AN GAOḊAL.
325
AN RAĊFUIĠ M'ANAM TRÉ ÉIRE.
I
A Ṡagairt a rúin! ta ḟios agam féinig,
Go ḃ-fuil m'anam aig sgarṫa ó m' ċolon boċt;
'S gur goirid go m-beiḋ mo ċnáṁa 'san g-cré síos,
Sínte in uaiġ coiṁiṫeaċ doṁain agus doċt.----
Aċt, a ṡagairt a rúin! an ḃ-feicfiḋ me air aon ċor,
Na cnoic 's na gleannta de mo ṫír ḋúċṫais ċaoin?
Nuair fagfuiġ m'anam an saoġal so duḃ brónaċ,
An raċfuiġ sí tre Éire a dul ċum na naoiṁ?
II
A ṡagairt a rúin! ṡuas ins na ḃ-flaiṫis,
Tá aingil 's naoiṁ aig braiṫ orm féin;
Agus tá ḟios aig Dia an dúil 'tá 'gam-sa,
Dul go d-tiġ an ríoġaċd sin imeasg na hanama glé.
Aċ guiġim ort. a ṡagairt, sul sgarfad ó'n saoġal-so,
An aṁrus a réidteaḋ atá fós air mo ċroiḋe;
A ndiaiḋ Dé, b'é mo ḋóċus go mbeiḋeaḋ ḟios agumsa
A raḋaċ m'anam tre Éire aig dul ċum a siṫ.---
III
A ṡagairt a rúin! do ċuingiġ me g-cóṁnuiḋe,
An t-seamróg ḃeannuigṫe le cur air mo ċré :
Agus is minic, is minic do ċuir sí am ċuiṁne,
An ċomar breáġ aoiḃinn sin ċó ḟad a g-céin.--
'Nis dam, guiḋim ort, an ḃ-feicfiḋ mé go deo 'rís,
An áit sin, breaġa, gur ḃ-ḟás sí 'san g-cria?
Nuair a ḃeiġ mo ċolan fuar air ṫalaṁ na ċoiṁiḋeaċ,
An raċfuiġ m'anam tre Éire ag dul ċum ar nDia?
IV
A leinḃ! ṡaoileas, le d' faguint an saoġal so
Gur buḋ ṁaiṫ leat dul ċum na Naoiṁ;
Agus is é sin an áit atá ainmnġṫe 'san ticeud so,
Aċt sigle ċum Éire cuirfiḋ mé le n-a ṫaoiḃ.----
Beiḋ do anam ċo saor le na gaoiṫe os-cion gleannta,
Cuirfiḋ mé go Corcuiġ tú air ḃruaċ na Laoi,
Agus ḋá aingil ḃeag a g-cóṁnuiḋe ad ṫeannta,
Ċum do ṫreoruġaḋ go réiḋ ċum do síṫ.
V
A ṡagart a rúin, ar féidir leat níos feárr a ḋeun'ḋ?
Aiṫniġim go maiṫ gur baoġal dam mo ráḋ,
Áċt má ṫaḃarfa tú air aon ċor mo ṫoil féin dam,
Ní raḋaiġ mé ċum leiṫid sin d'áit,
Aċt go Contae Daire in ar rugaġ 's d'óile mé,
Ameasg daoine macánta,--- a aṫair na ngrást,
Níor ṫaiṫniġ na Corcuiġeaċa liom 'san t-saoġal-so,
'Sní ait liom iad a taḋailiḋ nuair 'ta mé 'réis ḃáis.
VI
Léig me ċum na cnocuiḃ go m-beiḋ sult aig m'anam,
