bíḋeann sé áṫasaċ air
ṫéaċt na h-oiḋċe, & mar an g-ceudna,
an te ċaiṫeas a ṡaoġál mar is cóir, ní
eagla ḋó bás no breiṫeaṁnas. Ca ḃ-
fuil Cromṁuil 's Herod, no ca b-fuil na
riġṫe 's na prionsaiġe treuna a ṁair le
n-ar linn féin? Is ro ḃaoġal liom go ḃ-
fuil siad le fada, 's go m-béiḋ go deo,
ins an áit úd naċ séideann gaoṫ gria¬
náin. Ta fear airiġṫe ainmniġṫe i leaḃ¬
ar na Fírine a raḃ maoin ṁór ṡaoġal¬
ta aige, 's buḋ gnaṫaċ leis cluas ḃoḋar
a ṫaḃairt do ġlór na m-boċt, aċt d'
éisteoċ'ḋ se go ciuin le cogar cealgaċ
na h-ain-spiride do bí ḋa ċuir amúġa,
aċ ṫainic uair an euga, 's do reir ceirt
ḃreiṫeaṁnais Riġ na Glóire tuga daor
breiṫ air, 's do ġlaoiġe se go h-árd is
go dian air an te úd a ḃí faoi ṫair is
fa ṫarċuisne 'n t-saoġail so bárr a
ṁéire 'ṫumaḋ inns a n-uisge ċum fuarúġ'
ṫaḃairt ḋó, aċ se 'n freagra fuar se,
go raḃ eudaiġe míne 's tora na tíre
air a ṫoil féin air fad a ṡaoiġil, aċ a
nois, 's fad' é a ṫéarma, go tartṁar
treileogaċ 'r feaḋna síoruiġeaċta. Ní
ḃíḋeann sonas no síoṫċán air na mall¬
uiġteoiriḃ in so, no ní ḃeiḋ go bráṫ in
siúd. O! mo Dia fliuċ mo ċroiḋe le
searc ḃraon ó ṡruṫ na n-grása, 's taḃ¬
air dam ceol naoṁṫa ċum do riar a
ḋeunaḋ, anos & go bráṫ. A ṁic mo
ċroiḋe, na meall ṫú ḟéin le saoġal fa¬
da, aċ smuain 'r maidin go mb'ḟéidir
duit a ḃeiṫ marḃ faoi 'n oiḋċe; & air
ṫéaċt na h-oiḋċe, na geall duit féin éi¬
riġe 'n lae. D'a ḃriġ sin, na scap d'aim¬
sir go fuar, failliġeaċ, aċ deun do ḋiṫ¬
ċioll a ḃeiṫ air ṫaoḃ na gréine lá an
ḃreiṫeaṁnais ṁóir. Árduiġ do ċroiḋe
suas air Neaṁ, & guiḋ na mílte buiḋ¬
eaċuis le Dia a ṫug beaṫa na naoṁ
mar ṡomplaḋ ḋúinn. Ḃídar-san in eas¬
ḃa neiṫe maiṫe 'n t-saoġail seo, aċ ḃíḋ¬
dar lán ṡaiḋḃris i g-caradas dílis Dé.
Taḃair faoi n-dearḃ, nuair a ḃíḋeas
an t anam ag triall suas go m-biḋeann
an ċolan d'a ċaṫaḋ síos. Bí calmac
air an uair sin, 's na leig do 'n t-sean
ṗéist ġrána buaiḋ ḃreit ort. Troid go
fearaṁuil, 's gaḃ dod' ċosa air a náṁ¬
uid a ḃíḋeas a g-coga leat. Bí deiṁ¬
neaċ an te smaċtuiġeas an ċolan ann.
seo le gráḋ do Ċrísda, go d-ṫiúrfar
dualgas sár-líonṁar ḋó, na ḋiaiġ seo,
a ríoġaċta na b-Flaiṫis. A ḋearḃra¬
ṫair, na cuir do leas air cáirde, oir tá
lá an ċuireaḋ i bagairt orrainn go léir,
na sguir ó 'n obair ṁaiṫ trí leisge, 's
no abair go ḃ-fuil tú tuirseaċ dod'
ṡaoġal, aċ bí i saoṫar do ló 's d'oiḋċe,
i tuilleaḋ saiḋḃreas buan na b-Flaṫas.
Giḋ go m-beiḋṫeá d'árd-riġ na cruinne
seo, 's ór 's airgiod an t-saoiġil in do
ṡeilḃ dílis féin, cad é an tairḃ ḋuit é
ma ḃiḋeann tú in eugmuis gráḋ Dé &
na g-cóṁursan? In gaċ niḋ, 's tair gaċ
niḋ, ḃí lán ċúramaċ i leas t-anama.
Fan go fóill beag, 's coisg ó ġearrán,
's mar ḃ'é ar g-cionnta féin é, éireoċ¬
aiḋ lá ġlórṁar orrainn fós ; lá buan;
lá gan baoġal; lá luaṫġáireaċ, i g-cuid¬
eaċda Naoṁ Uaisle Dé!
Send one dollar for the Gael for a year : you
g e Father Nolan's Irish English prayer book into
the bargain.
